Cnuasach Uí Mhuimhneacháin ag cosaint todhchaí an traidisiúin fhileata

Cnuasach Uí Mhuimhneacháin ag cosaint todhchaí an traidisiúin fhileata

Seán Ó Muimhneacháin, a bheidh a chnuasach ‘An tAgallamh Muimhneach’ á sheoladh ar an Aoine, 2ú Samhain ag Oireachtas na Samhna. Grianghrafadóir: Pet Uí Chonaill

Freastail ar cheann de na comórtais ardáin ag Oireachtas na Samhna i gCill Airne an tseachtain seo chugainn agus tá gach seans ann go bhfeicfidh tú saothar Sheáin Uí Mhuimhneacháin a chur i láthair ann.

Tá an líon gan teorainn d’agallaimh beirte, lúibíní, ceapóga, amhráin, agus sceitsí grinn cumtha ag an scríbhneoir ó Chill na Martra mar chuid intreach de bhailiúchán bliantúil na nGael, iad á gcur i láthair ag gach leibhéal, ag iomaitheoirí sinsearacha agus ag na daltaí bunscoile is óige.

Ach an tseachtain seo chugainn, tagann saibhreas an tsaothair fhileata cumtha ag an iar-mhúinteoir bunscoile ón stáitse díreach isteach i lámha na léitheoirí lena chnuasach ‘An tAgallamh Muimhneach’ á sheoladh ag an Oireachtas.

Ní hamháin go bhfuil foirmeacha véarsaíochta na n-agallamh beirte labhartha á gcur ar fáil ag foilsiú an leabhair, ach tá idir lúibíní, ceapóga agus amhráin saothair ann chomh maith, ar fad in aon leabhar amháin a bheidh ina acmhainn luachmhar do scoileanna agus do choláistí ach go háirithe.

Tarraingíonn na saothair ar théamaí traidisiúnta, le buille an sleáin ag gearradh trí mhóin nó tic-tac chasúr an ghréasaí ag tabhairt buillí rithimiúla do na hamhráin saothair. Ach feictear téamaí ar nós casadh an tsúgáin, obair tháilliúra, nó olann á chasadh le téamaí saothair níos nua-aimseartha.

Beidh ceann de na saothair is déanaí sa chnuasach a cumadh ‘Na Bádóirí’, mar shampla, á chur i láthair an tseachtain seo chugainn do lucht féachana an Oireachtais. Feicfear ann deartháireacha Uí Dhonnabháin ón Sciobairín, nó a dtaisí Gaeilgeora ar aon nós, ag úsáid rithimí na rámhóireachta i véarsa ríme agus iad ag canadh trasna an stáitse “ ag tarraingt mar mhadra”.

I bhfianaise gur déagóirí iad na ‘bádóirí’ ag cur an amhrán saothair seo i láthair tugtar le tuiscint go bhfuil todhchaí dearfach i ndán don traidisiún. Agus is féidir le daoine óga teach tar ábhar nua ó shean-traidisiún a bhuíochas le tiomantas agus díograis an iar-mhúinteora, ar thug a ghairm bhearta an chéad lasair a mhúscail a phaisean i dtaca le cumadóireacht véarsaíochta.

“Thosnaíos ag scríobh do na leanaí sa scoil mar ní raibh aon agallamh beirte ar fáil in aon téacsleabhar nó in aon áit eile ach an oiread,” a mhínigh Seán, a mhúin i Scoil Lachtaín Naofa i gCill na Martra agus i Scoil Náisiúnta Chúl a’ Bhuacaigh.

“Ghlacas leo mar áiseanna teagaisc an-mhaith agus bhaineamar úsáid astu i dtaibhiú stáitse agus le haghaidh Slógadh agus rudaí eile dá leithéid sin.

“Thugas faoi deara ar scoil nach mbíodh aon fhadhb riamh ag na leanaí iad seo a fhoghlaim de ghlan mheabhair, cé go mbíodh fadhbanna ann rudaí eile a fhoghlaim de ghlan mheabhair. Tugadh borradh muiníne dóibh nuair a fhéadfaidís seasamh suas i mbeirteanna agus iad a chur i láthair.

