Ceol agus amhránaíocht Mhúscraí chun cinn le ceiliúradh 50 bliain RnaG tagtha go Baile Mhúirne

Thuirling trí chór mar aon le scoth na gceoltóirí agus na n-amhránaithe ó cheantair Ghaeltachta na Mumhan ar Óstán Ghobnatan
Ceol agus amhránaíocht Mhúscraí chun cinn le ceiliúradh 50 bliain RnaG tagtha go Baile Mhúirne

An grúpa Baois, a bhí ag seinm le linn ceolchoirm in Óstán Ghobnatan, Baile Mhúirne, mar chuid de cheiliúradh 50 bliain RTÉ Raidió na Gaeltachta. Grianghrafadóir: Ger McCarthy

BHÍ ceoltóirí agus amhránaithe ó Ghaeltacht Mhúscraí i gcroílár na féile le ceolchoirm á óstáil ag RTÉ Raidió na Gaeltachta i mBaile Mhúirne mar chuid de cheiliúradh 50 bliain an stáisiúin.

Thuirling trí chór, mar aon le scoth na gceoltóirí agus na n-amhránaithe ó cheantair Ghaeltachta na Mumhan i gCorcaigh, i gCiarraí, agus i bPort Láirge, ar Óstán Ghobnatan an Aoine seo caite don cheolchoirm, á chur i láthair ag Sláine Ní Chathalláin agus á chraoladh beo ar an raidió, mar aon le sruthú ar ardáin na meán sóisialta de chuid an stáisiúin.

Cór Ban Chúil Aodha ar stáitse le linn ceolchoirm in Óstán Ghobnatan, Baile Mhúirne, mar chuid de cheiliúradh 50 bliain RTÉ Raidió na Gaeltachta. Grianghrafadóir: Ger McCarthy
Cór Ban Chúil Aodha ar stáitse le linn ceolchoirm in Óstán Ghobnatan, Baile Mhúirne, mar chuid de cheiliúradh 50 bliain RTÉ Raidió na Gaeltachta. Grianghrafadóir: Ger McCarthy

Bríd Ní Ríordáin agus Áine Uí Chuill, Cór Ban Chúil Aodha, a bhí mar chuid de cheolchoirm na Mumhan ag ceiliúradh 50 bliain Raidió na Gaeltachta.
Bríd Ní Ríordáin agus Áine Uí Chuill, Cór Ban Chúil Aodha, a bhí mar chuid de cheolchoirm na Mumhan ag ceiliúradh 50 bliain Raidió na Gaeltachta.

Dhein Dara Ó Cinnéide, bainisteoir réigiúin na Mumhan do RTÉ RnaG, cur síos ar an gceolchoirm mar “deis chun buíochas a ghabháil le pobal díograiseach lucht éisteachta Raidió na Gaeltachta atá tar éis tacú linn le 50 bliain anuas”.

Foireann ón gceoldráma 'An Tuairín Dubh', a osclóidh i mBéal Átha ’n Ghaorthaidh ar an 11ú Bealtaine.
Foireann ón gceoldráma 'An Tuairín Dubh', a osclóidh i mBéal Átha ’n Ghaorthaidh ar an 11ú Bealtaine.

Thug an ceolchoirm léargas ar shaibhreas na tallainne sna pobail Ghaeltachta i gCúige Mumhan, le ceolchoirmeacha comhchosúla eagraithe sna cúigí eile chomh maith.

Freastalaíonn Seosaimhín Uí Chuilleanáin, Baile Mhuirne, agus Eibhlín Uí Thuama, Béal Átha 'n Ghaorthaidh, ar cheolchoirm 50 bliain Raidió na Gaeltachta in Óstán Ghobnatan, Baile Mhúirne. 
Freastalaíonn Seosaimhín Uí Chuilleanáin, Baile Mhuirne, agus Eibhlín Uí Thuama, Béal Átha 'n Ghaorthaidh, ar cheolchoirm 50 bliain Raidió na Gaeltachta in Óstán Ghobnatan, Baile Mhúirne. 

