Stiúrthóir nua Ensemble Mhúscraí, Clesham, ag tabhairt blaiseadh dá albam le Arkins agus Murray

Tá Clesham ina stiúrthóir anois ar Ensemble Mhúscraí, ceolfhoireann traidisiúnta bunaithe do cheoltóirí sna déaga
Stiúrthóir nua Ensemble Mhúscraí, Clesham, ag tabhairt blaiseadh dá albam le Arkins agus Murray

Conor Arkins agus Paul Clesham, a bheidh ag seinnt san Ionad Cultúrtha i mBaile Mhúirne, i dteannta le Jim Murray agus Anna Moynihan, ar an 24ú Márta. Grianghrafadóir: Michael Meade

BEIDH an lucht éisteachta i mBaile Mhúirne ar na chéad daoine chun blaiseadh a fháil den cheol a bheidh le clos ar an gcéad dlúthdhiosca ó Paul Clesham agus Conor Arkins.

Beidh an bheirt, i dteannta le fear Mhaigh Chromtha Jim Murray ar an ngiotár, agus an t-amhránaí Anna Moynihan, ar stáitse ar an 24ú Márta le haghaidh ceolchoirm in Ionad Cultúrtha an Dochtúir Ó Loingsigh, áit ina bhfuil an t-ilionstraimí Clesham ina stiúrthóir nuacheaptha ar an ngrúpa déagóirí Ensemble Mhúscraí.

Beidh Clesham, ó Mhaigh Eo ó dhúchas, ar an gconsairtín, i dteannta le ceoltóir an Chláir Arkins ar an bhfidil i gceolchoirm a thabharfaidh léargas ar chuid de na foinn a bheidh le clos ar dlúthdhiosca na beirte, atá le seoladh go luath i mí an Mheithimh.

Ma chuid dá n-albam, a taifeadadh i stiúideonna Martin O’Malley i Sráid na Cathrach, le tionlacan ó Jim Murray agus Ryan Molloy ar an bpianó, tá “blúire de gach aon ní — meascán de shaothair nua-chumtha agus sean-saothair,” a dúirt Paul.

“Is é The Morning Thrush  teideal an albaim, agus is ríl é sin atá seinnte againn arís agus arís eile thar na blianta, mar sin beidh sé sin mar chuid den dlúthdhiosca agus mar chuid den cheolchoirm againn.”

Iar-chomrádaithe tí i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, tá an bheirt tar éis seinnt go fairsing forleathan in Éirinn agus i Meiriceá, idteannta le deirfiúr Arkins, Eimear, agus lena chois sin bhí Paul mar bhall den ghrúpa ceoil agus rince ‘Officially Tapped’ i dteannta le Shane Creed ó Charraig a’ Phúca agus David Geaney ón Daingean.

Tá Paul, a sheinneann an fhidil, bosca ceoil, piano, agus mileoidean mar aon le bheith oillte ar bhonn clasaiceach, ina stiúrthóir anois ar Ensemble Mhúscraí, ceolfhoireann traidisiúnta bunaithe do cheoltóirí sna déaga, a bhí faoi stiúr Oisín Morrison roimhe seo.

Tá Ensemble Mhúscraí dírithe ar dhéagóirí agus tá áiteanna fós ar fáil do cheoltóirí.
Tá Ensemble Mhúscraí dírithe ar dhéagóirí agus tá áiteanna fós ar fáil do cheoltóirí.

“Níor thángas i gceannas ar an ensemble ach i mbliana agus bhí ár gcéad chleachtadh againn i mí Feabhra,” a dúirt Paul.

“Tá grúpa iontach ceoltóirí ann agus tá sé ball-dhírithe mar sin táim ag iarraidh na smaointe a dhíriú ar an méid a theastaíonn uathu féin a fháil ón ensemble.

“Táimid ag díriú ar chumadóireacht agus ag féachaint ar shlíte cruthaitheacha chun déileáil le cóiriú ceoil agus conas a gcuid uirlisí a úsáid sa bhunchor traidisiúnta Gaelach,” a dúirt Paul, a bhfuil céim sa cheol aige agus céim mháistreachta san eitnicheoleolaíocht agus é i mbun taighde i láthair na huaire le haghaidh PhD chomh maith.

Dúirt sé go bhfuil sé mar aidhm aige le Ensemble Mhúscraí scaoileadh le ceoltóirí óga ceannas a thógaint, le spásanna fós ar fáil do dhéagóirí d’aois 13-18 mbliana agus seisiúin ghrúpa á reáchtáil go rialta san Ionad Cultúrtha.

“Thugas ceistneoir do na ceoltóirí agus ina gcuid freagraí luaigh go leor acu réimse sóisialta an cheoil agus gur theastaigh uathu leathnú a dhéanamh ar a stór fonn, a gcuid scileanna, agus slíte difriúla chun séiseanna a chur i láthair. Le tamall maith de bhlianta anuas tá cóiriú mar chuid ollmhór den cheol Gaelach,” a dúirt sé.

“Tá súil agam go mbeidh sé chomh suimiúil agus is féidir, agus go gcuirfidh sé iad ag smaoineamh lasmuigh den bhosca.”

  • Tuilleadh eolais agus ticéid don cheolchoirm ar fáil ó 026 45733/ eolas@ionadculturtha.ie

Read More

Fágann Ní Riada slán le ‘cluiche duáilceach’ na polaitíochta le braistint faoisimh

More in this section

Defence lawyer in Kieran Quilligan death trial says there is a 'big hole' in prosecution case Defence lawyer in Kieran Quilligan death trial says there is a 'big hole' in prosecution case
Gardaí in Cork appeal for help to trace whereabouts of missing teenager  Gardaí in Cork appeal for help to trace whereabouts of missing teenager 
Man accused of Kieran Quilligan killing set to seek bail Kieran Quilligan was allegedly lured to his death by one of the men accused of murdering him, court hears

Sponsored Content

Every stone tells a story Every stone tells a story
Absolute Property – Over a quarter century of property expertise Absolute Property – Over a quarter century of property expertise
Stay Radisson: Stay Sligo, Limerick, Athlone and Cork Stay Radisson: Stay Sligo, Limerick, Athlone and Cork
Contact Us Cookie Policy Privacy Policy Terms and Conditions

© Examiner Echo Group Limited

Add Echolive.ie to your home screen - easy access to Cork news, views, sport and more