Toibreacha beannaithe á n-oscailt don phobal

Toibreacha beannaithe á n-oscailt don phobal
Siobhán Ní Loingsigh ó Choiste Forbartha Réidh na nDoirí ag láthair péire báisíní 'Thobair Lachtaín'. Grianghrafadóir: Pet Uí Chonaill

TÁ dhá thobar beannaithe ársa a bhí i bhfolach faoi fhásra fiáin leis na blianta fada anuas oscailte suas don phobal anois arís a bhuíochas le hiarrachtaí ghrúpa pobail ar leith.

Tá 'Tobair Lachtaín', dhá bháisín i ngiorracht cúpla orlach dá chéile, greannta isteach i gcarraig in aice le sráidbhaile Réidh na nDoirí, agus de réir dealraimh cuimsíonn uiscí na mbáisíní sin leigheas do thinnis na súl.

Cé go raibh na toibreacha, atá tiomnaithe do naomh áitiúil na 6ú haoise Naomh Lachtaín, ina láthair mór oilithreachta agus paidreoireachta i gcuimhne na ndaoine, bhíodar imithe i léig go mór agus gan aon úsáid á mbaint astu go dtí gur thug Coiste Forbartha Réidh na nDoirí faoi mór-oibreacha athchóirithe le gairid anuas.

Beidh Aifreann á rá ag an sagart paróiste, an tAthair Risteárd de Brún ag marcáil athoscailt na dtoibreacha beannaithe an Domhnach beag seo (20ú Lúnasa), le comharthaíocht  curtha in airde ar bhóthar Bhéal Átha ’n Ghaorthaidh an L3402. Tá fáilte chroíúil roimh an pobal trí chéile freastal ar an Aifreann ar a 3in agus beidh busanna tointeála ar an lá ag iompar cuairteoirí ó thaobh Réidh na nDoirí agus Mhaigh Chromtha go láthair na dtoibreacha.

Cé go raibh clú na dtoibreacha imithe go mór i léig le blianta beaga anuas, bhíodh Tobar Lachtaín ina láthair bheannaithe iomráiteach go maith tráth dá raibh, áit ina dtabharfadh lucht oilithreachta faoi na ‘rounds’ cosúil leis na nósanna paidreoireachta a bhíonn le feiscint ag Aireagal Naomh Fionnbarra i nGuagán Barra agus i Reilig Ghobnatan i mBaile Mhúirne.

I dteannta lena gcóngaracht do shuímh oilithreachta eile na Críostaíochta i gceantar Mhúscraí, tá na toibreacha seo suite sa bhaile fearainn céanna le suíomh níos luaithe na nDraoithe, is é sin Gallán Chloch Eidhneach, a bhfuil aithne air go háitiúil mar ‘Altóir na Tine’ (The Fire Altar), ag seasamh 20 troigh ar airde. Creidtear gur bhain na draoithe ársa úsáid as an gcloch ollmhór seo le haghaidh tinte deasghnácha, lena n-áirítear iad sin mar chuid d’fhéile na Bealtaine agus na Samhna.

De réir cuntais faoin gceantar a scríobh fear ó Chloch Eidhneach, Conor Murphy in iriseán Chumann Staire agus Seandálaíochta Chorcaí in 1898, “is cosúil go bhfuil na traidisiúin a bhaineann le ham iargúlta agus sean-chaite fós mórthimpeall na háite seo ar bhonn mistigh, le himeacht na gcéadta bliain.” 

Lean sé air: “Anseo deirtear linn go mbíodh a gcúirt ag draoithe na sean-bhreitheamh, áit ina gcuirtí forógraí uile an stáit in iúl do na sluaite a mbailíodh ann, áit ina shocraítí aon agóidí idir-threibheach, agus ina mbailítí íocaíocht an chíosa a bhí dlite uathu chuig an bhflaith nó gearrtha orthu mar fhíneálacha ag na breithimh."

Ba chóngarach don láthair réamh Chríostaíochta seo agus a reilig a bhunaigh Naomh Lachtaín a shéipéal i lár na 6ú haoise in aice le slí ársa Bealach Feabhradh, agus sonraíonn Murphy tar éis a glanadh an reilig faoi orduithe an chléir, thart ar an mbliain 1835, go bhfuarthas tuamaí ann ag cuimsiú daingin faoi thalamh, nó dumaí.