“An príomhrud ná, tá an Ghaeilge á fhoghlaim acu ar bhonn taitneamhach agus tá stór focal á fhoghlaim acu nach bhfaighidh siad mórán dá leithéid in aon téacsleabhar scoile.” Níos déanaí sa saol dó thosnaigh Seán, a d’fhorbair grá d’fhoirmeacha véarsaíochta fileata Mhúscraí ó bheith ag éisteacht lena leithéidí Diarmuid Ó Riordáin agus Peataí Thaidhg Pheig ar stáitse i gCúil Aodha sna 1960aidí, ag scríobh do dhaoine fásta. Sheas sé ar stáitse ag an Oireachtas don chéad uair sa Rinn i 1994, agus lean sé ar aghaidh ag taibhiú agus ag scríobh a ábhar féin ina dhiaidh sin agus ceapadh é ina Uachtarán an Oireachtais i 2017.

Mar a thugann an t-ainm le tuiscint, tarraingíonn an leabhar seo go mór ar fréamhacha Mhúscraí, sa chanúint agus i bhfoirm na véarsaí. “Tá sé ag cloí go mór le traidisiún na Mumhan agus le traidisiún Mhúscraí go speisialta,” a dúirt Seán, a d’fhoilsigh cnuasach eile dá chuid saothair roimhe seo i ‘Bígí ag Agallamh’ agus a chuid dánta agus amhrán i ‘Gleanntán an Aoibhnis’ sa bhliain 2011.

Tá an traidisiún áitiúil uathúil go maith, a mhínigh sé: “An tréith a bhíonn ag lúibín i Múscraí ná go gcanfá, déarfaimis ceithre líne, agus ansan bíonn dhá líne de phoirtín béil agus ansan déantar an líne nó dhó deireanach sa véarsa a athrá.

“Ní amhrán le curfá atá sa lúibín in aon chor. Ní mór go mbeadh coinbhleacht éigin nó ar a laghad comhrá idir an bheirt [amhránaithe]. Go minic ag an Oireachtas feictear lúibíní agus ní luibíní iad i mo leabharsa.

“Tá an cheapóg blúirin difriúil sa chaoi nach mbíonn agat ach líne amháin i ngach véarsa agus bíonn an poirtín béil agat roimhis agus ina dhiaidh, dá réir sin ní mór go mbeadh sé ar fad an-ghonta agus chuig an bpointe.” I dtaobh an agallaimh bheirte a scríobh is cuma má bhaineann sé le hólachán agus drugaí, nó argóintí idir an té a thaistealaíonn go mór agus an duine nár fhág a pharóiste dúchais riamh, dúirt sé: “Tá sé tábhachtach go mbeadh saghas éigin iomaíocht, troid nó díospóireacht nó argóint de shaghas éigin nó rud éigin conspóideach. San áit go n-éiríonn an argóint sách teasaí is féidir leis a bheith thar a bheith greannmhar, agus cuid mhór de na hagallaimh seo a scríobh ná an greann a fheiscint i ngach saghas cúinse.” An rud comónta sna foirmeacha véarsaíochta ar fad san agallamh Muimhneach ná gur fearr iad nuair a léitear os ard iad nó nuair a chuirtear i láthair ar stáitse iad. “Má léann tú os ard é léirítear níos mó den ealaín atá leis toisc go bhfuil na fuaimeanna, an chomhfhuaim inmheánach, agus an córas ríme á nochtadh ar fad,” a dúirt Seán.

“Is deas an rud é daoine eile a chloisint á gcur i láthair mar is ag an bpointe sin go gcuirtear beocht iontu.” Tar éis na blianta fada ag cumadóireacht dó, bheartaigh sé go raibh an t-am ceart tagtha anois chun an cnuasach seo dá chuid saothair a fhoilsiú, le cúnamh deontais ón gComhairle Ealaíon agus spreagadh mór óna iníon Siobhán, a dhein ceartú agus eagarthóireacht ar an leabhar.

“Dheineas é ar mhaithe leis an traidisiún a chaomhnú agus ionas go mbeadh sé ar fáil do scoileanna agus do choláistí don chéad ghlúin eile – agus b’fhéidir daoine eile a spreagadh chun an rud céanna a dhéanamh agus a gcuid saothar féin a chumadh,” a dúirt sé.

Seolfar ‘An tAgallamh Muimhneach’, le saothair ón leabhar á gcur i láthair, ar a 8:30in ar an Aoine, 2ú Samhain in Óstán an Brehon, Cill Airne.

Tá an leabhar ar fáil, ar chostas €25, ó shiopaí lena n-áirítear An Gadaí Dubh i mBaile Mhúirne agus ó na foilsitheoirí Oidhreacht Chorca Dhuibhne ag www.oidhreacht.ie

More in this section

Sponsored Content