Múscraí i mbun steip le Siobhán don Lá Mór Rince

Múscraí i mbun steip le Siobhán don Lá Mór Rince

Siobhán Ní Dhuinnín, rinceoir cónaitheach i nGaeltacht Mhúscraí. Grianghrafadóir: Clare Keogh

Ní hí an rinceoir comhaimseartha Siobhán Ní Dhuinnín an t-aon duine atá spreagtha chun gluaiseachta ag an gceapachán is déanaí aici.

Agus í fillte ar cheantar dúchais a muintir mar rinceoir cónaitheach i nGaeltacht Mhúscraí tá iachall curtha aici ar dhéagóirí tabhairt faoin bhféinléiriú, agus ar sheanóirí an cheantair tabhairt faoina gcéad chéimeanna i ngluaiseacht nua cruthaitheachta.

Tá an turas amach ó chathair Chorcaí tar éis Siobhán a thabhairt níos cóngaraí go bailte dúchais a hathair Pádraig Ó Duinnín a bhí ina shaor bád ag Cúil Chomhair, ar bhruacha na Laoi in aice le Maigh Chromtha, agus a sean-tuismitheoirí Máire Ní Chríodáin agus Mícheál Ó Duinnín, a tháinig ó Eachros agus Doire an Aonaigh faoi seach.

Le coiscéimeanna a muintir á leanúint aici chuig an bhfoinse tá deis faighte ag Siobhán, neacht an fhile Liam Ó Muirthile ar thaobh a máthair atá imithe ar shlí na fírinne, roinnt taiscéalaíochta a dhéanamh ar bhraistint áite ina hoidhreacht féin, agus sa rince a chruthaíonn sí le daoine ón bpobal áitiúil.

Iarrtar ar dhaltaí na hidirbhliana atá i mbun ceardlanna rince léi cuntas a choimeád i bhfoirm mapa dá dturais laethúla mórthimpeall a gceantair áitiúla, ag tabhairt aird ar na logainmneacha Gaoluinne ar an slí, lena gcuid gluaiseachtaí laethúla á léiriú acu i gcur i láthair rince pearsanta.

“Leis na déagóirí, táim ag díriú ar mhapaí nó léarscáileanna den cheantar,” a mhíníonn Siobhán. “Cá bhfuil cónaí orthu? Cad atá ar eolas acu faoin áit ina bhfuil cónaí orthu? An bhfuil na logainmneacha ar eolas acu agus conas ar féidir linn foghlaim fúthu le chéile? Cad iad a gcuid turas tríd an gceantar seo?

“Iarraim orthu trí háit a aithint atá tábhachtach dóibh agus léarscáil a dhéanamh den turas a thugann siad faoi i dtaca leis na háiteanna sin – a mbaile, a scil, nó tigh cara nó seantuismitheora dá gcuid, nó an áit a thógann siad a madra ag siúl. Tá brí leis na háiteanna sa saol laethúil acu. Ansan siúlaimid na patrúin sin; leagaimid amach sa stiúideo iad agus dírímid ar ghluaiseachtaí taistil - rith, rolladh, léimt, agus siúl, agus conas na mapaí pearsanta sin a athchruthú ag baint úsáide as an ngluaiseacht sin.” Níl sé gan dúshlán rince áit-bhunaithe a chruthú le déagóirí, a admhaíonn sí, ach tugann modh taistil chun na scoile ar a laghad an oiread céanna mórcheisteanna agus a dhéanann an claonadh gan tabhairt faoi léirmhíniú ealaíonta.

“An rud a thógann tú faoi deara faoi d’áit nuair a shiúlann tú tríd, ta sé thar a bheith difriúil ón radharc ón ngluaisteán,” a dúirt Siobhán, ag rá le húsáid gluaisteán príobháideach agus busanna scoile, nach bhfuil ach duine amháin i measc a cuid daltaí rince a shiúlann go rialta.

“Ceapaim cinnte go bhfuil rud éigin a iompaíonn sa chaoi go mbraitheann tú an talamh mura bhfuil tú ag siúl ann. Cad a dhéanann sé sin i dtaca leis an gceangal atá agat le háit?” Mar sin féin, don chuid is mó tá déagóirí ina rannpháirtithe toilteanacha sa togra, a deir sí. “Is nithe thar a bheith cnuasaitheach, sóisialta sinn, agus dá réir sin má dhéanann tromlach den ghrúpa é, leanfaidh an chuid eile.

“Tuigim go bhfuil cúpla duine ann nach mbeadh fonn orthu tabhairt faoin rince cruthaitheach riamh arís, ach tá formhór ag glacadh páirt ann agus déanann siad ar aon chuma é.

“Tá roinnt daoine thar a bheith fiosrach go fisiciúil ina leith – déanaimid rudaí cosúil le seasamh lámh agus saghsanna difriúla lámhacáin, is gluaiseacht é nach mbeadh déanta ag go leor daoine cheana féin. Tá daoine atá meallta cheana féin, daoine a imríonn spóirt nó pé rud é, agus teastaíonn uathu é a dhéanamh go fisiciúil, agus ansan tá daoine meallta ag an gcoincheap nó an ceolmhaireacht.” Chomh maith céanna tá daoine fásta meallta chuig na ceardlanna rince seachtainiúla aici, le rannpháirtithe sna 30aidí go daoine d’aois 81 i láthair go rialta.

