Tugann an dara cnuasach de sheanachas Phatsy Chit léargas ar bhunús ‘An Poc ar Buile’

Tá imleabhar nuafhoilsithe de bhéaloideas agus sheanachas Mhúscraí tar éis léargas nua a thabhairt ar bhunús ‘An Poc ar Buile’, amhrán a shamhlaítear go láidir forleathan leis an gceantar
Tugann an dara cnuasach de sheanachas Phatsy Chit léargas ar bhunús ‘An Poc ar Buile’

Muintir Phatsy Chit, Áodán Ó Murchú, Siobhán Ní Mhurchú, eagarthóir Pádraig Ó Céilleachair, Mairéad Ní Mhurchú, An tOllamh Seán Ó Coileán, a sheol an leabhar, agus Máire Áine Ní Mhurchú Uí hAodha, ag seoladh ‘Seanachas Phatsy Chit 2’ i mBéal Átha ’n Ghaorthaidh.

TÁ imleabhar nuafhoilsithe de bhéaloideas agus sheanachas talmhaíochta Mhúscraí tar éis léargas nua a thabhairt ar bhunús ‘An Poc ar Buile’, amhrán a shamhlaítear go láidir forleathan leis an gceantar Gaeltachta.

Tá amhráin agus dánta i measc réimse leathan ábhar cuimsithe sa leabhar Seanachas Phatsy Chit 2, foilsithe ag Cumann Staire Uíbh Laoire, ag leanúint ar aghaidh ó fhoilsiú an chéad imleabhair anuraidh.

Bhailigh Coimisiún Béaloideasa Éireann na scéalta sa bhliain 1942 ó Phádraig Ó Murchú ó Bhéal Átha ’n Ghaorthaidh, ar a dtugtaí Patsy Chit tar éis a mháthair Caitríona (Cit).

B’é Seán Ua Cróinín ó Choimisiún Béaloideasa Éireann a bhailigh agus a thras-scríobh na scéalta agus b’í amhránaí iomráiteach Mhúscraí Elizabeth ‘Bess’ Cronin a mháthair siúd. Ag tabhairt cúnamh dó bhí Éamonn Ó hArgáin, a bhí ina chónaí i Prohus, Cill na Martra.

Tá an leabhar nua curtha in eagar ag Pádraig Ó Céilleachair ó Bhéal Átha ’n Ghaorthaidh ó dhúchas, atá ina chónaí i gcathair Chorcaí anois.

Dúirt Seán Ó Súilleabháin ó Chumann Staire Uíbh Laoire go dtagann an leagan de chuid ‘An Poc ar Buile’ a bailíodh ó Phatsy Chit roimh véarsaí na 1940aidí a scríobh Dónall Ó Mulláin ó Chúil Aodha agus tugtha chun solais ag Seán Ó Sé.

“Bhí curfá an amhráin ina théama a úsáidtí go minic,” a dúirt an tUasal Ó Súilleabháin. 

“Chumadh muintir na háite a gcuid leaganacha féin agus bhíodh an leagan a bhí ag Pádraig Ó Murchú go mór i mbéal an phobail áitiúil roimh leagan Dhónaill Uí Mhulláin.” 

De réir Pádraig Ó Céilleachair: “Is deimhnitheach nach ó Dhónall Ó Mulláin a fuair Patsy Chit é ach ón dtraidisiún béil a chuaigh siar i bhfad roimis an mbeirt acu agus mo thuairim láidir gur ón dtraidisiún béil céanna a fuair Dónall Ó Mulláin é ach gur dhein sé a chuid féin de agus gur bhuail sé a stampa féin air, stampa atá le feiscint go láidir fós sa lá atá inniu ann.” 

Rugadh Patsy Chit, ó Ghort Luachra i mBéal Átha ’n Ghaorthaidh, sa bhliain 1876 agus bhí sé i measc roinnt mhaith seanchaithe áitiúla iomráiteacha lena gcuid scéalta Gaoluinne mar chúis leis an tóir a bhí ag lucht bailithe béaloidis orthu sna 1940aidí.

