SCÉALTA CHORCAÍ: Tús á chur leis an Samhradh cois Suláin

An fhoireann ag An Crúiscín Lán i mBaile Mhúirne a fuair Gradam Ghnó ó Ghlór na nGael le déanaí.
Bhí ocáid dheas i gCúil Aodha le déanai nuair a deineadh bronnadh ar an mheitheal a thugann aire don Linn Snámha sa sráid bhaile beag Gaeltachta as a gcuid iarrachtaí chun an Ghaeilge a chur chun cinn.
Níos túisce i mbliana, cailleadh an fear gnó ildánach agus ceannródach, Tomás Mac Gearailt, an t-é a bhunaigh an chomhlacht Bard na nGleann agus, ina dhiaidh sin, bhunaigh sé www.litriocht.com, siopa ar líne do leabhair as Gaeilge.