Beidh idir déagóirí agus daoine fásta rannpháirteach i gceann de na hócáidí taispeántais dá tréimhse chónaitheach sa Ghaeltacht, ócáid dar teideal ‘Lá Mór Rince’ a bheidh ar siúl san Ionad Cultúrtha i mBaile Mhúirne an Satharn seo, 23 Feabhra.

An tseachtain seo, roimh lá pobail an rince, tá déagóirí áitiúla ag glacadh páirt i dtogra ealaíon Gaeilge ildisciplíneach dar teideal, ‘Anseo’, ag críochnú le cur i láthair poiblí mar chuid den Lá Mór Rince.

I dtaiscéalaíocht ar na slite éagsúla a ghluaiseann daoine tríd an réigiún ar bhonn laethúil, tá amharc-ealaíontóir Chúil Aodha Helen Ní Chuill ag comhoibriú ar téamaí gluaiseachta agus turais le treoir á thabhairt aici do rannpháirtithe déagóra bróga a chruthú le huigeachtaí agus fabraicí éagsúla. Tá drumadóir Mhaigh Chromtha Solamh Kelly ag obair leis an ngrúpa chun léirmhíniú a dhéanamh ar fhuaimeanna an nádúir sa cheantair le héagsúlacht stíleanna buailteach nuálaíocha.

“Mar cheangal idir na bróga agus an ghluaiseacht tá an siúl, atá ar cheann de na nithe bunúsacha a fhoghlaimíonn tú sa rince comhaimseartha, agus i ndáiríre tógann sé neart ama foghlaim conas siúl ar an stáitse agus láithreacht a bheith agat ann,” a deir sí.

Deir Siobhán, a thosnaigh ar a turas rince féin ag foghlaim bailé agus rince Gaelach, gur féidir leis an rince a bheith mealltach dóibh siúd nach bhfuil a léirmhíniú ealaíonta féin tar éis guth a aimsiú i réimsí eile.

“Mheall an rince mé mar ní raibh an fonn cainte orm cé gur theastaigh uaim bheith in ann cumarsáid,” a deir sí. “Leis an rince tá neart spáis do dhaoine teacht ar léirmhíniú dá gcuid féin, agus bhaineas an-taitneamh i gcónaí as sin.” D’oibrigh Siobhán ar feadh tamaill bheag i Múscraí sa bhliain 2017 mar chóiréagrafaí ar chomhoibriú amhránaíochta agus rince ‘Sean-nós na nÓg’ leis an amhránaí Síle Denvir agus amhránaithe óga Ghaeltachtaí éagsúla.

Mar chríoch lena tréimhse chónaitheach san Ionad Cultúrtha beidh ‘Bláthú’, cur i láthair ar an 4ú Bealtaine le hamhránaithe ó bhunscoileanna áitiúla, rince aonair ó Shiobhán, agus portráidí scannán lena n-áirítear ceann ar amhránaíocht sean-nóis Mhúscraí agus an ceangal idir análú agus gluaiseacht san amhrán.

Tabharfaidh a céad togra eile cóngarach don bhaile í arís, chun tabhairt faoi chur i láthair rince beo lena hathair Pádraig, bunaitheoir na scéime tógála bád Meitheal Mara agus rás mór Chorcaí Ocean to City.

Le naomhóg trí láimh á thógaint acu i dteannta a chéile i gCúil Chomhair, comhoibreoidh an t-athair agus iníon ar thobthaibhiú rince cruthaitheach, ag iompú gluaiseachtaí fisiciúla an phróisis tógála bád isteach i rince beirte.

Lena turas cruthaitheach ag leanúint ar aghaidh, “ag taisteal suas le habhann ón gcathair go Cúil Chomhair agus níos faide” isteach in oidhreacht teaghlaigh agus teangeolaíoch, tá Siobhán tagtha ar a cuid inspioráide agus braistint áite ar fhilleadh chuig an bhfoinse di.

Lá Mór Rince

 * Beidh an Lá Mór Rince ar siúl ar an 23ú Feabhra in Ionad Cultúrtha an Dochtúir Ó Loingsigh, ag tosnú ar a 2in le ceardlann rince agus gluaiseacht chruthaitheach saor in aisce do dhaoine fásta os cionn aois 50, faoi stiúir an chóiréagrafaí Ríonach Ní Néill, agus an ócáid sin ar oscailt do gach leibhéal taithí agus soghluaiseachta.

* Ar a 3.45in taispeánfar an gearr-scannán I Modh Rúin, leis an gcóiréagrafaíocht agus stiúradh déanta ag Ríonach Ní Néill, áit ina labhraíonn sí le mná a thóg a gcuid teaghlach mar chainteoirí Gaoluinne idir na 1950aidí agus 1980aidí.

* Mar chuid den chéad taibhiú de Anseo ar a 4in beidh foireann pobail ógánach ag glacadh páirte i gcur i láthair rince fuinniúil, leis an gcóiréagrafaíocht déanta ag Siobhán Ní Dhuinnín, i gcomhpháirt leis an ealaíontóir Helen Ní Chuill agus an drumadóir Solamh Kelly.

* Beidh na himeachtaí ar fad mar chuid den Lá Mór Rince saor in aisce agus iad maoinithe ag an gComhairle Ealaíon, Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Chorcaí, agus Ealaín na Gaeltachta, ach caithfear ticéid a chur in áirithe roimh ré ag siobhannidhuinnin@gmail.com nó 086 1074770.

More in this section

Sponsored Content