Filleann uirlis rí-luachmhar ar Mhúscraí mar ábhar óráide ag Cruinniú na bhFliúit

Liam Kelly agus an fliúit arbh le John McKenna í, agus ata athchóirithe ag Hammy Hamilton.
TAGANN scéal faoi fliúit arbh le John McKenna í tráth, réalt Nua Eabhrac an cheoil Ghaelaigh traidisiúnta sna 1920aidí-30aidí, an slí go léir ar ais chuig an tús an mhí seo i nGaeltacht Mhúscraí, áit inar athchóiríodh an uirlis luachmhar ríthábhachtach úd go barr a réime arís.
Beidh an uirlis úd, a d’athchóirigh deantóir fliúiteanna Hammy Hamilton ina cheardlann i gCúil Aodha, mar ábhar óráide léirithí ar an 14ú Aibreán le Liam Kelly ón ngrúpa Dervish.
Tá Kelly, a thaifead dlúth-dhiosca d’fhoinn de chuid McKenna ar fliúit an cheoltóra ó Chontae Liatroma, chun an uirlis athchóirithe a sheinnt mar chuid den óráid le linn Cruinniú na bhFliúit, a mheallann ceoltóirí ó cheann ceann an domhain go Baile Mhúirne. Bhí an óráid beartaithe do chruinniú na bliana seo caite ach faraoir b’éigean don lucht eagraithe í a chur ar athló.
Bhain McKenna (1880-1947), comhghleacaí ceoil mháistrí fidle Shligigh Michael Coleman, James Morrison, agus Paddy Killoran, leas as rath thar na bearta le linn aois órga an cheoil Ghaelaigh traidisiúnta i Meiriceá.
Tháinig fliúit McKenna ar ais go hÉirinn de bharr na gceangal déanta idir Hammy Hamilton i gCúil Aodha, oidhre na huirlise i Meiriceá, agus leis an John McKenna Traditional Music Society i gContae Liatroma.
Le linn cuairt go Meiriceá dó sa bhliain 1985 bhuail Hamilton le fear ó Chiarraí ó dhúchas a raibh cónaí air i Nua Eabhrac le fada an lá, John McAuliffe, “fear le spéis paiseanta agus eolas domhain aige ar an bhfliúiteadóireacht traidisiúnta”.
“Bog ar aghaidh ansan go 2009,” a dúirt Hamilton, “fuaireas ríomhphost ó John ag insint dom faoi fliúit arbh lena uncail Joe í tráth, agus a fuair sé ó John McKenna.”
Tar éis roinnt siar is aniar trí mheán ríomhphoist, bhí sos leis an ábhar go dtí 2013, nuair a bhí Hamilton, a bhunaigh Cruinniú na bhFliúit lena bhean chéile Nóirín, i dteagmháil maidir leis an gcruinniú le Seán Gilrane ón John McKenna Traditional Music Society.
“Tharla sé gur luaigh mé leis go raibh a fhios agam cá raibh fliúit McKenna,” a dúirt Hamilton. “A leithéid de sceitimíní fuadair, go dtí gur thugas faoi deara nach raibh aon teagmháil agam le John agus de bharr fadhbanna ríomhaireachta, ní raibh aon chuntas agam de na ríomhphoist a seoladh eadrainn nó na grianghraif a sheol sé chugam.”

