Turas feithiclí seanré i ndíl chuimhne Nóra, a bhí ‘cineálta agus flaithiúil’

Tá sé beartaithe go ndéanfaidh ócáid an ‘Nóra Twomey Memorial’ ar an 14ú Bealtaine, ceiliúradh ar shaol na mná ó Bhéal Átha ’n Ghaorthaidh ó dhúchas a raibh ina ball ar feadh na blianta fada de Chumann Gluaisteán Seanré Mhúscraí
Turas feithiclí seanré i ndíl chuimhne Nóra, a bhí ‘cineálta agus flaithiúil’

Nóra Uí Thuama lena 1979 Toyota 30 in Inse Geimhleach. Grianghrafadóir: John Delea

TÁ siúlóid agus turas feithiclí seanré á n-eagrú i ndíl chuimhne ar bhean “lán d’fhuinneamh agus spraoi” a raibh aithne ó chian is ó chóngar uirthi don chion a bhí aici ar ghluaisteáin agus dá cuid flaithiúlachta do chúiseanna carthanachta.

Tá sé beartaithe go ndéanfaidh ócáid an ‘Nóra Twomey Memorial’ ar an Domhnach, 14ú Bealtaine, ceiliúradh ar shaol na mná ó Bhéal Átha ’n Ghaorthaidh ó dhúchas a raibh ina cúltaca i gcónaí ag turais ghluaisteán seanré agus ina ball ar feadh na blianta fada de Chumann Gluaisteán Seanré Mhúscraí.

Bhíodh Nóra agus a fear céile Donncadh Ó Tuama, ó Réidh na nDoirí, le fheiscint i gcónaí ag paráidí mórthimpeall cheantar Mhúscraí agus níos faide ó bhaile, le Nóra ina suí go mórálach mar thiománaí a húillín óir, gluaisteán 1979 Toyota 30, nó i ngluaisteán na lánúine trucail 1956 Ford 10.

“Bhí sí an-cheanúil go deo ar a cuid gluaisteán, idir nua agus seanré,” a dúirt a hiníon Mairéad Uí Chéilleachair.

“Ghlac sí páirt in iliomad turas gluaisteán seanré, agus bhíodh paráid Lá Féile Pádraig i mBéal Átha ’n Ghaorthaidh i gcónaí mar bhuaicphointe aici bliain i ndiaidh bliana. Ghlac sí páirt i bparáid Lá ’le Lachtaín i gCill na Martra gach bliain, agus sa pharáid i Maigh Chromtha chomh maith, agus is iomaí dlúth-chairde a bhí aici féin agus Daid i gCumann Gluaisteán Seanré Mhúscraí.”

Beidh cairde ó chian is ó chóngar i gcroílár turas na ngluaisteán seanré agus na ngluaisrothar Honda 50, a thaistealóidh ó CLG Chill na Martra go Béal Átha Leice agus ar ais ar an 14ú Bealtaine, ag gabháil tharais tígh Nóra agus Donncadh i Réidh na nDoirí. 

Tarracóirí seanré

Fágfaidh tarracóirí seanré ó CLG Chill na Martra chomh maith agus raghaidh siad siúd trí Réidh na nDoirí leis ar a slí go Inse Geimhleach, Droichead na Toinne agus ag filleadh ar Chill na Martra arís, le rogha bealaí lúibe 5km nó 10km ó Chill na Martra ag na siúlóirí.

Raghaidh an t-airgead ón ócáid go dtí Ospís agus Ospidéal Ollscoile Marymount, áit inar fuair Nóra cúram den chéad scoth, a dúirt Mairéad. “Bhí an cúram a fuair Mam i Marymount go hiontach ar fad, agus theastaigh uainn rud éigin a thabhairt ar ais anois.

“Throid sí i gcoinne na hailse ar bhonn chomh dearfach agus níor ghéill sí riamh. Bhíodh meangadh gáire i gcónaí ar a haghaidh aici agus bhíodh sí dóchasach muiníneach beag beann ar cad a bhí ag tarlú.

“Bean thar a bheith cineálta agus flaithiúil ba ea Mam, a thug go fial chuig an oiread sin carthanais agus feachtais bailithe airgid. Thacaigh sí le gach rud,” a dúirt Mairéad.

Bhí sí “lán d’fhuinneamh agus spraoi. Las sí suas gach seomra nuair a shiúil sí isteach iontu agus bhíodh an t-am i gcónaí aici le haghaidh comhrá”.

Bhíodh cúrsaí stíle agus faisin an-thábhachtach do Nóra, bhíodh an CLG mar chuid lárnach dá saol agus “ba bhreá léi bheith ag freastal ar chluichí, chun bualadh le daoine idir óg agus aosta araon”, a dúirt Mairéad. 

“Ba mhór i gcónaí aici a clann agus a hualach mór cairde. Ba rí-shoiléir sin nuair a bhí sí breoite agus le linn na sochraide agus braitheann an pobal trí chéile uathu í. Táimid thar a bheith bródúil gur féidir linn a rá gurb í ár máthair í.”

Osclóidh clárú don ‘Nóra Twomey Memorial’ ar a 10.30rn ar an 14ú Bealtaine i bPáirc Uí Chuana, Cill na Martra, le feithiclí agus siúlóirí ag fágaint óna 12.30in. Beidh costas iontrála €20 in aghaidh na feithicle, agus ní hiarrfar ar shiúlóirí ach sintiús a thabhairt. Beidh soláistí, crannchur, agus ceol an tráthnóna sin i dTigh Uí Mhurchú, Cill na Martra.

  • Tuilleadh eolais: 086 3372942.

Read More

Ceol agus amhránaíocht Mhúscraí chun cinn le ceiliúradh 50 bliain RnaG tagtha go Baile Mhúirne

More in this section

Defence lawyer in Kieran Quilligan death trial says there is a 'big hole' in prosecution case Defence lawyer in Kieran Quilligan death trial says there is a 'big hole' in prosecution case
Gardaí in Cork appeal for help to trace whereabouts of missing teenager  Gardaí in Cork appeal for help to trace whereabouts of missing teenager 
Man accused of Kieran Quilligan killing set to seek bail Kieran Quilligan was allegedly lured to his death by one of the men accused of murdering him, court hears

Sponsored Content

Every stone tells a story Every stone tells a story
Absolute Property – Over a quarter century of property expertise Absolute Property – Over a quarter century of property expertise
Stay Radisson: Stay Sligo, Limerick, Athlone and Cork Stay Radisson: Stay Sligo, Limerick, Athlone and Cork
Contact Us Cookie Policy Privacy Policy Terms and Conditions

© Examiner Echo Group Limited

Add Echolive.ie to your home screen - easy access to Cork news, views, sport and more