Ríméad ar theaghlaigh faoin gcinneadh i dtaobh áis na leanaí de chuid CoAction

Lucht agóide ag máirseáil i mBeanntraí, eagraithe ag an ngrúpa CoAction Parents Alliance. Grianghrafadóir: Tony McElhinney
TÁ máthair ó Bhéal Átha ’n Ghaorthaidh tar éis labhairt faoin bhfaoiseamh atá uirthi i leith aisiompú na n-athruithe beartaithe do sholáthar seirbhísí na leanaí de chuid CoAction a bhuíochas le cur i gcoinne láidir ó theaghlaigh agus ón bpobal áitiúil.
Fágadh teaghlaigh go hiomlán trína chéile nuair a chuala faoi na pleananna a bhí ann áis CoAction, a saintógadh ar chostas €1.3m i mBeanntraí go speisialta do leanaí le riachtanais bhreise, a iompú isteach in aonad cónaithe do dhaoine fásta agus é á áiteamh acu go gcuirfeadh a leithéid isteach ar na seirbhísí á soláthar do dhaoine óga agus fásta araon.
Tá mac le Julia May Uí Chríodáin, Tadhg atá ceithre bliana d’aois, i measc os cionn 180 páiste ag freastal ar Ionad Leanaí agus Clainne Bheanntraí, a d’oscail sa bhliain 2011 tar éis feachtas bailithe airgid fairsing sa phobal áitiúil.
Dúirt sí nuair a fuair an chlann an dhiagnóis céad lá gur dúradh leo nach mbeadh Tadhg “riamh in ann siúl, riamh in ann labhairt, nó riamh in ann idirghabháil linn” ach thosnaigh sé ag siúl níos luaithe i mbliana agus tá sé ag cleachtadh a chuid reatha faoi láthair, leis na seirbhísí atá á fháil aige in ionad Bheanntraí ríthábhachtach dá chuid forbartha go dtí seo.
Faoi na pleananna beartaithe, ar chuala na teaghlaigh trácht orthu le seachtainí beaga anuas, bhí seirbhísí na leanaí le bogadh trasna an bhóthair go foirgneamh oifige CoAction, leis an ionad leanaí agus clainne á athrú chun freastal ar dhaoine fásta atá ina gcónaí faoi láthair in aonad cónaithe Bayview de chuid CoAction i mBeanntraí.
Tháinig Bayview, aonad ina bhfuil cónaí ar cheathrar agus áit a sholáthraíonn faoiseamh le haghaidh thart ar deichniúr eile ar bhonn rothlaithe, faoi réir thuarascálacha Hiqa le déanaí agus “caithfear tabhairt faoi oibreacha athchóirithe suntasacha ann lena n-áirítear athruithe ar an leagan amach, ath-shreangú, ath-phluiméireacht, oibreacha dín agus aonad cóireála uisce nua”, a dúirt príomhfheidh-meannach CoAction, Gobnait Ní Chrualaoí.
D’fhreastail teaghlaigh de chuid úsáideoirí seirbhíse na leanaí agus daoine fásta araon ar chruinniú cinn bhliana CoAction le déanaí, áit inar léirigh go leor daoine a chuid déistin i leith na bpleananna le linn argóintí teasaí.
Ina dhiaidh sin lean máirseáil agóide trí bhaile Bheanntraí, le hionadaithe polaitiúla i láthair ann, a d’ardaigh an t-ábhar sa Dáil agus sa Seanad, agus agóidí síochánta lasmuigh d’fhoirgneamh CoAction an tseachtain seo caite.
Shonraigh achainí a thosnaigh CoAction Parents Alliance, ag mealladh os cionn 2,500 síniú: “Tá teaghlaigh na leanaí óga agus teaghlaigh na ndaoine fásta a mbaineann úsáid as na seirbhísí go hiomlán trína chéile faoi na pleananna beartaithe agus creidtear d’aonghuth go gcuirfear isteach ar na seirbhísí á soláthar do dhaoine óga agus fásta araon agus ní léirítear aon luach ar airgead ann.”
Dúirt Julia May Uí Chríodáin go bhfuil na seirbhísí ríthábhachtach dá mac, atá “nasctha isteach le CoAction ón uair go raibh sé naoi nó deich seachtain d’aois”.
