Cill na Martra faoi scamall bróin le beirt chúltaca ón bpobal Gaeltachta ar shlí na fírinne

'Oibrithe bríomhara beoga ba ea Dáithí agus Máire agus bhíodar beirt lárnach ríthábhachtach i gcónaí mar oibrithe deonacha sa sráidbhaile'
Cill na Martra faoi scamall bróin le beirt chúltaca ón bpobal Gaeltachta ar shlí na fírinne

Máire Uí Thuama i Séipéal Lachtaín Naofa, Cill na Martra, os comhair an dhá fhuinneog dhaite a dhein sí, ag taispeáint an ceathrar soiscéalaí agus Críost an teagascóir. Grianghrafadóir: Denis Minihane

TÁ muintir Chill na Martra faoi scamall bróin i láthair na huaire le beirt chúltaca fadréimseach ón bpobal imithe ar shlí na fírinne i ngiorracht ceithre lá dá chéile le linn tréimhse na Nollag.

I rith na seachtaine roimh Nollag cailleadh iar-phríomhoide bunscoile Dáithí Mac Suibhne agus Máire Uí Thuama, seaimpín dochloíte de chuid na Gaoluinne, an chultúir Ghaelaigh agus a pobal aitiúil, iad beirt a raibh cónaí orthu i mbaile fearainn Chathair Dáithí.

“Tá sé thar a bheith brónach agus i ndáiríre tá sé mar a bheadh deireadh ré ar fad,” a dúirt Gearóid Ó hÉalaithe, a tháinig i gcomharbas ar an Uas Mac Suibhne mar phríomhoide ar Scoil Lachtaín Naofa.

“Oibrithe bríomhara beoga ba ea Dáithí agus Máire agus bhíodar beirt lárnach ríthábhachtach i gcónaí mar oibrithe deonacha sa sráidbhaile.

Dlúth-chairde ba ea iad, d’oibríodar go hiontach i dteannta a chéile, agus beag beann ar pé dul chun cinn spórtúil nó cultúrtha a bhí ag titim amach, bhíodh duine amháin nó an bheirt acu i gcónaí rannpháirteach i slí éigin.

Peileadóir cumasach chomh maith ba ea an tUas Mac Suibhne, a bhí ina phríomhoide ar Scoil Lachtaín Naofa ar feadh 22 bliain go dtí gur éirigh sé as an bpost sa bhliain 2002. 

D’imrigh sé do Chill na Martra agus do Mhaigh Chromtha, ar bhuaigh sé bonn sinsir an chontae leo sa bhliain 1958, lena chuid talún á chur ar fáil aige sna blianta níos déanaí do Chumann Peile Cill na Martra ionad go bhféadfaidis páirc imeartha an chumainn a fhorbairt i gcroílár an tsráidbhaile. 

Bhí sé ina bhall gníomhach, mar a bhí Máire Uí Thuama, de Choiste Forbartha Chill na Martra, agus sa bhliain 2005 i dteannta lena dheartháir Seán, ar grianghrafadóir é, chuir sé leabhrán dar teideal Slí na Staire le chéile agus an chomharthaíocht i dteannta leis, ag léiriú bealaí siúlóide agus pointí stairiúla sa dúthaigh.

Dáithí Mac Suibhne, príomhoide an ama sin, i dteannta leis an aire oideachais Micheál Martin agus fear gnó Lars Edman ó PC-Pro ag seoladh an togra teicneolaíochta Head Start i Scoil Lachtaín Naofa, Cill na Martra sa bhliain 1998.	Grianghrafadóir: Maurice O’Mahony
Dáithí Mac Suibhne, príomhoide an ama sin, i dteannta leis an aire oideachais Micheál Martin agus fear gnó Lars Edman ó PC-Pro ag seoladh an togra teicneolaíochta Head Start i Scoil Lachtaín Naofa, Cill na Martra sa bhliain 1998. Grianghrafadóir: Maurice O’Mahony

Rugadh agus tógadh é i Cathair Dáithí, mar an tríú glúin múinteoirí sa chlann, ag leanúint i gcoiscéimeanna a mháthar Nance Uí Shuibhne agus a sheantuismitheoirí Minnie agus Johnny Ó Súilleabháin, a mhúin chomh maith i Scoil Náisiúnta Baile Bhuaidh, an scoil ar a d’fhreastail Dáithí féin mar pháiste.

