Tagann an pobal le chéile chun ceiliúradh a dhéanamh ar 125 bliain de Scoil Réidh na nDoirí

Caroline Uí Laocha le Naoise, Iarlaith, agus Kathleen, agus Caitriona Uí Loingsigh le Billy agus Seánín ar an slí chuig an gceiliúradh 125-bliain ó oscailt Scoil Náisiúnta Réidh na nDoirí. Grianghrafadóir: Dan Linehan
TÁ nach mór céad bliain ann ón uair a thosnaigh Madge Ní Shuibhne (Uí Éalaithe), ag aois óg ceithre bliana d’aois, ag tabhairt faoin siúlóid laethúil i dteannta lena comharsana ar a slí go Scoil Réidh na nDoirí.
Ag streachailt ar feadh uair a’ chloig ó Ghort an Acra, trí pháirceanna agus coillte, ba mhinic go mbainfidís amach na háite báite go craiceann, ag triomú a gcuid cótaí in aice le tine móna an tseomra scoile.
Anois ag aois 99, tá cuimhní Madge faoina cuid laethanta scoile líonta le cairdeas agus foghlaim fós go soiléir ina ceann aici cosúil is nár tharla na himeachtaí ar leith ach inné.
Ag freastal ar an gceiliúradh ag marcáil 125 bliain ó oscailt Scoil Réidh na nDoirí, cuimhníonn Madge ar an slí go raibh a turas cúig mhíle mar eachtraíocht laethúil di.
Creidtear gur í an iar-dhalta is sine ón scoil í, agus deir Madge gurb “siúlóid fada a bhí ann, ach ba chuma linn” agus gur minic ar thug ardmháistir Amhlaoibh Ó Loingsigh neamhaird air nuair a bhíodh moill á dhéanamh ag a chuid daltaí agus iad ag teacht chun na scoile ar maidin.

“Bhíodh cúig nó sé mhíle á shiúil ar scoil againn, turas thar a bheith fada do dhuine óg i ndáiríre, ach bhímis ar fad i dteannta a chéile,” a deir sí.
“Sinn féin agus ár gcol-ceathracha, páistí an mháistir, ba mhinic go mbímis déanach don scoil ach b’iontach an spórt a bhíodh againn le chéile,” a deir Madge.
“B’iontach an fear ar fad é agus is cuimhin liom maidin amháin bhí asail sa pháirc agus thosnaíomar ag rith ina ndiaidh agus bhíomar thar a bheith déanach don scoil dá bharr.
“Bhíomar sona sásta ar scoil. Bhíodh cairde gleoite againn.
"Bhíodh ceathrar againn a thagadh le chéile, ach is mise an t-aon duine atá fágtha anois — ceathrar cailín: Máire Ní Éalaithe, Peg Ní Chárthaigh, Caitlín Ní Loingsigh, iníon an mháistir, agus mise, agus d’fhoghlaíomar conas fuáil, cniotáil, agus gach rud eile chomh maith.

“Thug Amhlaoibh Ó Loingsigh bunús iontach dúinn. Ceapaim gur fhoghlaimíos an méid céanna ó Amhlaoibh le linn mo chuid ama i Scoil Réidh na nDoirí agus a bhí ar eolas ag mo chlann féin faoin am go raibh an Teastas Idirmheánach á dhéanamh acu.”
Ag filleadh ar an scoil di don cheiliúradh 125-bliain, deir sí: “Tá sí athraithe go hiomlán. Bhíodh clár dubh mór fada ann agus dhéanfadh an mháistir a chuid scríbhneoireachta le cailc dúinn le cóipeáil. Thabharfadh daoine málaí móna isteach leo ionas go mbíodh tine bhreá i gcónaí againn.”

Tá cuimhní deasa chomh maith ag a comharsa Nóra Cotter, ón Doireach ó dhúchas, ar an tine móna agus ar mhúinteoir na naíonán Madge, bean chéile an ardmháistir.
“Shiúlfaimis trí mhíle go leith chun na scoile gach lá agus ba mhinic go sroichimis an áit fliuch báite — ní bhíodh aon scáth fearthainne nó ‘wellies’ nó aon ní mar sin againn ag an am sin,” a deir sí.
“Is cuimhin liom gach maidin i rith an gheimhridh bhaileodh Madge ár mbuidéil bainne agus ár gcuid cótaí fliucha agus chuirfeadh sí in aice na tine iad ionas go mbíodh bainne breá te againn i dteannta lenár gcuid ceapairí am lóin.
“Cuimhneoidh mé go deo uirthi don chineáltas a léirigh sí dúinn.”
Bhain Nóra taitneamh as “an léitheoireacht agus dánta a fhoghlaim de ghlan mheabhair” agus deir sí “d’fhoghlaimímis an Bíobla Naofa agus Teagasc Críostaí de ghlan mheabhair”.
“Ní cuimhin liom riamh aon obair bhaile scríofa a bheith againn mar ní raibh aon leictreachas ann agus is coinnle a mbíodh againn sa bhaile go dtí gur tháinig na lampaí Tilley, mar sin bhíodh orainn rudaí a fhoghlaim de ghlan mheabhair,” a deir Nóra, 86. “Múinteoirí iontacha ba ea iad agus ní raibh riamh droch-lá ar scoil agam.”