“Tá gach rud ann, tá fisiteiripe, teiripe shaothair, teiripe urlabhra agus teanga, altra cliniciúil, seomra aclaíochta atá feistithe ó bhun go barr, seomraí measúnaithe, agus clós súgartha iata,” a dúirt sí. “Dúradh linn nuair a tugadh diagnóis Thaidhg dúinn céad lá nach mbeadh sé riamh in ann siúl, riamh in ann labhairt, nó riamh in ann idirghabháil linn.
“Ach thosnaigh Tadhg ag siúl i mbliana. Tá sé ag rith anois, ag briseadh ár gcroíthe agus ag tarraingt an áit as a chéile, ach is iontach an gearán é sin ar fad.
“Níl sé ag caint go fóill ach tá sé breá ábalta é féin a chur in iúl dúinn agus creidimid go láidir go bhfuil cuid mhaith den dul chun cinn seo déanta aige a bhuíochas leis na seirbhísí iontacha ar fad a fhaigheann sé go háitiúil le CoAction. Bhí an luath-idirghabháil thar a bheith tábhachtach do Thadhg agus tá na seirbhísí a fhaigheann sé ón bhfoireann i mBeanntraí dochreidte ar fad.” Tháinig cinneadh na seachtaine seo caite ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte chun seirbhísí na leanaí a choimeád sa láthair reatha díreach tar éis fógra go raibh cúigear den seachtar iontaobhaí de chuid CoAction ag éirí as a gcuid cúramaí.
Tuigtear go raibh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte i mbun teagmhála le hoifig an Aire Stáit Míchumais, Anne Rabitte Déardaoin seo caite le cur in iúl di nach mbeifí ag dul ar aghaidh níos mó leis na pleananna a bhí ann seirbhísí na leanaí a bhogadh. Dúirt bord iontaobhaithe CoAction i ráiteas go raibh cinneadh déanta ag cúigear de na hiontaobhaithe seasamh síos toisc go raibh “dochar buan déanta don ghaol idir an mbord agus cuid de na baill”.

Dúirt an bord gur thug cohórt tuismitheoirí agus a lucht tacaíochta faoi ionsaí béil ag an gcruinniú cinn bliana, a lean ar aghaidh “ar go leor ardán de chuid na meán sóisialta, ar na meáin chraolta, le máirseálacha agóide agus ualach ríomhphost anacracha á seoladh go hoifigí an phríomhfheidhmeannaigh”.
Lena chois sin luaigh an ráiteas idirghabháil pholaitiúil ón tAire Rabitte i gcoinne na bpleananna agus í i mbun cainte sa Dáil.
“Ní féidir leis na stiúrthóirí/iontaobhaithe fanúint ina bpost mar atá toisc go bhfuil sé thar a bheith soiléir go bhfuil easpa muiníne sa bhord, rud atá dochrach do CoAction agus ag cur isteach ar riaradh éifeachtúil na heagraíochta ag an bpríomhfheidhmeannach agus an fhoireann bhainistíochta sinsearaí,” a dúradh, ag rá chomh maith go bhfuiltear ag súil anois gur féidir réiteach a fháil chun freastal ar an gceathrar atá ina gcónaí in aonad Bayview agus chun spásanna faoisimh a sholáthar.
Dúirt urlabhraí de chuid an tAire Rabbitte le
: “Tar éis di an t-ionad leanaí agus clainne a fheiscint agus í ar an eolas go maith faoin obair den chéad scoth atá á dhéanamh ann, ní aontaíonn an tAire in aon chor leis na pleananna beartaithe chun an t-ionad a bhogadh ón áit ina bhfuil sé.”Dúirt Julia May Uí Chríodáin go bhfuil ríméad amach is amach ar thuismitheoirí faoin gcinneadh is déanaí.
“Sheas gach éinne i dteannta a chéile ar son na cúise agus bhí an pobal áitiúil go hiontach chomh maith. Cinnte caithfear áitreabh oiriúnach a aimsiú anois don cheathrar atá ina gcónaí i Bayview fad atá oibreacha athchóirithe á gcur i gcrích ansan ach níor cheart go mbeifí tar éis féachaint ar fhoirgneamh na leanaí in aon chor, is do na leanaí an foirgneamh sin agus tá sé go hiontach anois gur mar sin a fhanfaidh sé.
"Agus sinn ag bogadh chun cinn anois beidh bord nua le toghadh gan dabht agus tá sé thar a bheith tábhachtach go mbeadh cumarsáid oscailte idir an mbord, an príomhfheidhmeannach agus na teaghlaigh, ar thaobh na leanaí agus na ndaoine fásta araon.”