SCÉALTA CHORCAÍ: Tá an Gaelbhratach ar foluain i scoileanna Chorcaí

Beirt iníon léinn Sarah Ní Mhurchú aus Naoise Ni Shuilleabháin ó Gaelcholáiste Choilm, Baile an Chollaigh in éineacht le Síomha Ní Ruairc, Réamonn Ó Ciarán, Príomhfheidhmeannach/CEO Gael Linn, Caitlín Ní Chonghaile, Foras na Gaeilge agus Eoin Ó Droighneáin, An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, tríd an Crannchur Náisiúnta agus an Straitéis 20 bliain don Ghaeilge ag ocáid bhronnta Gaelbhratach ag Coláiste Mhuire Gan Smal i Luimneach le déanaí.
Tá an Gaelbhratach ar foluain i scoileanna Chorcaí
Bhí cúig scoil ó Chorcaigh i measc na scoileanna ó gach chuid den tír a thug a n-aghaidheanna ar Choláiste Mhuire Gan Smal i Luimneach an tseachtain seo cháite chun bheith páirteach in ocáid bhronnta Gaelbhratach a d’eagraigh an eagras teanga, Gael Linn, ann.
Meanscoil Naomh Mhuire ó Mhala, Coláiste Bhriogáin Naofa ó Dhroichead na Banndan, Coláiste Dháibhéid ó chathair Chorcaí, Coláiste Choilm ó Bhaile an Chollaigh agus Pobal Scoil Chionn tSáile na scoileanna is déanaí ó Chorcaigh ar a mbronnadh an suaitheantas ar leith seo a thugann le fios don domhan go bhfuil an Ghaeile á labhairt agus meas uirthí sa scoil.
Bhí breis agus trí scór scoil eile ann ó gach cúinne sa tír chun go mbronnfaí an Gaelbhratach orthu freisin, an líon is mó i stair na scéime.
An oiread is go bhfuil tabhacht leis an mBrat Glas chun a chur in iúl go bhfuil an scoil ag déanamh a chion ar son na timpeallachta agus chun dul i ngleic leis an athrú aeráide, tá tabhacht freisin le h-iarrachtaí mar seo chun an Ghaeilge a chaomhnú agus a chur chun cinn agus chun sin a chur in iúl don saol!
Dar le bainisteoir Gaelbhratach, Edel Ní Bhraonáin ó Gael Linn, tá clochmhíle suntasach bainte amach ag an scéim agus iad ar an bhfód – agus ar na cuaillí – le deich mbliana anois.
“Tugann Gaelbhratach an deis do dhaoine óga a scileanna Gaeilge a úsáid agus a fhorbairt taobh amuigh den seomra ranga agus cuireann sé guth an dhálta i lár an aonaigh tríd an Choiste Gaeilge,” dúirt Edel.
“Treorainn an choiste seo – atá ceannaireacht ag na daltaí air – imeachtaí na ndaltaí i gcaitheamh na scoil bliana agus tugann seo an chumhacht dos na daltaí ó Chorcaigh conas aus cathain a úsáidfidh siad an teanga.”
Mar chuid d’imeachtaí an lae bhí seimineár le ‘tionchóirí’ éagsúla ó shaol na Gaeilge – ar nós an laithreoir teilifíse Síomha Ní Ruairc agus an tOifigeach Phleanála Teanga ó iarthar Dhuibhneach, John Prendergast.
Is féidir cur isteach ar bhúr Gaelbhratach ach clárú ar Gaelbhratach.ie.
Fáilte abhaile roimh na bollálaithe – agus a gcuid boinn
Bhí ocáid ana thaithneamhach sa Mhuileann i mBaile Mhúirne ag an deireadh seachtaine agus fáilte abhaile á chur ag muintir na h-áite roimh bollálaithe óga Réigiún na Gaeltachta a rinne ionadaíocht iontach ar an bpobal in Neuharlingersiel na Gearmáine mar a raibh Babhtaí Ceannais Craobhacha Bollála na hEorpa ar siúl.
Bhí an slua taobh amuigh leis na bratacha agus níor chúlaigh siad fiú ós na corramhaíola agus iad ag feitheamh ar na laochra teacht abhaile. Comhartha é ar theacht an tSamhraidh go Múscraí go bhfuil na corramhaíola chéanna amuigh agus iad ocrach.

