Oidhreacht cheoil agus chultúrtha Ghaeltacht Mhúscraí curtha i láthair i dtaispeántas buacach uile-Éireann

Insíonn an taispeántas, a bhuaigh craobh uile-Éireann Scoraíocht i gCaiseal i mí Eanáir, scéal eisimircigh ag filleadh ó Mheiriceá ar a chéad turas abhaile ar Éirinn le 40 bliain anuas
Oidhreacht cheoil agus chultúrtha Ghaeltacht Mhúscraí curtha i láthair i dtaispeántas buacach uile-Éireann

Glacann Mairéad Ní Cheallacháin agus Mila Ní Shuibhne páirt i ndráma ‘Fáilte Abhaile’, a bheidh ar stáitse san Ionad Cultúrtha i mBaile Mhúirne ar an 11ú agus 12ú Márta. Grianghrafadóir: Don MacMonagle

TÁ foireann áitiúil aisteoirí, ceoltóirí, rinceoirí agus amhránaithe ó aois ocht mbliana go seachtó bliain ag tabhairt a dtaispeántas stáitse buaite uile-Éireann abhaile go Gaeltacht Mhúscraí le dhá sheó á gcur ar stáitse acu san Ionad Cultúrtha i mBaile Mhúirne.

Beidh Fáilte Abhaile, scríofa ag Seán Ó Muimhneacháin agus Treasa Uí Scannláin, á chur ar stáitse ag baill de Chomhaltas Ceoltóirí Éireann Craobh Lachtaín Naofa, Cill na Martra, ar an Satharn 11ú Márta agus an Domhnach 12ú (7in). 

Insíonn an taispeántas, a bhuaigh craobh uile-Éireann Scoraíocht i gCaiseal i mí Eanáir, scéal eisimircigh ag filleadh ó Mheiriceá ar a chéad turas abhaile ar Éirinn le 40 bliain anuas.

Le cúnamh óna chuid gaolta agus comharsan tugann ‘Uncail Joe’ turas siar ar bhóithrín na smaointe, trí amhráin agus ceol Ghaeltacht Mhúscraí, mar aon le rince, agallaimh beirte, agus scéalaíocht.

Glacann baill de Chraobh Lachtaín Naofa Comhaltas, Cill na Martra, páirt i ndráma ‘Fáilte Abhaile’. Grianghrafadóir: Don MacMonagle
Glacann baill de Chraobh Lachtaín Naofa Comhaltas, Cill na Martra, páirt i ndráma ‘Fáilte Abhaile’. Grianghrafadóir: Don MacMonagle

Mar chuid den taispeántas seo, an dara taispeántas buaite uile-Éireann ag an ngrúpa i gcomórtas Scoraíocht ag leanúint ar aghaidh ó rath an taispeántais Aisling an tSeanduine sa bhliain 2020, tá amhráin ‘An Banbh’, ‘Mo Ghile Mear’, agus ‘Na Táilliúirí’, agus dhá amhrán cumtha ag Seán Ó Muimhneacháin, ‘Cill na Martra’ agus ‘Slán lem’ Dhúthaigh Féin’. 

Mar chuid den cheol tá foinn cumtha ag Connie O’Connell, Siobhán Ní Mhuimhneacháin, agus Máire de Búrca, iad go léir ó Chill na Martra.

Rinceoirí Abbie Ní Scannláin, Eoin Ó Céilleachair, Abbie Ní Shé, agus Finín Ó Conaill i ndráma ‘Fáilte Abhaile’, a bheidh ar stáitse san Ionad Cultúrtha i mBaile Mhúirne. Grianghrafadóir: Don MacMonagle 
Rinceoirí Abbie Ní Scannláin, Eoin Ó Céilleachair, Abbie Ní Shé, agus Finín Ó Conaill i ndráma ‘Fáilte Abhaile’, a bheidh ar stáitse san Ionad Cultúrtha i mBaile Mhúirne. Grianghrafadóir: Don MacMonagle 

Mar aon le léargas á thabhairt ar oidhreacht chultúrtha an cheantair, tá an dráma Gaoluinne, le foireann nach mór 40 rannpháirteach ann ó dhaltaí bunscoile go lucht pinsin, mar shlí chun baill an phobail Ghaeltachta a thabhairt ar ais le chéile tar éis na paindéime covid.

