SCÉALTA CHORCAÍ: Cóisir pobail le réalt teilifíse chun dán iomráiteach a cheiliúradh i gCúil Aodha

Tháinig na sluaite go Cúil Aodha - agus níos faide i gcéin - go dtí an sráidbhaile beag Gaeltachta le h-aghaidh mór ocáid a eagraíodh chun ceiliúradh a dhéanamh ar dhán a scríobhadh níos mó ná ceithre scór bliain ó shin.
Agus bhí baint nach beag ag an aoi speisíalta leis an slua, b’shin í Siobhán McSweeney, gar iníon fhile an dháin a bhí á cheiliúradh agus réalt theilifíse ó Derry Girls, Extraordinary agus Holding, dráma a deineadh scannánú air i gCorcaigh agus a scrígh Graham Norton.

Mar a léirigh an chóir de dhaltaí ó Scoil Chúil Aodha, tá ‘An Peidhleacán’ fós i mbéal na ndaoine agus tá pobal na h-áite ana cheanúil air an sé bhéarsa a scrígh an fhile, Pádraig Mac Suibhne ‘An Suibhneach Meann’, faoin chomhrá a raibh aige ina shamhlaíocht leis an bhfeithid ildáite a chuir isteach ar a phaidreacha agus é ag freastal ar Aifreann i Séipéal Chúil Aodha.
Bhuaigh an dán a scrígh sé mar gheall ar seo an duais don dán ab fhearr ag Oireachtas na Gaeilge i 1939; go deimhin, bhí an dán foirfe, thug na moltóirí le fios de réir gach slát tomhas - meafaireacht, smaointe, rithim, rím is meadaracht.
Tá sliocht ón ndán agus íomhá de pheidhleacán is paidrín ar bheann tí an sean oifig a'phoist, tigh atá anois ag muintir Iarfhlaithe, atá béal dorais leis an séipéal. Beidh dealbh Sheán Uí Riada, an chumadóir, atá i gclós an tseipéil inar bhunaigh sé Cór Chúil Aodha, ag baint taithnimh as ar feadh na sioraíochta anois.
I measc na sluaite a tháinig go dtí an ocáid chun an múr phictiúir a dhear Denis O’Riordan, múr-ealaíontóir iomráiteach Mhaigh Chromtha, bhí muintir an fhile, a iníon Máire nó Máiní, bean a mhúin na glúinte de pháistí na h-áite, agus Seán, fear a chaith a shaol i gCorcaigh agus a d’oibrigh san aerfort.

Tionscadal é seo a thosnaigh le h-aisling a thúirling oíche amháin an Fhómhair seo cháite ar Eibhlín Ní Lionáird, an t-oifigeach pleanála teanga atá fostaithe ag Comharchumann Forbartha Mhúscraí, agus a thugadh chomh fada le h-ocáid seolta an Domhnaigh le h-obair fóirne agus go leor comhairle is eile thar na míonna ó shin.
Roimh do Shiobhán McSweeney an seoladh a dhéanamh, labhair Máiní, iníon an fhile, faoin mbród a raibh uirthí agus a muintir as ucht an múrphictiúir seo faoi dhán a h-athair a choimisiniú is a chur i gcrich agus d’aithris sí an dán freisin.

Ansan a labhair Siobhán í féin - agus cé go raibh sí ag rá ná raibh focal Gaolainne aici - is le blas agus le líofacht a labhair sí.
Níor cheart do TG4 tabhairt suas uirthí chun clár éigean a chur i láthair nó páirt a ghlacadh i ndráma theilifíse.
Bhí sise chomh morálach céanna as an ocáid seo i gcuimhne ar a sean athair agus a seanmhathair, Hannah. Iníon le Traolach Mac Suibhne, nach maireann, í buaiteoir an BAFTA dá ról mar Sr. Michael i Derry Girls.

Tar éis an seoladh ag an sean oifig a’phoist, thug an slua aghaidh ar mhór shiúl trí Atha Leactha, páirc gleoite atá cruthaithe ar bhruach an tSuláin ag an bhfear gnó áitiúil, Peadar Ó Lionáird, agus as an san go dtí an halla phobal, Áras Éamon Mac Suibhne. Ag ceann an slua bhí na piobairí áitiúla, Seán agus Síle Uí Luasa.
Lean an cibeal ansan agus bhí soláistí, ispiní agus tae is eile ann. Bhí ceol agus rince agus amhráin ann freisin agus bhí Siobhán í féin páirteach i seit agus í in ard hiumar ag caint is ag cabaireacht le muintir na h-áite.
Lá dár saol nach ligfear i ndearúd.