Tháinig siad faoi dheireadh agus bhí gach béic agus scread áthais ann nuair a tháinig siad isteach sa tabháirne agus a gcáirde agus a ngaolta ag cur fáilte chroíúil rompu.
B’iad Rachel Ní Dheasúna, Darcy O’Brien, Cathal Ó Críodáin agus Liam Ó Murchú ionadaithe an Réigiúin sa Ghearmáin agus bhuaigh siad go léir boinn sa Ghearmáin.
Ní h-amháin go raibh siad ag bolláil ar na bóithre ach ar na móinteáin freisin chomh maith leis an mbolla a chaitheamh go h-ard.
Tá traidisiún laidir bollála ar an mbóthar i Múscraí agus is léir go bhfuil an traidisiún sin á leanúint ag an nglúin óg. Gach rath orthu.
Taylor Swift ach as Gaeilge
Tá séasúr na gcoirmeacha ceoil amuigh faoin aer faoi lán sheol i láthair na h-uaire agus an tseachtain seo cháite bhí Bruce ‘An Boss é féin’ Springsteen ag seinnt sa bhaisteach i bPáirc Uí Chaoimh i gCorcaigh. Fuair an slua de bhreis is 40,000 a d’fhreastail ar an gceolchoirm ‘sár luach’ sa Pháirc gan amhras nó sheinn sé ar feadh breis is trí uair a chloig!

Agus ní fada go mbeidh Taylor Swift, ban phrionsa an phop cheoil, ag teacht go Baile Átha Cliath chun canadh na rianta móra le rá uaithí. Chuala mé scéal an tseachtain seo áfach a chuir ola ar mo chroí – is é sin go mbeidh deis eile Taylor Swift a chloisteáil in Éirinn i mí na Samhna – agus beidh sí ag canadh as Gaeilge an uair seo.
Beidh an amhránaí ó Chonamara ag canadh leagananacha d’amhráin Taylor Swift atá aistrithe go Gaeilge ag an bhfile, Gabriel Rosenstock, duine d’fhilí ghlúin INNTÍ a chaith seal i gColáiste na hOllscoile i gCorcaigh. Beidh an ceolchoirm seo ar siúl in Amharclann an Pavillion i nDún Laoghaire ar an 8ú Samhain agus glacaim leis go bhfuil sé píosa maith ó Chorcaigh.
Ach táim ag súil go bhfeicfidh duine eigean atá I mbun imeachtaí a eagrú ó dheas an deis an ocáid seo a thabhairt cois Laoi nó b’fhéidir go dtí an Chultúrlann nua i Maigh Chromtha, Cultúrlann Bhearna na Sceiche, nó Ionad Chultúrtha an Dochtúir Ó Loingsigh i mBaile Mhúirne.
Beidh an ‘Swiftie’ seo ar cheann an scuaine!
Cill na Martra fós ag feitheamh ar chomharthaí
Comhartha eile go bhfuil an Samhradh chughainn ná go bhfuil an chaint ag dul i dtreis faoi Chomórtas Peile na Gaeltachta a bheidh ar bun i mbliana i gCill na Martra, deireadh seachtaine saoire bainc an Mheithimh idir 30 Bealtaine agus 3 Meitheamh. Beidh an gabhar á rósta – agus b’fhéidir cúpla burgar buabhaill le cois – sa sraid bhaile Gaeltachta seo agus muintir na Gaeltachta ag teacht ó gach cúinne den tír go Múscraí. Is é an ocáid is mó i gCill na Martra ó bhí an chomórtas ann roimhe i 2005.
An t-aon fhadhb – agus tá sé luaite ar an leathnach seo roimhe seo – nach bhfuil comhartha bóthair ar fáil ag treorú na ndaoine go dtí Cill na Martra seachas comhartha suarach amháin in aice le Van na Sceallóga ag an Tigh Leathshlí ar an sean bhóthar ó Mhaigh Chromtha go Cill Áirne. Dúirt tógálaithe ar an seachbhóthar nua go mbeadh comharthaí ann in am agus amhras nuair a cuireadh an fadhb ar a súile roimh na Nollag.
Ach níl siad in áit go fóill agus an baol ann nach mbeidh anois roimh dheireadh an tSamhraidh. Nuair a chuireann tú san áireamh nach mbeidh an Comórtas Peile ar ais i gCill na Martra ar feadh cúig bliana deag nó b’fhéidir scór bliain, is droch theist é sin.
Sprioc Am
Má tá scéal le roinnt agaibh nó fógra le craobhscaoileadh faoi imeacht atá á eagrú agaibh, ní mór scéal a chur chugham ag concubhar.oliathain@theecho.ie.
Bím ag scríobh seachtain chun tosaigh den chuid is mó mar gheall ar chúrsaí sprioc ama an nuachtáin agus ní mór ábhar a sheoladh chugham seachtain chun tosaigh.
Mar sin má tá scéal arm haith leat bheith ar an leathnach i gceann coicíse, ar Meitheamh 4, seol isteach chugham é roimh an Mháirt seo chughainn, Bealtaine 28. Cuirtear fáilte roimh griangrafanna d’ard chaighdeán freisin chomh fada is go bhfuil ainmneacha na ndaoine sa ghriangraf i bhfotheideal.