“Tar éis covid bhí sé go hálainn ar fad bheith in ann teacht le chéile arís agus rud éigin a dhéanamh mar ghrúpa pobail,” a dúirt stiúrthóir an taispeántais Treasa Uí Scannláin. 

“An rud is mó a chur ionadh orm ná an oiread scil agus talainne atá amuigh ansan agus chun gach éinne a thabhairt le chéile agus deis a thabhairt dóibh a gcuid talainne a thaispeáint bhí sé sin go hiontach ar fad.” 

Múinteoir bunscoile a bhain leas roimhe seo as rath i ngearr-dhrámaí a scríobh agus a stiúradh do chomórtais Coirm de chuid Gael Linn, dúirt sí gur “éacht ollmhór” a bhí ann do ghrúpa beag an Chomhaltais comórtas uile-Éireann a bhuachaint.

 “Bhí ualach ollmhór oibre i gceist leis, cé nach bhféadfainn obair a thabhairt air i ndáiríre,” a dúirt sí.

“Ba ghleoite an togra é a bheith páirteach ann agus bhí cur chuige thar a bheith dearfach ag gach éinne ina leith. Mar mhúinteoir agus mar Ghaeilgeoir ceapaim go bhfuil tograí dá leithéid seo thar a bheith tábhachtach toisc go bhfuil béaloideas, scéalaíocht, agus amhránaíocht ann a gcaillfear le himeacht na nglúinte mura bhfuil tograí da leithéid seo againn chun iad a thaifeadadh agus a choimeád beo.

Stiúrthóir Treasa Uí Scannláin: 'Foinn agus amhráin áitiúla ar fad atá sa taispeántas agus tá sé tábhachtach iad a thabhairt ar aghaidh don chéad ghlúin eile.'
Stiúrthóir Treasa Uí Scannláin: 'Foinn agus amhráin áitiúla ar fad atá sa taispeántas agus tá sé tábhachtach iad a thabhairt ar aghaidh don chéad ghlúin eile.'

“Foinn agus amhráin áitiúla ar fad atá sa taispeántas agus tá sé tábhachtach iad a thabhairt ar aghaidh don chéad ghlúin eile,” a dúirt sí.

Mar chuid den taispeántas, arna thacú ag Ealaín na Gaeltachta, Ciste Pobail Fheirm Ghaoithe ESB Chnocán an Phóna, agus Ciste Pobail Chomhairle Contae Chorcaí, tá ceol stiúrtha ag Méabh Ní Chonaill agus Nóra de Búrca, le foireann léiriúcháin a bhfuil Seosamh Ó Críodáin agus Bernie Uí Cheallacháin ina measc. 

Roimh an taispeántas féin an dhá lá beidh cur i láthair ó ghrúpa ceoil Mhúscraí Baois, agallaimh beirte, agus amhránaithe ó scéim Aisling Gheal.

Ní mór ticéid ar chostas €5 do dhaoine fásta agus €10 in aghaidh an teaghlaigh a chur in áirithe roimhe ré ar 026 45733 nó eolas@ionadculturtha.ie

Read More

Grúpa ó Ghaeltacht Mhúscraí sa tóir ar rath uile-Éireann ar stáitse Chaisil

More in this section

Man who stole charity collection box from Cork hotel bar jailed Man who stole charity collection box from Cork hotel bar jailed
Scales of justice and Gavel on wooden table and Lawyer or Judge working with agreement in Courtroom, Justice and Law concept 'It does break my heart': Judge reluctantly dismisses charges against suspected Cork drink driver
Cork’s Bishop Paul Colton has announced plans to retire Cork’s Bishop Paul Colton has announced plans to retire

Sponsored Content

Dell Technologies Forum to empower Irish organisations harness AI innovation this September Dell Technologies Forum to empower Irish organisations harness AI innovation this September
The New Levl Fitness Studio - Now open at Douglas Court The New Levl Fitness Studio - Now open at Douglas Court
World-class fertility care is available in Cork at the Sims IVF World-class fertility care is available in Cork at the Sims IVF
Contact Us Cookie Policy Privacy Policy Terms and Conditions

© Examiner Echo Group Limited

Add Echolive.ie to your home screen - easy access to Cork news, views, sport and more