SCÉALTA CHORCAÍ: An Ghaeilge agus an Ghaeltacht i bplean nua Chomhairle Chontae Chorcaí

Is beag tagairt atá ann don Ghaeltacht agus don Ghaeilge, rud a tharlaíonn go minic sna pleananna seo.
SCÉALTA CHORCAÍ: An Ghaeilge agus an Ghaeltacht i bplean nua Chomhairle Chontae Chorcaí

Ionadaithe ó na grúpaí a ghlac páirt sa phroiseas comhairliúcháin a chuir Comhairle Contae Chorcaí ar bun chun Plean Eacnamaíochta agus Áitiúil Chorcaí 2024 – 30 a chuir le chéile ag an seoladh in Aras an Chontae le déanaí.

Sheol Comhairle Contae Chorcaí caipéis an tseachtain seo cháite, Plean Eacnamaíochta agus Pobail Áitiúil an Chontae 2024-2030, agus is caipéis tabhachtach é nó is é an léarscáil forbartha don chontae ar feadh an tréimhse sin.

De réir na h-údair - oifigigh agus comhairleoirí an Chontae agus grúpa ionadaithe ó eagrais éagsúla ar fuaid an chontae, is ar an chaipéis seo a bheidh an Comhairle ag filleadh chun cinntí maidir le caiteachas agus buiséid as seo go 2030 agus, dá réir sin, má bhíonn do cheantar nó do chúis luaite sa phlean, tá leat. 

Is beag tagairt atá ann don Ghaeltacht agus don Ghaeilge, rud a tharlaíonn go minic sna pleananna seo. 

Ach tá ceithre mhír ann a fhéadfaí a rá go bhfuil tagairt ann don Ghaeilge nó don Ghaeilge iontu. Níl siad uaillmhianach is féidir a rá. 

Faoi choimirce na Seirbhíse Leabharlainne agus Ealaíon, tá sé i gceist go mbeadh grúpaí comhrá á reachtáil i leabharlannaí an chontae.

Tá sé beartaithe freisin go mbeadh meitheal oibre ann le h-aghaidh ceantair tuaithe agus an Ghaeltacht. 

Moltar go mbeadh imeachtaí le h-aghaidh Seachtáin na Gaeilge á reachtáil agus, an ceathrú ceann, go dtabharfaí tacaíocht do chláracha agus do thionscnaimh a chuireann an Ghaeilge chun cinn agus a thacaíonn lei. 

Más grúpa a bhionn ag plé leis an nGaeilge agus leis an nGaeltacht sibh, seo an gormchló le h-aghaidh d’iarratais ar mhaoiniú agus ar thacaíocht ón gComhairle.

More in this section

Man in prison hands of behind hold Steel cage jail bars. offender criminal locked in jail. Man who set fire to vehicles at Cork Airport Business Park jailed for three years
Budget childcare measures not enough for parents or providers, councillor says Budget childcare measures not enough for parents or providers, councillor says
Dirty empty dark corridor in abandoned building, doors, light in the end, perspective, way to freedom Funding on offer for projects to spruce up Cork's towns and villages 

Sponsored Content

CS ESB Networks Oct 2026 Got a smart meter? Time to unlock its value with an ESB Networks online account
 ‘I don’t feel like myself any more’. Why Irish women are missing the signs of menopause ‘I don’t feel like myself any more’. Why Irish women are missing the signs of menopause
New build, renovation or replacement? Seven window and door decisions to make before comparing quotes in Ireland New build, renovation or replacement? Seven window and door decisions to make before comparing quotes in Ireland
Contact Us Cookie Policy Privacy Policy Terms and Conditions

© Examiner Echo Group Limited

Add Echolive.ie to your home screen - easy access to Cork news, views, sport and more