Easpa na gcomharthaí Gaeltachta fónta ar an N22 ina ‘bhuille tubaisteach’ do Mhúscraí

'Tá sé thar a bheith tábhachtach dár gcuid turasóireachta go mbeadh an ceantar á aithint mar cheantar Gaeltachta' — Comharchumann 
Easpa na gcomharthaí Gaeltachta fónta ar an N22 ina ‘bhuille tubaisteach’ do Mhúscraí

Toisc nach bhfuil comharthaí á soláthar ag léiriú do thiománaithe ar an N22 go bhfuilid ag druidim i dtreo Gaeltacht Mhúscraí, le siombailí ag léiriú na n-áiseanna áitiúla is díol spéise, is 'uair na cinniúna atá ann dár gceantar', de réir Comharchumann Forbartha Mhúscraí.  Grianghrafadóir: Dan Linehan

TÁ easpa na comharthaíochta fónta ar sheachbhóthar nua Mhaigh Chromtha-Bhaile Mhúirne ag díriú tiománaithe go Gaeltacht Mhúscraí agus na nithe is díol spéise do thurasóirí ann ina “bhuille tubaisteach” don cheantar áitiúil, de réir dealraimh.

Toisc nach bhfuil comharthaí á soláthar ag léiriú do thiománaithe ar an N22 go bhfuilid ag druidim i dtreo Gaeltacht Mhúscraí, le siombailí ag léiriú na n-áiseanna áitiúla is díol spéise, is “uair na cinniúna atá ann dár gceantar” de réir an méid a bhí le rá ag bainisteoir Chomharchumann Forbartha Mhúscraí, atá i mbun agóidíochta faoi láthair d’athrú sa pholasaí oifigiúil.

“Tá sé thar a bheith tábhachtach dár gcuid turasóireachta go mbeadh an ceantar á aithint mar cheantar Gaeltachta,” a dúirt bainisteoir an Chomharchumainn Caroline Ní Nualláin.

Rud chomh bunúsach atá á lorg againn i ndáiríre, táim maslaithe ar fad go bhfuil orainn troid dá leithéid.

“Ní chreidimid in aon chor go bhfuil an chomharthaíocht atá beartaithe ag TII [Bonneagar Iompar Éireann] do sheachbhóthar an N22 oiriúnach nó fónta in aon chor chun rochtain a sholáthar do Ghaeltacht Mhúscraí. 

"Nuair atá tú ar an seach-bhóthar feicfidh tú comhartha a deir ‘An Ghaeltacht — Múscraí’ gan treoir ar bith ann le cur in iúl duit conas dul ann, agus gan aon eolas faoin áit. Sin an fáth go bhfuilimid míshásta.” 

An chomharthaíocht nua do Ghaeltacht Mhúscraí ar an N22.
An chomharthaíocht nua do Ghaeltacht Mhúscraí ar an N22.

Dúirt sí go raibh an Comharchumann i mbun teagmhála go luath sa bhliain 2011 le páirtithe leasmhara áitiúla, Údarás na Gaeltachta, TII, agus Comhairle Contae Chorcaí maidir leis an gcomharthaíocht do Ghaeltacht Mhúscraí, agus iad i mbun teagmhála le foireann an N22 agus ag cur dearadh molta faoi bhráid maidir leis na comharthaí.

“Cuireadh in iúl dúinn go raibh TII ag féachaint go fabhrach ar an ábhar seo agus níor tháinig aon rud in aon chor ár dtreo ag cur in iúl go raibh fadhb ar bith ann.”

Teastaíonn ón gComharchumann go gcuirfí comharthaí go Gaeltacht Mhúscraí in airde roimh thimpeallán nua Chúil Chomhair agus ar thaobh Chill Airne de Bhaile Mhúirne. Deir an Comharchumann, a sheol plean turasóireachta nua do Mhúscraí anuraidh, go gcaithfear siombailí ag léiriú áiseanna bia agus nithe is díol spéise do thurasóirí a chur ar na comharthaí nua.

An chomharthaíocht atá molta ag Comharchumann Forbartha Mhúscraí.
An chomharthaíocht atá molta ag Comharchumann Forbartha Mhúscraí.

Mar sin féin, tar éis a d’oscail an chéad sciar den sheachbhóthar i mí na Nollag seo caite gan aon chomharthaíocht dá leithéid i láthair ann, lorg Caroline Ní Nualláin soiléiriú ó Chomhairle Contae Chorcaí agus TII ina leith, agus bhí díomá uirthi nach raibh sé i gceist in aon chor acu Gaeltacht Mhúscraí a léiriú mar cheann scríbe ar an mbóthar i dtreo bealaí éalaithe an N22.

Tá comharthaí cosúil leo siúd ar bhóthar eiseach an N22, ag léiriú gur ceantar Gaeltachta í an áit, beartaithe don seachbhóthar, mar aon le comharthaí treo do Bhaile Mhúirne agus Baile Mhic Íre.

Luaigh an Comharchumannn, áfach, an méid a deirtear atá mar fasach leagtha amach ag comharthaíocht ar an N25 i bPort Láirge do Ghaeltacht na nDéise áit ina bhfuil siombailí chomh maith d’áiseanna éagsúla do chuairteoirí.

An chomharthaíocht do Ghaeltacht na nDéise.
An chomharthaíocht do Ghaeltacht na nDéise.

