Grúpa ó Ghaeltacht Mhúscraí sa tóir ar rath uile-Éireann ar stáitse Chaisil

Tá grúpa ceoltóirí, amhránaithe, aisteoirí, agus rinceoirí ó Ghaeltacht Mhúscraí sa tóir ar bhua uile-Éireann an deireadh seachtaine seo
Grúpa ó Ghaeltacht Mhúscraí sa tóir ar rath uile-Éireann ar stáitse Chaisil

Joe Mac Suibhne agus a gharpháistí Iarlaith agus Keely, baill de Chraobh Lachtaín Naofa CCÉ, a bheidh san iomaíocht do chraobh na hÉireann i gcomórtas Scoraíocht an Satharn beag seo. Grianghrafadóir: Don MacMonagle 

Tá grúpa ceoltóirí, amhránaithe, aisteoirí, agus rinceoirí ó Ghaeltacht Mhúscraí sa tóir ar bhua uile-Éireann an deireadh seachtaine seo sa chomórtas Scoraíocht á reáchtáil ag Comhaltas Ceoltóirí Éireann.

Tabharfaidh baill de CCÉ Craobh Lachtaín Naofa, Cill na Martra, aghaidh ar Chontae Thiobraid Árann ar an Satharn chun a dtaispeántas stáitse Fáilte Abhaile a chur i láthair ag an mbabhta ceannais uile-Éireann i mBrú Ború i gCaiseal.

Baill de Chraobh Lachtaín Naofa CCÉ, a bheidh san iomaíocht do chraobh na hÉireann i gcomórtas Scoraíocht an Satharn beag seo. Grianghrafadóir: Don MacMonagle
Baill de Chraobh Lachtaín Naofa CCÉ, a bheidh san iomaíocht do chraobh na hÉireann i gcomórtas Scoraíocht an Satharn beag seo. Grianghrafadóir: Don MacMonagle

Is ag grúpa CCÉ Lachtaín Naofa atá an teideal uile-Éireann faoi láthair, tar éis dóibh an comórtas a bhuachaint i 2020, an bhliain deireanach gur reáchtáladh é roimh theacht na paindéime Covid.

Tá an dráma gairid na bliana seo scríofa trí mheán na Gaoluinne ag Seán Ó Muimhneacháin agus stiúrtha ag Treasa Uí Scannláin, le foireann nach mór 40 san áireamh ann, ó aois ocht mbliana go 70 bliain, mar aon le Seosamh Ó Críodáin agus Bernie Uí Cheallacháin ar an bhfoireann léiriúcháin, agus ceol an dráma faoi stiúir Méabh Ní Chonaill agus Nóra de Búrca.

Danielle Ní Chéilleachair agus Seosamh Ó Críodáin, baill de Chraobh Lachtaín Naofa CCÉ, a bheidh san iomaíocht do chraobh na hÉireann. Grianghrafadóir: Don MacMonagle
Danielle Ní Chéilleachair agus Seosamh Ó Críodáin, baill de Chraobh Lachtaín Naofa CCÉ, a bheidh san iomaíocht do chraobh na hÉireann. Grianghrafadóir: Don MacMonagle

Insíonn Fáilte Abhaile scéal Uncail Joe, atá tar éis filleadh abhaile ó Mheiriceá, an chéad turas ar ais ar a bhaile dúchais le dhá scór bliain.

Tagann na comharsana agus na gaolta go léir le chéile chun fáilte mhór chroíúil a chur roimhe. Téann siad go léir i dteannta a chéile siar ar bhóithrín na smaointe le cabhair na n-amhrán, an cheoil, an rince agus na scéalaíochta.

More in this section

Man in prison hands of behind hold Steel cage jail bars. offender criminal locked in jail. Man who set fire to vehicles at Cork Airport Business Park jailed for three years
Budget childcare measures not enough for parents or providers, councillor says Budget childcare measures not enough for parents or providers, councillor says
Dirty empty dark corridor in abandoned building, doors, light in the end, perspective, way to freedom Funding on offer for projects to spruce up Cork's towns and villages 

Sponsored Content

CS ESB Networks Oct 2026 Got a smart meter? Time to unlock its value with an ESB Networks online account
 ‘I don’t feel like myself any more’. Why Irish women are missing the signs of menopause ‘I don’t feel like myself any more’. Why Irish women are missing the signs of menopause
New build, renovation or replacement? Seven window and door decisions to make before comparing quotes in Ireland New build, renovation or replacement? Seven window and door decisions to make before comparing quotes in Ireland
Contact Us Cookie Policy Privacy Policy Terms and Conditions

© Examiner Echo Group Limited

Add Echolive.ie to your home screen - easy access to Cork news, views, sport and more