Ba le linn téarma Dháithí mar phríomhoide sa bhliain 1986 gur dhún Scoil Náisiúnta Baile Bhuaidh, a tógadh sa bhliain 1897, agus osclaíodh an scoil nua Scoil Lachtáin Naofa. Bhí Dáithí, a mhúin ag tús a ghairm mhúinteoireachta i Scoileanna Náisiúnta Chill na dTor agus Thír Eiltín, ina dhíograiseoir mhór na teicneolaíochta nua san oideachas. 

Bhí sé i gceannas ar thabhairt isteach suíomh gréasáin scoile i Scoil Lachtaín Naofa, agus tabhairt isteach ríomhairí sna seomraí ranga, a bhuíochas le tacaíocht ón bhfear gnó Lars Edman.

Dúirt a chomhghleacaí teagaisc Seán Ó Muimhneacháin, gur thug an tUas Mac Suibhne “teicneolaíocht na feisnéise go curaclam na scoile agus bhí sé go mór chun cinn i dtaca leis an ábhar sin ag an am”.

“Bhí na leanaí a d’fhág scoil Chill na Martra ag an am sin líofa go maith i ndomhan na ríomhairí agus tá go leor acu tar éis leas a bhaint as an taithí luath sin ina gcuid staidéar agus ina gcuid gairmeacha beatha, agus tharla go leor de sin a bhuíochas le Dáithí, agus an tacaíocht ó Lars Edman.

Bhíodh ríomhairí i ngach seomra ranga agus ní raibh mórán scoileanna in aon chor ag an am leis an oiread céanna trealaimh acu.” 

Bhain ógánaigh Chill na Martra leas chomh maith as go leor den obair a dhein Máire Uí Thuama, a bhí ríthábhachtach lárnach i mbunú agus i mbailiú airgid do bhunú an chéad naíonra sa sráidbhaile i lár na 1980aidí. 

Bhailigh sí coiste beag agus nuair nach raibh ionad sásúil ar fáil don naíonra chuir Máire seomra ar fáil ina tigh féin go ceann cúpla bliain nuair a feistíodh seomra oiriúnach san ionad pobail.

Dúirt Marie Uí Shuibhne, a raibh ar an gcéad phríomh- stiúrthóir ar Naíonra Chill na Martra: “Smaoineamh Mháire a bhí ann an naíonra a bhunú agus toisc nach raibh aon áit eile ar fáil ag an am bhí sí thar a bheith sásta an naíonra a reáchtáil ina tigh cónaithe féin. 

Thug sí a tigh go fiail flaithiúil; ní raibh faic á fháil aici as — ach bhíodh áthas an domhain uirthi na leanaí a fheiscint ag foghlaim Gaoluinne agus ag baint spraoi as, agus i ndáiríre bhain sí an-sult as iad a fheicint.

“Aon rud in aon chor chun leas an phobail, bhíodh Máire laistiar dó agus aon uair go mbíodh aon deontais ar fáil cinnte dhéanfadh Máire an taighde ina leith.” 

Chuaigh sí chun cainte leis an gCumann Luthchleas Gael agus lena gcomhoibriú siúd agus le cabhair ó dheontais stáit tógadh naíonra nua-aimseartha, ‘Aire na nÓg’ taobh le seomraí gléasta na páirce peile, Páirc Uí Chuana.

“Tá sé dochreidte ar fad an méid a chuir Máire Uí Thuama leis an bparóiste, don óige ach go háirithe, i gcaitheamh na blianta fada,” a dúirt an tUas Ó Muimhneacháin.

D’éirigh le Máire, a spreag rannpháirtíocht áitiúil i gcomórtais cosúil leis an bhFéile Náisiúnta Drámaíochta agus Slógadh, “spéis a mhúscailt i measc an aosa óig i ndrámaíocht, rince, agus a leithéid sin, agus chuir sí an t-uafás ama agus oibre isteach ann i gcónaí, mar aon le Cill na Martra a chur isteach ar chomórtais éagsúla cosúil le Glór na nGael agus Comórtas na mBailte Slachtmhara, agus í gníomhach i mbunú an naíonra agus an Ionad Áise i Réidh na nDoirí,” a dúirt an tUas Ó Muimhneacháin.

