Fágann Ní Riada slán le ‘cluiche duáilceach’ na polaitíochta le braistint faoisimh

Liadh Ní Riada: 'Ní tharlódh a leithéid in aon phost eile seachas an pholaitíocht.' Grianghraf: Sam Boal
TÁ iar-FPE Sinn Féin agus iarrthóir uachtaránachta Liadh Ní Riada tar éis cur síos a dhéanamh ar a cinneadh slán a fhágaint le “cluiche duáilceach” na polaitíochta mar “fhaoiseamh ollmhór” tar éis di seasamh síos mar ábhar dóchais olltoghcháin an pháirtí do Chorcaigh Thiar Thuaidh.
Dúirt sí go bhfuil drochíde ar-líne na bpolaiteoirí “uafásach agus ag éirí níos measa”, le daoine ag díriú ar bhonn “thar a bheith mí-fhéaráilte” ar ionadaithe baineanna.
“Ní hiad na mná amháin atá i gceist ach a bpáirtithe, agus an clann níos leithne acu chomh maith. Ní fhágtar aon ní ar lár,” a dúirt sí.
“Ní leatsa féin do shaol príobháideach níos mó. Mothaím go bhfuil sé sin thar a bheith mí-fhéaráilte agus ní tharlódh a leithéid in aon phost eile seachas an pholaitíocht. ‘Séasúr oscailte’ atá ann.”
An iníon is óige ag an gcumadóir Seán Ó Riada, toghadh í ina FPE d’Éire Theas sa bhliain 2014 le 125,309 vóta céad-rogha, agus a suíochán á chailliúint aici sa bhliain 2019 tar éis di tabhairt faoin uachtaránacht go neamh-rathúil an bhliain roimhe sin, le 6.4% de vótaí céad-rogha á fháil aici.
Le linn a cuid ama i bParlaimint na hEorpa bhí sí páirteach i gcosaint an AE a chinntiú do Chomhaontú Aoine an Chéasta, mar aon le deireadh a chinntiú do mhaolú na Gaoluinne mar theanga oibre an AE. Bhí sí gníomhach chomh maith sa bhrú i dtreo WiFi saor in aisce do limistéir phobail, do sciar nua den scéim Erasmus a chruthú, agus maolú d’iascairí na n-oileán, agus bhí sí i mbun oibre i dtreo cosc ar mhór-thrálaeir.

Tar éis di tréimhse a chaitheamh ag obair mar oifigeach pleanála teanga do Ghaeltacht Mhúscraí, tá sí fostaithe anois mar stiúrthóir ar Ionad Cultúrtha an Dochtúir Ó Loingsigh, cóngarach go maith dá tigh cónaithe i mBaile Mhic Íre.
Dúirt Ní Riada, 56, “nach raibh fonn uirthi dul ar ais i réimse na polaitíochta” in ainneoin gur roghnaigh Sinn Féin í mar iarrthóir don Dáil.
“Táim ag baint taitneamh as an áit ina bhfuilim faoi láthair san Ionad,” a dúirt sí.
“Tá aois sroichte agam ina bhfuil orm ath-mheasúnú a dhéanamh ar mo chuid tosaíochtaí agus tá sé thar a bheith tábhachtach dom am a chaitheamh sa bhaile le mo chlann agus sin an fáth gur dheineas an cinneadh saol na polaitíochta a fhágaint.
“Táim ag baint an-taitneamh as a bheith sa bhaile; Is breá liom an post atá agam; Táim ag baint an-sult as am a chaitheamh le mo chlann, bheith amuigh sa ghairdín, mar sin an t-am ceart a bhí ann dom.”
Mar mháthair thriúr, dúirt sí go raibh “tacaíocht ollmhór” aici óna clann, ach “nuair a thugas aghaidh ar an Eoraip ní raibh an té is óige agam ach seacht mbliana d’aois agus bhí sé sin thar a bheith dian orthu siúd agus ormsa chomh maith.
Ag labhairt faoin seans atá ag Sinn Féin deireadh a chur le greim ceannais Fianna Fáil agus Fine Gael i gCorcaigh Thiar Thuaidh, áit ina bhfuil Aindrias Ó Muineacháin, Michael Moynihan, agus Michael Creed mar Theachtaí Dála in oifig faoi láthair, dúirt sí: “Ceapaim go mbeidh sé deacair go maith. Toghcheantar thar a bheith coimeádach atá ann ach ceapaim cinnte go bhfuil suíochán ann d’iarrthóir baineann láidir agus le cúnamh Dé iarrthóir de chuid Sinn Féin.
“I gcónaí riamh bhí an ceantar chomh coimeádach le Fine Gael agus Fianna Fáil i réim go gceapaim go bhfuil fonn athraithe ar dhaoine agus ceapaim go bhfuil athrú tuillte acu.”
Fanfaidh sí mar ainmní an pháirtí ar Fhoras na Gaeilge agus dúirt sí: “Níor mhaith liom seasamh siar go hiomlán uaidh sin agus más féidir liom feabhas a chur ar chúrsaí teanga nó réimsí eile gan a bheith i lár aonaigh na polaitíochta déanfad é sin cinnte.”
Bhí a cinneadh slán a fhágaint le líne thosaigh na polaitíochta, “deacair go maith le déanamh ach ba mhór an faoiseamh a bhí ann agus meáchan tógtha ó mo ghuaillí” a dúirt sí.
“Tacaím fós le Sinn Féin ach ceapaim go bhfuil polaitíocht i gcoitinne éirithe duáilceach go maith,” a dúirt sí, ag rá go bhfuil an drochíde ar líne mar chuid den polaitíocht anois agus go bhfuil sean-taithí aici ar ‘throill’ Twitter a bhlocáil.
“Ní fhéadfainn na nithe atá ráite ag cuid de na troill seo a lua fiú ach ní rabhadar ró-dheas in aon chor. Leis sin ráite, tá roinnt ráiteas iontach deasa faighte agam chomh maith agus is é nádúr na ngaiscíoch méarchláir seo é go gceapann siad gur féidir leo rud ar bith a rá,” a dúirt sí. “Tá gá le mná i bpolaitíocht ach is áit thar a bheith deacair í d’éinne agus ní mór duit aghaidh a thabhairt air le do shúile go hiomlán oscailte.”