Ina measc siúd bhí Tadhg Ó Buachalla ó Ghaorthadh na Péice, a raibh, i dteannta lena bhean chéile Anastasia, mar ábhar an leabhair ón mbliain 1942 The Tailor and Ansty le Eric Cross.

Foinse eile ba ea Connie Ó hÉalaithe, a bhfuil a chuid seanchais siúd le bheith mar ábhar foilseacháin eile ó Chumann Staire Uíbh Laoire amach anseo.

'Seanachas Phatsy Chit 2', curtha in eagar ag Pádraig Ó Céilleachair.
'Seanachas Phatsy Chit 2', curtha in eagar ag Pádraig Ó Céilleachair.

Thar tamall de bhlianta tá Pádraig Ó Céilleachair i mbun oibre ag déanamh digitiú ar na lámhscríbhinní a bhaineann le Béal Átha ’n Ghaorthaidh, lámh scríofa ar dtús ag Seán Ua Cróinín sa bhliain 1942. Tá na hiontrálacha seanchais, a chuimsíonn neart eolais ar choimíneachtaí, deighilt na bpáirceanna agus tógáil claíocha, leagtha amach sa leabhar nua san ord céanna inar thaifead Ua Cróinín iad cead lá.

“Léiríonn na dátaí inar bailíodh iad gur thuig Pádraig Ó Murchú go rímhaith cad a bhí ag tarlú, gur rud a bhí anseo bhí sé ar fad á bhailiú do dhaoine eile — bhí scéalta á n-insint aige do ghlúinte na todhchaí le teacht, bhí sé á dhéanamh aige ionas go mbeadh cuntas taifeadta ann,” a dúirt an tUasal Ó Súilleabháin.

“Thóg sé duine aonair ar leith, duine fial flaithiúil cosúil le Patsy Chit bheith in ann thar tréimhse sé mhí an t-eolas ar fad atá sa dhá leabhar a thabhairt dúinn, seachas giotaí beaga comhrá, mar a tharlaíonn go minic. Thug sé mion-chur síos ar ualach mór rudaí faoi stiúir Sheáin Uí Chróinín, a bhí ina bhailitheoir sármhaith,” a dúirt sé.

“An méid atá ann níl sé ina ábhar spéise do scoláirí amháin in aon chor — tá sé ina ábhar spéise do gach éinne.” 

Cailleadh Patsy Chit sa bhliain 1948, sé bliana tar éis a bhailigh Coimisiún Béaloideasa Éireann a chuid scéalta, agus tá sé curtha sa reilig i nGuagán Barra.

Seanachas Phatsy Chit 2, foilsithe ag an Lee Press, ar fáil sna siopaí áitiúla, lena n-áirítear Siopa Uí Dhuinnín i mBéal Átha ’n Ghaorthaidh, Siopa Leabhar Mhaigh Chromtha, nó ar líne ag ballingearyhs.com, siopaleabhar.com, agus litriocht.com, ar chostas €10.

  • Beidh a thuilleadh ó Seanachas Phatsy Chit 2 san Echo go luath.

Read More

Ríméad ar theaghlaigh faoin gcinneadh i dtaobh áis na leanaí de chuid CoAction

More in this section

Man who stole charity collection box from Cork hotel bar jailed Man who stole charity collection box from Cork hotel bar jailed
Scales of justice and Gavel on wooden table and Lawyer or Judge working with agreement in Courtroom, Justice and Law concept 'It does break my heart': Judge reluctantly dismisses charges against suspected Cork drink driver
Cork’s Bishop Paul Colton has announced plans to retire Cork’s Bishop Paul Colton has announced plans to retire

Sponsored Content

Dell Technologies Forum to empower Irish organisations harness AI innovation this September Dell Technologies Forum to empower Irish organisations harness AI innovation this September
The New Levl Fitness Studio - Now open at Douglas Court The New Levl Fitness Studio - Now open at Douglas Court
World-class fertility care is available in Cork at the Sims IVF World-class fertility care is available in Cork at the Sims IVF
Contact Us Cookie Policy Privacy Policy Terms and Conditions

© Examiner Echo Group Limited

Add Echolive.ie to your home screen - easy access to Cork news, views, sport and more