Tá an oiread sin gnéithe agus réimsí éagsúla a raibh sí rannpháirteach iontu ar mhaithe leis an bpobal i gCill na Martra agus Réidh na nDoirí.

Bhí Máire go mór chun tosaigh i dtaca le forbairt an Ionad Áise agus i roghnú láthair na háise i Réidh na nDoirí, lárnach go maith do shráidbhailte Cill na Martra, Baile Mhúirne, Baile Mhic Íre, Cúil Aodha, agus Béal Átha ’n Ghaorthaidh.

“Bhí sí ríthábhachtach i mbunú na háise san áit sin,” a dúirt an tUas Ó Muimhneacháin. “Thuig sí go maith go raibh Réidh na nDoirí suite i gcroílár na Gaeltachta; pobal bídeach beag le scoil agus séipéal ann, agus go mbeadh áis lonnaithe ann mar phointe fócais don cheantar Gaeltachta trí chéile.” 

Rannpháirteach chomh maith i Meitheal Mhúscraí, bhí Máire gníomhach i mbunú Comharchumann Chill na Martra agus i bhforbairt an ionaid pobail sa sráidbhaile.

Chaith sí na blianta fada ar Choiste Forbartha Chill na Martra, coiste atá déanta suas de bhaill na n-eagras eagsúil sa phobal áitiúil, ag obair ar son leas an pharóiste. Ba í a bhí freagrach as an leabhar Cill na Martra a chur i gcló agus ghríosaigh sí an pobal chun altanna, dánta, agus sean-ghrianghrafanna a chur ar fáil don leabhar.

Bhí sí gníomhach chomh maith in imeachtaí Chraobh Lachtaín Naofa de Chomhaltas Ceoltóirí Éireann agus bhí sí ar feadh i bhfad mar rúnaí, agus ina huachtarán ar an gcraobh le blianta beaga anuas. Bhí sí ina ball gníomhach leis de Bhantracht na Tuaithe go háitiúil agus choimeád sí blas Gaelach ar imeachtaí an eagrais sin i gcónaí.

Chan Máire sa chór eaglasta i gCill na Martra go rialta agus bhronn sí dhá fhuinneog ghloine daite ar shéipéal Lachtaín Naofa — saothair ealaíne áille a dhein sí lena lámha féin.

Máire Uí Thuama, buaiteoir an ghradaim náisiúnta Laoch na Gaeltachta don obair dheonach a dhein sí i bpobal Chill na Martra. 	Grianghrafadóir: Siobhán Uí Lochlainn
Máire Uí Thuama, buaiteoir an ghradaim náisiúnta Laoch na Gaeltachta don obair dheonach a dhein sí i bpobal Chill na Martra. Grianghrafadóir: Siobhán Uí Lochlainn

Ba í Máire a bhí freagrach, le coiste beag gníomhach, as Daonscoil an Fhómhair a reachtáiltear gach bliain i mí Dheireadh Fómhair in Óstán Ghúgán Barra, le himeachtaí cultúrtha ar siúl ann, léachtaí, ceol, amhráin, agallaimh bheirte agus turasanna stairiúla.

Chuir Máire nuacht áitiúil ar fáil gach seachtain don Corkman agus don Southern Star agus choimeád sí an Ghaoluinn in uachtar iontu i gcónaí, lena cuid oibre i gcur chun cinn na Gaoluinne i bparóiste Chill na Martra agus i gceantar Mhúscraí níos leithne ag cabhrú léi bheith ar an gcéad fhaighteoir den ghradam náisiúnta, ‘Laoch na Gaeltachta’.

Fágtha ina diaidh ag Máire Uí Thuama, bean chéile Hugh Ó Tuama nach maireann, tá a deirfiúracha an tSiúr Rita (Eileen) agus Gobnait (O’Brien), agus fágtha ina dhiaidh ag Dáithí Mac Suibhne tá a bhean chéile Mairéad agus a gclann Áine, Hélène, Maeve, Eamonn, Jim, agus David, a dheartháireacha Dónal agus Seán, mar aon le hualach mór gaolta agus cairde.

More in this section

Sponsored Content

Echo 130Echo 130
EL_music

Podcast: 1000 Cork songs 
Singer/songwriter Jimmy Crowley talks to John Dolan

Listen Here

Add Echolive.ie to your home screen - easy access to Cork news, views, sport and more