Rath Blas na hÉireann á cheiliúradh ag comhlachtaí Mhúscraí

Rath Blas na hÉireann á cheiliúradh ag comhlachtaí Mhúscraí

Bronntar gradam Blas na hÉireann ar Chathal Allen stiúrthóir De Róiste Foods, in éineacht le Damien Ó hUidhir, Select Foods, Birgitta Curtin agus David Henderson,urraitheoir. Grianghrafadóir: Don MacMonagle

TÁ trí chomhlacht ó Mhúscraí ag ceiliúradh tar éis dóibh aitheantas a bhaint amach ag gradaim Blas na hÉireann sa Daingean le déanaí.

Thug Folláin Teo ualach ollmhór de 10 nduais abhaile leo, agus bhí bonn óir chomh maith do De Róiste Foods agus duaiseanna do Tháirgí Cáis Buabhall Mhaigh Chromtha chomh maith i gcatagóirí éagsúla.

D’éirigh le Folláin, atá lonnaithe i mBaile Mhúirne, neart duaiseanna a bhreith leo i rannóga na subha milse agus saillte ag na gradaim dall-bhlaiste is mó in Éirinn, ag gnóthú ard-mholadh do tháirgí faoi bhranda an chomhlachta féin, agus dóibh siúd á dtáirgeadh acu faoi lipéid thrí ollmhargadh ceannródaíoch.

Bhuaigh an comhlacht, á riaradh ag Máirín agus Peadar Ó Lionáird, gradam foriomlán an chontae ‘Best in Cork’, mar aon le ceithre bhonn óir á mbuachaint acu don Kimchi Ketchup de chuid Folláin, picil cúcamair Folláin, an subh silíní agus sú craobh ‘Signature Tastes’ a dhéanann siad do Supervalu, agus an blastóg Gaelach piobair jalapeno do Aldi.

Fuair an comhlacht duais airgid chomh maith don ghlóthach cuiríní dearga lámh-déanta ‘Simply Better’ de chuid Dunnes Stores, agus ceithre dhuais chré-umha dá chuid táirgí Dunnes Stores Simply Better Handmade Irish Bramley Apple and Fig Chutney; Folláin Wholegrain Mustard; Supervalu Signature Tastes Roast Pepper Relish; agus an Supervalu Signature Tastes/Inspired by Centra Strawberry Conserve.

Lena chois sin, fuair comhlacht eile ó Bhaile Mhúirne, De Róiste Foods, bonn óir dá tháirge ‘Ballyvourney White Pudding’. Leis an mbonn airgid buaite acu don táirge ‘De Róiste White Pudding’ anuraidh, dúirt stiúrthóir bainistíochta an chomhlachta Jimmy Allen gur thug na gradaim “aitheantas don chomhlacht, agus borradh mór a bheidh ann ó thaobh díolacháin nuair a fheiceann daoine greamán órga Blas na hÉireann ar ár gcuid táirgí.” Tá sé i gceist ag an gcomhlacht, a fhostaíonn deichniúir ball foirne, ceathrar eile a earcú sna rannóga táirgeadh agus díolachán, le síneadh monarchan beartaithe agus conradh bliana le Aldi sa tsúil chomh maith.

Ghnóthaigh De Róiste Foods ‘liostáil séasúrach’ leis an miondíoltóir le déanaí, rud a chiallóidh go mbeidh táirgí an chomhlachta ar díol ar bhonn náisiúnta, le cur chun cinn a gcuid táirgí agus borradh díolacháin feicthe acu cheana féin mar chuid den chlár ‘Grow with Aldi’.

 “Dhíolamar 4,000 bata putóg ar fud na tíre thar tréimhse trí lá, ó Dhún na nGall chomh fada síos le Baile Chaisleáin Bhéara,” a dúirt an tUas Allen. “Cuireann sé go mór i mbéal an phobail sinn. Tá an-chabhair faighte againn chomh maith ó Údarás na Gaeltachta lenár monarcha á shíneadh againn agus táid ag obair linn de réir mar a théimid ó chomhlacht atá ag tosnú ar an bhfód go comhlacht príomhshrutha.” Le borradh ina chuid díolachán feola chomh maith tá táirgeoirí Chill na Martra, Johnny agus Geraldine Lynch, atá tar éis feoil bhuabhall a chur lena ngnó eiseach Táirgí Cáis Buabhall Mhaigh Chromtha.

Fuaireadar bonn airgid ag gradaim Blas na hÉireann go comhpháirteach dá dtáirge féin Cáis Buabhall Mhaigh Chromtha, agus don mozzarella atá á thairgeadh acu faoi lipéad Aldi ‘Specially Selected’.

Ghnóthaigh Feoil Bhuabhall Mhaigh Chromtha moladh faoi thrí chomh maith le trí bhúistéir éagsúil ag fáil gradaim ag úsáid an mhionfheola sa chatagóir ‘feoil eile’, Drinagh Eurospar ag tabhairt leo an bonn cré-umha dá chuid burgar buabhall agus oinniún earraigh; búistéirí Macamore Buffalo ó Loch Garman ag tabhairt leo an bonn airgid don bhurgar 6 unsa, agus búistéirí O’Leary Family Butchers ó Shráid an Mhuilinn leis an mbonn óir dá gcuid burgar buabhall.

Dúirt Lina Racine ó Tháirgí Cáis Buabhall Mhaigh Chromtha agus í ag trácht ar an bhfeoil bhuabhall: “Ar dtús bhí sé deacair go maith iachall a chur ar thomhaltóirí rud éigin difriúil a bhlaiseadh agus iachall a chur ar bhúistéirí í a dhíol ina gcuid siopaí, ach tá ag éirí thar barr leis anois agus tá na siopaí búistéara beaga ag díol an t-uafás mionfheola gach seachtain, mar aon leis na gearrthóga feola níos daoire agus feoil stobhaigh – déanann an fheoil bhuabhall strúisín thar a bheith blasta.” Dúirt Lina Racine go bhfuil an comhlacht ag súil go mbeidh an fheoil bhuabhall agus a cháis sa stíl Gréagach liostáilte le haghaidh ollmhargaí an bhliain seo chugainn, agus tá déantóir cáise ón gCipir, Pana Panteli, fostaithe ag an gcomhlacht le déanaí le dul i mbun oibre leis an déantóir cáise atá acu cheana féin, Seán Ferry.

More in this section

Sponsored Content