Crowley agus Telford ag tabhairt bailéid Child foghlamtha ón Lucht Siúil go Baile Mhúirne

Crowley: 'Tá Corcaigh fágtha im’ dhiaidh agam don dlúthdhiosca seo'
Crowley agus Telford ag tabhairt bailéid Child foghlamtha ón Lucht Siúil go Baile Mhúirne

Beidh Jimmy Crowley agus Eve Telford ar stáitse san Ionad Cultúrtha i mBaile Mhúirne ar an 17ú Feabhra mar chuid den chamchuairt ag leanúint ar aghaidh ó sheoladh a ndlúthdhiosca 'Hello! Child Ballads learned from Irish Travellers'. Grianghrafadóir: Jim Coughlan

“Insint mheasctha de robálaithe fíochmhara, leasmháithreacha lán de chleasaíocht, cailíní trasghléasta, agus péitsí galánta”. Cuir isteach bocánaigh, uafás Gotach, agus éagsúlacht leathan éan cainteach agus tá cnuasach agat de bhailéid de chuid Child.

Ní oirfidís in aon chor do dhuine anbhách, na liricí uafásacha atá i gcuid de na hamhráin i measc an 305 amhrán insinte bailithe ag an scoláire Meiriceánach Francis James Child agus foilsithe déanach sa 19ú haois mar English and Scottish Popular Ballads.

Cé gur i bhfad Éireann ó ghrá geal nimhe agus ridirí ársa ar tógadh Crowley, tá rí bailéid uirbeacha Chorcaí tar éis ‘The Bells of Shandon’ agus ‘Groves of Blackpool’ a mhalartú dá leithéidí ‘Lady Margaret’ agus ‘Lord Beckham’.

Ina dhlúthdhiosca nua d’amhráin lena pháirtí Eve Telford, Hello! Child Ballads learned from Irish Travellers, tá a leithéidí bailéad nimhe ‘Buried in Kilkenny’ agus ‘Johnny Barden’, ar fearr aithne atá air mar ‘Willie O’Winsbury’, as a thagann an loinneog teidil ‘Hello!’.

Tá an dlúthdhiosca “go hiomlán gan Chorcaigh”, a áitíonn Crowley. “Tá Corcaigh fágtha im’ dhiaidh agam don dlúthdhiosca seo.

“Don chéad uair nílim ag canadh faoi Shráid an Chapaill Bhuí, Katty Barry, agus Christy Ring agus dhéanfadh sé maitheas duit mar bíonn tú ceangailte síos aige,” a deir Crowley, ar shroich a cholún ‘Songs of Cork’ i nuachtán The Echo clochmhíle an 1,000ú amhrán anuraidh.

Cé go dtéann an taithí atá ag Crowley ar amhránaíocht an Lucht Siúil siar chomh fada le muintir McCormack ó Blackpool ag casadh mar aíonna i gclub ceoil Chorcaí dá chuid sna 1970aidí, tá spéis i mbailéid Child le fada an lá ag Eve a rugadh san Astráil.

Níor bhailigh Child bailéid insinte ach i Sasana agus Albain, fós féin tá a láithreacht in Éirinn ann a bhuíochas le hamhránaíocht an Luhct Siúil, ar chabhraigh a dtraidisiún scéalaíochta agus amhránaíochta chun a chinntiú gur mhair na hamhráin ar an dá thaobh de Mhuir Éireann.

An píobaire Mickey Dunne ag seoladh an dlúthdhiosca 'Hello! Child Ballads learned from Irish Travellers'. Grianghrafadóir: Jim Coughlan
An píobaire Mickey Dunne ag seoladh an dlúthdhiosca 'Hello! Child Ballads learned from Irish Travellers'. Grianghrafadóir: Jim Coughlan

Taifeadta ag bailiteoirí níos déanaí lena n-áirítear a leithéidí Hugh Sheilds agus Tom Munnelly nach maireann, agus curtha i láthair tríd an togra ‘Man, Woman and Child’, d’fhorbair foinsí Éireannacha de bhailéid Child mar fhócas do bhailitheoir an Chláir Jim Carroll. B’eisean a spreag Telford chun athbheochan a dhéanamh ar ‘The Famous Flower of Serving Men’, ag tógaint fonn ó amhránaíocht dhuine de Lucht Siúil Thiobraid Árann Mary Delaney.

Mothaím thar a bheith nasctha leis na hamhránaithe a chan iad,” a deir Telford, a dhúisíonn a guth ar na taifeadtaí, a deineadh i dtigh cónaithe na beirte i gCóbh, a leithéidí Delaney agus Corcaíoch Margaret Barry, le Crowley ag tabhairt tionlacain ar an mbasúcaí agus mandaiveidhil. “Ní leis na hamhráin amháin a bhaineann sé; baineann sé leis na hamhránaithe a chan na hamhráin ar fad chomh maith céanna,” a deir sí.

“Coimeádadh an oiread sin de na bailéid insinte fada seo i measc an Lucht Siúil. Tháinig cuid mhaith de na hamhráin seo ó Albain agus ó Shasana ar dtús agus tá gach seans ann gur chan daoine ó cheann ceann na hÉireann iad thar na blianta. Ach de réir mar a bhog na blianta ar aghaidh, de réir mar a tháinig an raidió agus teilifís i réim, stop daoine á gcanadh agus ní raibh fágtha ach an Lucht Siúil á gcanadh agus iad suite mórthimpeall na tine agus sna carbháin.” Tá súil aici féin agus Crowley cúnamh éigin a thabhairt na bailéid seo “a chur ar ais i mbéal an phobail” le Hello! agus aghaidh á thabhairt acu ar chamchuairt náisiúnta, le gig acu san Ionad Cultúrtha i mBaile Mhúirne ar an 17ú Feabhra.

Ticéid ar fáil ó 026 45733 nó eolas@ionadculturtha.ie

Read More

Cill na Martra faoi scamall bróin le beirt chúltaca ón bpobal Gaeltachta ar shlí na fírinne

More in this section

Scales of justice and Gavel on wooden table and Lawyer or Judge working with agreement in Courtroom, Justice and Law concept 'It does break my heart': Judge reluctantly dismisses charges against suspected Cork drink driver
Cork’s Bishop Paul Colton has announced plans to retire Cork’s Bishop Paul Colton has announced plans to retire
Cork TD James O’Connor backs MEP Billy Kelleher’s bid for Fianna Fáil presidential nomination Cork TD James O’Connor backs MEP Billy Kelleher’s bid for Fianna Fáil presidential nomination

Sponsored Content

Dell Technologies Forum to empower Irish organisations harness AI innovation this September Dell Technologies Forum to empower Irish organisations harness AI innovation this September
The New Levl Fitness Studio - Now open at Douglas Court The New Levl Fitness Studio - Now open at Douglas Court
World-class fertility care is available in Cork at the Sims IVF World-class fertility care is available in Cork at the Sims IVF
Contact Us Cookie Policy Privacy Policy Terms and Conditions

© Examiner Echo Group Limited

Add Echolive.ie to your home screen - easy access to Cork news, views, sport and more