SCÉALTA CHORCAÍ: Seal eile le fáil ag na pleananna teanga i nGaeltachtaí na tíre

Cad a tharlóidh don bpleanáil teanga nuair a bheidh an seol rite le h-aghaidh na pleananna atá á gcur i gcrich faoi láthair?
SCÉALTA CHORCAÍ: Seal eile le fáil ag na pleananna teanga i nGaeltachtaí na tíre

Léas beatha don nGaeltacht? Síneadh ama geallta ag an Roinn do phleanáil teanga.

Tá Roinn na Gaeltachta tar éis freagra dearfach a thabhairt ar fhiosrú a rinne an leathnach seo chun freagra na ceiste seo a dheimhniú.

Cad a tharlóidh don bpleanáil teanga nuair a bheidh an seol rite le h-aghaidh na pleananna atá á gcur i gcrich faoi láthair?

Mar is eol dúinn, tá pleananna teanga á gcur i bhfeidhm i 26 limistéir pleanála teanga atá scaipthe ar fuaid na tíre. Tá dhá limistéir pleanála teanga i gContae Chorcaí - Múscraí idir An Mons taobh thiar de Mhaigh Chromtha agus teorainn an chontae agus Oileán Cléire.

De réir eolas a tháinig ó Roinn na Gaeltachta mar fhreagra ar fhiosrú ón ‘Echo’, tá sé i gceist, dealraíonn sé, go mbeadh seal seacht mbliana eile ag na pleananna teanga - agus na h-oifigigh atá á gcur i bhfeidhm - nuair a thagann deireadh lena gcéad sealanna sna míonna agus na blianta romhainn. Tá dornán a thosnaigh i 2017 agus cuireadh tús le Plean Teanga Mhúscraí i 2018 nó b’shin an uair a síníodh an chonradh idir an cheanneagras, Comharchumann Forbartha Mhúscraí, agus an tÚdarás/An Roinn. Is i 2021 a tosnaíodh Plean Teanga Cléire.

Beidh le feiscint conas a chuirfear san áireamh blianta caillte na Paindéime nó toscaí eile san áireamh ar na blianta.

Faoi láthair tá comhlacht chomhairleoireachta ag ullmhú tuarascála bunaithe ar athbhreithniú atá déanta acu ar an gcéad deich phlean teanga. Ach, sara bhfoilseofar rud ar bith, is féidir a rá gur féidir go mbeadh faoiseamh éigean sa mhéid seo ón ráiteas a sheol an Roinn chuig an nuachtán seo.

“Cuirfear aiseolas maidir le feidhmiú na bpleananna ar fáil agus, bunaithe ar an méid a aithnítear san athbhreithniú, beifear in ann céimeanna a ghlacadh chun cur i bhfeidhm an phróisis phleanála teanga a fheabhsú.

“Bheifí ag súil go mbeadh pleananna nua don chéad tréimhse seacht mbliana eile á ndréachtú i gcomhar leis an bpobal, i mbliain a 6 d’fhéidhmiú na bpleananna reatha, chun go mbeadh leanúnachas i gcur i bhfeidhm an phróisis phleanála teanga ar an talamh.

“Cuirfear moltaí an athbhreithnithe san áireamh agus an obair seo ar bun ag na ceanneagraíochtaí pleanála teanga chomh maith.” An chéad tréimhse eile seacht mbliana eile - léigh sibh san Echo ar dtúis é! Is leor nod don eolach!

More in this section

Nationwide hosepipe ban from Friday as Uisce Éireann says supplies coming under pressure   Nationwide hosepipe ban from Friday as Uisce Éireann says supplies coming under pressure  
Murder accused in Doneraile trial: 'There was no intent ... to do what happened' Murder accused in Doneraile trial: 'There was no intent ... to do what happened'
Funeral details announced for Cork DJ, Mark 'Beanzy' O'Brien Funeral details announced for Cork DJ, Mark 'Beanzy' O'Brien

Sponsored Content

"My master's at UL taught me that structured learning and a demanding career can coexist" "My master's at UL taught me that structured learning and a demanding career can coexist"
Three days of steam, music and heritage at the 62nd National Steam Rally Three days of steam, music and heritage at the 62nd National Steam Rally
How 50 years of innovation and investment have fuelled Bord Gáis Energy – and empowered Cork How 50 years of innovation and investment have fuelled Bord Gáis Energy – and empowered Cork
Contact Us Cookie Policy Privacy Policy Terms and Conditions

© Examiner Echo Group Limited

Add Echolive.ie to your home screen - easy access to Cork news, views, sport and more