D’éirigh sé teacht ar na ríomhphoist ar deireadh thiar thall agus athbhunaíodh an teagmháil athuair le John McAuliffe, a mhínigh conas mar a thángthas ar an bhfliúit: “Ba le m’uncail Joe McAuliffe an fhliúit. Dlúthchara ba ea é le Jack [John] McKenna, chaith McKenna iliomad oícheanta thuas in áit Joe i mBóthar Kingsbridge sa Bronx, ag seinnt ceoil ó oíche go maidin.
“Nuair a goideadh fliúit Joe tar éis oíche cheoil i mbeár i Queens, Nua Eabhrac, thosnaigh sé ag crá McKenna [a raibh cúpla fliúit aige] an ceann sin a dhíol leis tar éis dó é a fháil ar iasacht uaidh ar feadh cúpla mí,” a dúirt McAuliffe. “Ní raibh fonn ar McKenna í a dhíol toisc gurb í ceann de na fliúiteanna ab fhearr a bhí aige agus ceann a d’úsáid sé ar a chuid taifeadtaí, ach ar deireadh thiar thall fuair Joe an fhliúit uaidh.
“D’inis m’athair an scéal seo ar fad dom nuair a chuireas ceist air faoin bhfliúit sin. Fuair seisean an fhliúit ó Joe sa bhliain 1970 nuair a bhí Joe i ndrochshláinte agus nach raibh sé ag seinnt níos mó. Bhí m’athair ina chónaí sa Bronx, Nua Eabhrac ag an am sin.”
Bhog Joe ar ais go Mainistir na Féile i 1972, lena dheartháir ag filleadh abhaile an bhliain chéanna le cur faoi i Maigh Mheáin, Co Chiarraí, ag tabhairt n leisa fliúite, ach tar éis dá athair bás a fháil, thóg John McAuliffe an uirlis cheoil ar ais chuig na Stáit Aontaithe leis.
Níos déanaí i saol na huirlise tháinig scoilt i gceann eabhair na fliúite ceolchoirme eochraithe ‘D’, agus d’athchóirigh Hamilton í sular tugadh í don McKenna Society, a scaoil dlúthdhiosca Liam Kelly
i 2021, taifeadta i dtigh dúchais McKenna féin i gCo Liatroma.Seinnfidh Kelly an fhliúit ag Cruinniú na bhFliúit, áit ina mbeidh sé ar dhuine de theagascóirí na bliana seo i dteannta le Bríd O’Gorman, Cein Sweeney, Peter Molloy, June McCormack, agus Tom Doorley.
Ceoltóirí ó cheann ceann an domhain le tuirlingt ar Bhaile Mhúirne
CÉ go bhfuil ticéid fós ar fáil do na ceadail agus imeachtaí eile ag Cruinniú na bhFliúit, bhí clár iomlán na gceardlann ag cruinniú na bliana seo go hiomlán díolta amach laistigh de roinnt uaireanta chloig ón uair a fógraíodh iad, leis an ócáid cheolmhar ag baint leasa as borradh iar-phaindéime, a dúirt Ann Kelsey ón gcoiste eagraithe.
“Tá fonn ar dhaoine tabhairt faoin gceol, faoin gcultúr, agus bheith amuigh i gcomhluadar dhaoine eile,” a dúirt sí. “Tá daoine ag teacht chugainn ó cheann ceann na cruinne, ó Stáit Aontaithe Mheiriceá, ón Ríocht Aontaithe, agus ó áiteanna eile ar fud na hEorpa.
“Táim féin ag teacht chuig an gcruinniú leis na blianta fada anuas agus fós ag teacht mar dhalta, mar aon le bheith ar an gcoiste anois, agus is breá liom go mór an bhraistint phobail atá i gceist.
“Táimid ar fad ag teacht ar ais anseo athuair chun casadh le chéile tar éis bliana agus is álainn an mothúchán atá i gceist leis sin.

“A leithéid d’ionadh a bhíonn ar chuid mhaith de na daoine a thagann chuig an gcruinniú mar mhúinteoirí agus an slí go sheinneann gach éinne i dteannta a chéile ann. Tugtar deis dúinn ar fad seinnt leis na múinteoirí agus na haíonna éagsúla. Is féidir teacht ar gach éinne agus ní bhíonn éinne scartha amach,” a dúirt sí.
Mar aon le freastal ar dhíograiseoirí na fliúite, soláthraíonn an cruinniú ‘seisiúin mhalla’ chomh maith, le nótaí na bhfonn clúiteach á gcur in airde ar shuíomh gréasáin nua na hócáide.
“Bhí roinnt ceoltóirí níos sine againn nach raibh ag seinnt ró fhada agus nach raibh stór ró-mhór fonn acu le seinnt,” a dúirt Ann.
“Cheapadar go gcabhródh sé leo moltaí a fháil de na foinn seisiúin coitianta a mbeadh á seinnt i rith na deireadh seachtaine, nó d’fhéadfaidís iad a sheinnt iad féin agus bheidís ar eolas ag roinnt mhaith daoine.
“Níl na foinn sin saintreorach; níl iontu ach saghas líon sábháilteachta do roinnt daoine ionas go mbeidís níos muiníne iontu féin.”
- Reáchtálfar Cruinniú na bhFliúit ón 12ú go 15ú Aibreán. Beidh ceolchoirm le Michael Rooney agus June McCormack san Ionad Cultúrtha, le ceadal le muintir Mheachair ó Chúil Aodha le linn na deireadh seachtaine.
- Féach: flutemeet.org