I measc na n-aíonna a thug faoin stáitse ag an gceolchoirm bhí trí chór buaite gradam, Cór Fear na nDéise, Cór Chúil Aodha, agus Cór Ban Chúil Aodha, mar aon le hamhránaithe Máire Ní Chéileachair, Anne Mulqueen, Seán Ó Sé, Páidí Mhárthain Mac Gearailt, agus Mossie Ó Scanláin.

Freastalaíonn Peadar Ó Ceallaigh agus Eibhlín Uí Cheallaigh, Baile Mhúirne, ar cheolchoirm 50 bliain Raidió na Gaeltachta in Óstán Ghobnatan.
Freastalaíonn Peadar Ó Ceallaigh agus Eibhlín Uí Cheallaigh, Baile Mhúirne, ar cheolchoirm 50 bliain Raidió na Gaeltachta in Óstán Ghobnatan.

Muireann Ní Choileáin, Nóirín Ní Chríodáin, agus Kate Ní Mhainnín ón gceoldráma nua 'An Tuairín Dubh', a osclóidh i mBéal Átha ’n Ghaorthaidh ar an 11ú Bealtaine.
Muireann Ní Choileáin, Nóirín Ní Chríodáin, agus Kate Ní Mhainnín ón gceoldráma nua 'An Tuairín Dubh', a osclóidh i mBéal Átha ’n Ghaorthaidh ar an 11ú Bealtaine.

I measc aíonna Chorcaí ar an oíche bhí Matt Cranitch agus Jackie Daly le Caoimhe agus Eimhear Flannery, Muintir Mheachair ó Chúil Aodha, agus grúpa Mhúscraí Baois.

Freastalaíonn Máire Uí Chróinín agus a hiníon Eilín Ní Chróinín, Cill na Martra, ar cheolchoirm 50 bliain Raidió na Gaeltachta in Óstán Ghobnatan, Baile Mhúirne. 
Freastalaíonn Máire Uí Chróinín agus a hiníon Eilín Ní Chróinín, Cill na Martra, ar cheolchoirm 50 bliain Raidió na Gaeltachta in Óstán Ghobnatan, Baile Mhúirne. 

Freastalaíonn Síle Uí Chróinín, Béal Átha 'n Ghaorthaidh, agus Mairéad Mac an tSaoi, Cúil Aodha, ar cheolchoirm 50 bliain Raidió na Gaeltachta in Óstán Ghobnatan, Baile Mhúirne. 
Freastalaíonn Síle Uí Chróinín, Béal Átha 'n Ghaorthaidh, agus Mairéad Mac an tSaoi, Cúil Aodha, ar cheolchoirm 50 bliain Raidió na Gaeltachta in Óstán Ghobnatan, Baile Mhúirne. 

Mar chuid den cheolchoirm chomh maith bhí blúire ón gceoldráma nua An Tuairín Dubh, a osclóidh i mBéal Átha ’n Ghaorthaidh ar an 11ú Bealtaine, mar aon le páistí ó Scoil Náisiúnta Chúil Aodha, agus roinnt filíochta ó Dhámhscoil Mhúscraí.

More in this section

Nationwide hosepipe ban from Friday as Uisce Éireann says supplies coming under pressure   Nationwide hosepipe ban from Friday as Uisce Éireann says supplies coming under pressure  
Murder accused in Doneraile trial: 'There was no intent ... to do what happened' Murder accused in Doneraile trial: 'There was no intent ... to do what happened'
Funeral details announced for Cork DJ, Mark 'Beanzy' O'Brien Funeral details announced for Cork DJ, Mark 'Beanzy' O'Brien

Sponsored Content

"My master's at UL taught me that structured learning and a demanding career can coexist" "My master's at UL taught me that structured learning and a demanding career can coexist"
Three days of steam, music and heritage at the 62nd National Steam Rally Three days of steam, music and heritage at the 62nd National Steam Rally
How 50 years of innovation and investment have fuelled Bord Gáis Energy – and empowered Cork How 50 years of innovation and investment have fuelled Bord Gáis Energy – and empowered Cork
Contact Us Cookie Policy Privacy Policy Terms and Conditions

© Examiner Echo Group Limited

Add Echolive.ie to your home screen - easy access to Cork news, views, sport and more