Dúirt urlabhraí de chuid Comhairle Contae Chorcaí le The Echo go bhfuil sé de thuiscint ag an gcomhairle “nach gcloíonn an chomharthaíocht seo le Lámhleabhar Comharthaí Tráchta na Roinne Iompair agus nár fhaomh TII a leithéid. Dá réir sin níl fasach ar bith ann d’aon chinneadh comharthaíochta dá leithéid ar an N22”.

Dúirt Caroline Ní Nualláin: “Creidimid go láidir go bhfuil ‘gach rud déanta i gceart againn’ leis an teagmháil a dheineamar le TII/ Comhairle Contae Chorcaí in am agus gan mórán á lorg againn. Creidimid go rabhamar i gcónaí macánta agus réasúnta.

“Is tubaisteach an buille dár gceantar é, go háirithe toisc go bhfuil tacaíocht chomh dearfach sin faighte againn ón gcomhairle chun Gaeltacht Mhúscraí a chur chun cinn.”

Tá plean turasóireachta an cheantair nasctha le straitéis nua de chuid Fáilte Éireann, an Plean Forbartha Cheann Scríbe agus Eispéireas Cuairteora (DEDP) d’Iarthar Chorcaí, Neidín, agus Múscraí. 

Dúirt comh-chathaoirleach ar DEDP Niall Ó Luasa, úinéir ar Óstán Ghuagán Barra:

Tá an N22 mar bhóthar turasóireachta thar a bheith tábhachtach agus tá aitheantas á lorg againn do Ghaeltacht Mhúscraí; teastaíonn uainn go bhfeicfí sinn mar cheantar turasóireachta.

“Do thurasóir ag teacht amach ó aerfort Chorcaí, ó Rinn an Scídigh, nó ó aerfort Chiarraí, ní mór go bhfaighfeá aitheantas don cheantar Gaeltachta. 

"Tá go leor seirbhísí bia agus deoch i gceantar Bhaile Mhúirne, agus go tobann beidh seachbhóthar ag gabháil an treo, mar sin bheimis ag súil go gcabhródh comharthaíocht chuí roinnt tráchta a thabhairt ar ais isteach sa cheantar."

Dúirt sé go bhféadfadh cúrsaí turasóireachta an cheantair “dul ar ais chuig na drochlaethanta athuair”.

Dúirt urlabhraí de chuid Comhairle Contae Chorcaí go bhféadfadh go mbeadh cás ann do chomharthaí treo chuig ceantar Gaeltachta áit ina dtaistealaíonn bóthar nua timpeall ar Ghaeltacht. 

Mar sin féin, “taistealaíonn seachbhóthar Bhaile Mhúirne tríd an Ghaeltacht ag cloí leis an mbealach eiseach” agus ar na comharthaí ag an áit ina thagann daoine isteach sa Ghaeltacht ar an mbóthar nua beidh ‘An Ghaeltacht - Múscraí’.

An chomharthaíocht turasóireachta agus fóillíochta a cuirfear in airde ar bhóthar nua an N22 ag druidim le rampaí na n-acomhal i dtreo Gaeltacht Mhúscraí.
An chomharthaíocht turasóireachta agus fóillíochta a cuirfear in airde ar bhóthar nua an N22 ag druidim le rampaí na n-acomhal i dtreo Gaeltacht Mhúscraí.

Cuirfear comharthaí donna turasóireachta in airde ar an mbóthar nua ag druidim le caolbhealaí amach an dá acomhal sa Ghaeltacht, ag aibhsiú na cinn scríbe suntasacha le teacht, an dá cheann acu ar shráidbhailte Gaeltachta iad, a dúirt an t-urlabhraí. 

“Táthar tar éis an sé shiombail a roghnú go cúramach i gcomhairle le grúpaí agus páirtithe leasmhara áitiúla chun béim a leagadh ar na seirbhísí agus áiseanna mealltacha i mBaile Mhúirne agus i mBaile Mhic Íre.” Dúirt an t-urlabhraí go mbeidh ‘réamh-chomharthaí treo’ glasa ag treorú tiománaithe go Baile Mhúirne agus Baile Mhic Íre agus iad ag druidim le hacomhail Thonn Láin agus Bhaile Mhúirne.

Read More

Tagann an pobal le chéile chun ceiliúradh a dhéanamh ar 125 bliain de Scoil Réidh na nDoirí

More in this section

Man who stole charity collection box from Cork hotel bar jailed Man who stole charity collection box from Cork hotel bar jailed
Scales of justice and Gavel on wooden table and Lawyer or Judge working with agreement in Courtroom, Justice and Law concept 'It does break my heart': Judge reluctantly dismisses charges against suspected Cork drink driver
Cork’s Bishop Paul Colton has announced plans to retire Cork’s Bishop Paul Colton has announced plans to retire

Sponsored Content

Dell Technologies Forum to empower Irish organisations harness AI innovation this September Dell Technologies Forum to empower Irish organisations harness AI innovation this September
The New Levl Fitness Studio - Now open at Douglas Court The New Levl Fitness Studio - Now open at Douglas Court
World-class fertility care is available in Cork at the Sims IVF World-class fertility care is available in Cork at the Sims IVF
Contact Us Cookie Policy Privacy Policy Terms and Conditions

© Examiner Echo Group Limited

Add Echolive.ie to your home screen - easy access to Cork news, views, sport and more