Scéalta Chorcaí: Camchuairt filíochta timpeall bhaile dhúchais Sheáin Uí Riordáin

Paddy O'Brien, an scéalaí aitheanta ag léamh 'Adhlacadh Mo Mhathair', dán le Seán Ó Riordáin, le h-ais uaigh Uí Riordáin i Reilig Ghobnatan i mBaile Mhúirne le déanaí. Bhí an ocáid eagraithe ag Dáimh Scoil Mhúscraí agus Meitheal Gaoluinne Chúil Aodha agus fuair sé tacaíocht ó Phlean Teanga Mhúscraí fé choimirce Chomharchumann Forbartha Mhúscraí.
Trathnóna Dé Sathairn istigh i dtigh óil….sin mar a thosnaíonn ceann des na h-amhráin is iomráití a chum Dómhnall Ó Mulláin, an fhile ó Bharr d’Ínse i gCúil Aodha a scrígh An Poc Ar Buile.
Agus sin mar a thosnaigh ocáid ana thaithneamhach a raibh againn i mBaile Mhúirne le déanaí nuair a tháinig buíon le chéile chun dul ar chamchuairt timpeall an cheantair go h-áiteanna le ceangal le Seán Ó Riordáin.
Rugadh An Riordánach sa cheantar agus tógadh é i dtigh le h-ais An Muileann, an áit ar thosnaigh ár dturas, ar feadh a chéad sé bliana deag dá shaol.
Sin an áit ar thosnaigh ár dturas agus bhí an scéalaí Paddy O’Brien, aisteoir trath le Compántas Chorcaí agus iar mhúinteoir, ár dtionlacan agus ag aithris roinnt de dhánta Uí Riordáin ag na clochmhílte éagsúla.
Chuamar go dtí Ionad Cultúrtha an Dochtúir Ó Loinsigh nó tá múrphictiúir ar chúl an tí sin den dán ‘Cúl An Tí’ (‘Tá Tír na nÓg ar chúl an tí, tír álainn trína chéile) agus as san go dtí Siopa Leabhar an Gadaí Dubh, an foirgneamh céanna a raibh mar áit chónaithe ag an Dochtúir Ó Loinsigh, an duine a rinne go leor sa cheantar chun an Ghaeilge a chur chun cínn ag tús an chéid seo cháite.
Rinne sé an oiread san, gan amhras, gur bhaist Pádraig Mac Piarais ‘Príomh Chathair na Gaeltachta’ ar Bhaile Mhúirne an uair sin.
Ansan a chualamar na dánta ‘Saoirse’ agus ‘Ní Ceadmhach Neamhshuim’ agus dornán eile véarsaí á n-aithris.
Chriochnaigh an turas taithneamhach seo ag Reilig Ghobnatan mar a bhfuil uaigh Uí Riordáin agus chualamar ‘Adhlacadh Mo Mhathar’, dán álainn faoi shocraid a mhathair.
Chuamar as san le h-aghaidh soláistí go dtí Ostán Ghobnatan, slí gleoite chun crioch a chuir leis an chomóradh beag fileata seo.
Meitheal Gaolainne Chúil Aodha agus Dáimh Scoil Mhúscraí a d’eagraigh agus fuaireamar tacaíocht ó Phlean Teanga Mhúscraí agus Comharchumann Forbartha Mhúscraí agus táimíd buíoch as sin.
Beidh a thuilleadh ocáidí mar seo i Múscraí sna míonna romhainn, ceantar ina bhfuil oidhreacht shaibhir filíochta. Bí ag faire ar an spás seo!