De réir ailt níos luaithe a d’fhoilsigh Murphy san iriseán staire céanna sa bhliain 1895, thug an séipéal nó cill a thóg Lachtaín a ainm do pharóiste Chill na Martra, martra ag tagairt d’iarsmaí an naoimh a bhí caomhnaithe ann tráth agus creideadh go raibh cumhacht an leighis acu, ag déanamh láthair oilithreachta ceiliúrtha as an áit.

Tá cumhdach taisí cré-umha agus airgid na 12ú haoise ‘Lámh Lachtaín’, a deirtear a chuimsíonn roinnt cnámha de chuid an naoimh, á choimeád anois san Ard-Mhúsaem i mBaile Átha Cliath.

Rugadh Lachtaín thart ar an mbliain 550 i gCo Chorcaí, agus tugtar urraim dó chomh maith sa Domhnach Mór, i gCo an Chláir, agus i gCill Chainnigh, áit ina bhfuil Tobar Lachtaín eile ann fós agus deirtear go bhfuil buanna an leighis i dtaobh tinneas na súl san áit sin chomh maith. Cailleadh Lachtaín sa bhliain 622 agus bíonn a lá fhéile á cheiliúradh ar an 19ú Márta, nuair a bhíonn Aifreann i nGaeilge agus paráid i gCill na Martra.

Níl aon rian de bhun-shéipéal Lachtaín le feiscint níos mó, é réabtha ag na Lochlannaigh, atógtha agus tréighthe ar deireadh sa 16ú haois.

Ach i measc go leor umar agus iarsmaí atá gafa leis an suíomh, dúirt Murphy i dtaca le Tobar Lachtaín go raibh gach seans ann go rabhadar “ar na nithe is suimiúla dá leithéid a fuarthas in Éirinn, toisc nach bhfuil aon ní cosúil leo faighte sa tír go dtí seo”.

Ag trácht dó go raibh Lachtaín oillte i gceird an tsaoir chloiche, dúirt sé go raibh na toibreacha greanta síos isteach sa dlúth-charraig.

Dúirt sé go raibh cuth fíor-chruinn ar na toibreacha, go rabhadar ar chomh-mhéid, agus cosúil le chéile i ngach slí, thart ar 3 throigh domhain le trastomhas 18 orlach, agus falla 4 orlach eatarthu.

Ó thaobh ealaíonta dúirt sé gurb comharthaí na foirfeachta iad, ag rá go bhfuilid curtha i gcrích ar bhonn chomh críochnúil sin nach féidir aon rian a fheiscint de na huirlisí a n-úsáideadh chun iad a dhéanamh.

Rud ar leith a nascann iad ná cé nach bhfuil aon fhoinse soláthair nó sceite infheicthe acu, bíonn siad lán le huisce an bhliain ar fad, fiú i rith séasúr is tirime an tsamhraidh.

Fiú sa bhliain 1895, dhein Murphy tagairt do láthair na dtoibreacha a bheith caillte go dtí 1851, nuair a deirtear go bhfaca bean ó Chiarraí fís agus í ar cuairt sa cheantar.

Dúirt Murphy: “Dhein sí cur síos chomh cruinn sin ar láthair na dtoibreacha gur éirigh le m’athair, John Murphy, a raibh meon aigne ársaitheora aige, dul díreach chuig an áit agus d’aimsigh sé iad.” Dhein sé cur síos ar an gcaoi ina raibh na toibreacha clúdaithe le luachra agus líonta isteach le clocha beaga réidh agus dúirt sé go raibh an áit ina láthair oilithreachta arís nuair a thángthas orthu athuair.

Cuireadh cros in airde sna 1950aidí chun láthair na dtoibreacha a mharcáil go dtí an babhta seo d’oibreacha athchóirithe ann, arna mhaoiniú ag SSE Airtricity, Comhairle Contae Chorcaí, agus forbróir fuinnimh ghaoithe Michael Murnane.