I measc an slua ollmhór iar-dhaltaí agus daltaí reatha a bhí i láthair ag an gceiliúradh 125-bliain bhí Mairéad Uí Shuibhne, a mhúin ar feadh 30 bliain i Réidh na nDoirí tar éis di teacht ar bord mar chuid den fhoireann teagaisc ann sa bhliain 1967 agus í ag dul ar aghaidh ina dhiaidh sin mar phríomhoide na scoile.
Nuair a tháinig sí ann ar dtús, Paddy Casey a bhí ina phríomhoide ann agus “ní raibh orm faic in aon chor a dhéanamh ach teacht isteach agus múineadh agus an tae a dhéanamh in am, mar bhíodh Paddy mar a bheadh athair agam,” a deir sí.
“Bhíodh an tine lasta aige nuair a thagainn isteach ar maidin agus thabharfadh sé aire do na leithris lasmuigh ar chúl na scoile chomh maith.”
Nuair a bhíodh deisiúcháin de dhíth, toisc nach raibh aon deontais ón rialtas ag an am is cuimhin lei go n-eagraítí meitheal phobail chun tabhairt faoin obair.
“Amuigh ar chúl bhíodh falla ag scarúint clós na mbuachaillí ó chlós na gcailíní agus na leithris agus bhí an falla ag titim,” a deir sí. “Tháinig na haithreacha ar fad maidin Sathairn amháin agus thugadar leo a gcuid sluasaid.

“Leagadar amach an áit ar fad agus bhí lá iontach ar fad againn — iarracht phobail den scoth a bhí ann.”
Bhíodh an scoil mar láthair chruinnithe don phobal, a deir sí, agus is ann a bhíodh rince seit agus oícheanta cártaí, cé gur éirigh ró mhaith leo siúd ag pointe amháin de réir dealraimh.
“Ba mhinic gur dó a’ chlog ar maidin a bhíodh ann sula bhféadfainn an áit a chur faoi ghlas mar d’fhéadfadh go dtarlódh sé go mbeadh beirt fágtha nach bhféadfadh an cluiche eatarthu a chríochnú.
“Ní raibh aon láthair chruinnithe eile ann mar sin aon rud a tharlódh i Réidh na nDoirí is anseo a bhíodh sé,” a deir sí. “Ba ghleoite an ait í le múineadh ann, áit saghas ‘sean-ré’.”
Bhí Eilís Uí Loingsigh agus Eibhlín Uí Shuibhne, iad beirt a tháinig i ndiaidh Mairéad mar phríomhoide, i láthair ag an ócáid cheiliúrtha chomh maith, áit ina raibh deis ag iar-bhaill foirne agus daltaí scoile teacht le chéile agus féachaint ar na leabhair rolla agus ar ghrianghraif ó laethanta caite, le hiar-dhalta de chuid na scoile, iar-pheileadóir Chorcaí Nollaig Ó Laoire, ag nochtadh plaic cuimhneacháin ann.

I leabhair chuimhneacháin curtha le chéile ag an bhfoireann tá saibhreas iontach grianghraf de phobal na scoile, mar aon le hagallaimh le roinnt iar-dhaltaí ar nós scríbhneoir Victoria Mary Clarke, bean chéile an amhránaí Shane McGowan, agus oibrí carthanais Goal, Mary T Murphy, a fuair Gradam Scothsheirbhíse Uachtaránachta don obair fad saoil a dhein sí ar son bhochtán an domhain forbraíochta.

“Fuaireamar scéal chomh maith a d’inis fear darbh ainm Willie Murphy na blianta fada ó shin, a léirigh le linn an Chogadh Cathartha go raibh sé istigh sa scoil agus thosnaigh scirmis éigin in aice láimhe agus gur caitheadh piléir trí fhuinneoga na scoile agus bhí ar na páistí scoile ar fad titim go talamh chun fothain a ghlacadh,” a mhínigh príomhoide reatha na scoile Cian Ó Duinnín.
“Bhí neart oibre i gceist chun an leabhar a chur i gcrích, le cúnamh ó na tuismitheoirí,” a dúirt sé.
“Do scoil bheag cosúil le Réidh na nDoirí, is mor an rud go deo é 125 bliain a bhaint amach, mar sin bheartaíomar ar lá a bheith againn chun ceiliúradh a dhéanamh agus leabhar a fhoilsiú, agus tá áthas an domhain orainn le conas mar a d’éirigh linn.”