Bhí roinnt mhaith feachtais bailithe airgid go háitiúil chomh maith, lena gcuid ama á dtabhairt ar bhonn deonach ag muintir na háite chun tabhairt faoin obair ghlantacháin agus gairneoireachta ann. Ní bheadh an togra seo curtha i gcrích in aon chor gan an suíomh féin agus rochtain ar an suíomh tugtha don phobal ag uinéirí talún John O’Connor agus Colm O’Leary.

In ainneoin nach bhfuil ach cúpla orlach eatarthu, deirtear go gcuimsíonn an dá thobar ag láthair bheannaithe Naomh Lachtaín uisce le dathanna difriúla, ceann acu le cuma glas ar an uisce agus cuma donn ar an uisce sa cheann eile acu.

Cé go bhfuil an láthair á ceilt faoi fhásra agus é deacair teacht uirthi le blianta beaga anuas, lean roinnt oilithrigh díograiseacha, ag taisteal ó chian is ó chóngar, ar aghaidh ag trasnú talamh garbh go maith sa tóir ar bhuanna leighis iomráiteacha an uisce, go háirithe i dtaca le tinnis na súl.

I measc traidisiúin áitiúla eile a ghabhann leis na toibreacha áirítear na hiarmhairtí forleathana i leith frog a aimsiú san uisce. Labhair Seán Ó Mocháin, ball de Choiste Forbartha Réidh na nDoirí, a d’athoscail an láthair, faoi scéal a chol ceathrar féin Peggy Vaughan, bean a d’athraigh a saol go hiomlán mar thoradh ar eachtra ag láthair bheannaithe na dtoibreacha.

“Bhíodh sean-nath cainte ann a deir dá bhfeicfeá frog ann go mbeifeá beannaithe agus deirtí i gcónaí gur chreid sí go láidir sa mhéid sin ina hóige.

“Deirtí dá mbeadh frog san uisce go raghfá le hord rialta, agus dhein sí. Chonaic sí an frog anseo nuair a bhí sí ina múinteoir, thart ar 21 nó 22 bliain d’aois, agus tá sí fós le hOrd na Trócaire i mBaile Átha Cliath. An Siúr Philomena an t-ainm atá uirthi agus tá sí thart ar 80 bliain d’aois anois.” “B’iontach an creideamh a bhí ag a máthair chomh maith. Na sean-daoine ar fad, bhíodh an-chreideamh acu i leith an tobair seo,” a dúirt sé, ag rá chomh maith gurb í bean áitiúil Nellie Leary a thugadh aire don láthair tráth, ba lena muintir siúd an talamh ann.

“Bhíodh triúr bean ó Réidh na nDoirí a théadh ann chun na rounds a dhéanamh an chéad Chéadaoin de gach mí – Mrs Galvin, Hannah Leary, agus Mrs Lucey ón siopa Réidh na nDoirí.” Cé go gcaitheann roinnt cuairteoirí boinn airgid isteach sna toibreacha, tugann gearrthacha doimhne sa charraig léargas ar dheabhóid na mblianta fada atá imithe, nuair a bhaintí úsáid as cloch chun deireadh gach ‘round’ a mharcáil. Mar chuid den round gairid traidisiúnta a dheintí ag an láthair seo bhíodh cúig ‘Sé do Bheatha Mhuire’, cúig ‘Ár nAthair’ agus cúig ‘Glóir’.

Cé nach ndeintear na rounds ag an láthair bheannaithe seo níos mó, tagann oilithrigh ann fós ag guí chuig naomh patrún an pharóiste agus chun a súile a ní le huisce na dtoibreacha, in ionad an t-uisce a ól mar a deintear ag láithreacha beannaithe eile.

Deirtear go mbaineann athaimsiú na dtoibreacha sna 1800aidí le bean ó Chiarraí, aintín le fear ó Réidh na nDoirí, Neily Sheehan, agus deirtear go háitiúil gur chneasaigh an t-uisce beannaithe ann fadhbanna radhairc a bhíodh aici.

Creidtear go bhfuil an tríú tobar tiomnaithe do Lachtaín ann go fóill, áit éigin i ndúthaigh Chloch Eidhneach.

More in this section

Sponsored Content