Fáilte roimh fhilí go Dáimh Scoil Mhúscraí Uí Fhloinn

Deirtear gur thug Aogán Ó Rathaille cuairt uirthi sin timpeall na bliana 1700.
Fáilte roimh fhilí go Dáimh Scoil Mhúscraí Uí Fhloinn

Tá an Dáimh Scoil á reachtáil i Múscraí ó Lá 'le Stiofáin 1925.  Beidh sé ar siúl arís in Áras Éamon Mac Suibhne i gCúil Aodha ag 3in, 28 Nollaig.   

Tá sé in am do lucht cumtha véarsaí, filí is reacairí bheith ag ullmhú don ócáid fhilíochta a thiteann amach idir an dá Nollaig, is é sin gan amhras, Dáimh Scoil Mhúscraí Uí Fhloinn.

Tá an Dáimh Scoil á reáchtáil go bliantúil ó Lá Fhéile Stiofáin 1925 nuair a tugadh ar ais é ó chodladh breis is 100 bliain nó bhíodh cúirt filíochta ag muintir Iarfhlaithe i mBaile Mhúirne san 18ú chéad.

Deirtear gur thug Aogán Ó Rathaille cuairt uirthi sin timpeall na bliana 1700. Thóg muintir Colthurst ceannas ar stát na nIarlathach, agus nuair a cailleadh an tAthair Liam, an duine deireanach a chónaigh i dTigh na Cille, chuaigh feith na filíochta chun codlata lena bháis.

Ach i 1925, d’athbhunaigh Pádraig Ó Cruadhlaoich (Gael na nGael), Dómhnall Ó Ceocháin agus Pádraig Mac Suibhne (‘An Suibhneach Meann’) an chúirt - Dáimh Scoil Bhaile Mhúirne a thug siad air ar dtús ach ansin, ar mhaithe le go mbeadh sé fáilteach timpeall na ndúichí ar fad, d’athbhaisteadh Dáimh Scoil Mhúscraí Uí Fhloinn ar an gcúirt.

Nuair a deirtear ‘cúirt filíochta’ nó ‘dáimh scoil’, ní hionann sin agus a rá gur ócáid foirmeáilte amach is amach é.

Ní bheadh sin cothrom nó an rud a bhíonn i gceist ná ócáid caradach a bhíonn á reáchtáil in Áras Éamon Mac Suibhne i gCúil Aodha idir an dá Nollaig.

Bíonn cúpla uair a chloig ana thaitneamhach ann, daoine ag aithris a véarsaí is a ndánta agus an t-aon bhreith a thugtar ná buaileadh bos agus scairteadh gáirí.

Beidh an Dáimh Scoil ar siúl i mbliana ar an Domhnach, 28 Nollaig. Tiocfaidh an slua le chéile ag 3in in Áras Éamon Mac Suibhne agus beidh filíocht agus comhluadar againn ar feadh cúpla uair a chloig.

I mbliana tá Uachtarán nua tagtha i réim. Is é sin Seán Óg Ó Duinnín, scríbhneoir ildánach agus an té a raibh láimh nach beag aige i léirithe iontacha, Tuairín Dubh agus Gobnait, a cuireadh ar ardán i mBéal Átha’n Ghaorthaidh le cúpla bliain anuas.

EVERYMAN

Chuaigh Tuairín Dubh go dtí an Everyman ina dhiaidh sin agus bhí Gobnait ar an ardán san Opera House.

Le linn na seachtaine, fuair Cumann Léirithe Bhéal Áthá’n Ghaorthaidh aitheantas as ucht Tuairín Dubh agus Gobnait ag Gradaim na Gaeltachta (féach an griangraf thuas) a bronnadh an Déardaoin seo cáite.

Bhí athair Sheán Óg, Seán, ina fhile aitheanta a raibh ag an Dáimh Scoil gan teip gach bliain agus bhí ana dhúil ag an slua ina chuid saothair. D’éirigh Gobnait Ní Chruadhlaoich, a raibh a sean athair, Dónall Ó Ceocháin i measc na mbunaitheoirí, as an gcúram anuraidh agus tá an Dáimh Scoil bhuíoch di don seirbhís a thug sí nó tháinig sí i gcomharbas ar Bheithsí Ní Shuibhne a cailleadh roimh an phaindéim agus ghlac sé bliain nó dhó orainn teacht ar ais ina dhiaidh sin.

Beidh fáilte roimh lucht cumtha véarsaí a guid saothair féin a chuir i láthair. Mar is gnáth tá Cuireadh, atá cumtha go snasta ag an Uachtarán nuacheaptha, agus Ceist, chun dúshlán a thabhairt dos na bhFilí. Cuirtear fáilte roimh fhreagraí ar an gcuireadh agus ar an gceist.

An Cuireadh

Le Seán Óg Ó Duinnín,

Uachtarán, Dáimh Scoil Mhúscraí Uí Fhloinn

Cuirigí peann le pár agus bígí linn

Ar bhruach an tSuláin go fileata sinn

Ag teacht le chéile go cruthaitheach cruinn

Le véarsaí a’s rannta atá garbh nó binn.

Bain trial as an bhfilíocht nó can dúinn amhrán

Má bhíonn tú ‘nár dteannta ní bheidh cúis gearáin.

Beidh filí atá fileata a’s amhránaithe ann

Ná bíodh ort aon chuthail a’s tabhair dúinn do rann.

Ó chian a’s ó chóngar ó thuaidh a’s ó dheas

Beidh comhluadar foighneach, ‘tá fáiltiúil a’s deas

Le fáil ag an Dámhscoil i Múscraí le meas

Mar sin, bígí linn, sa chompord a’s teas.

An Cheist

Le Concubhar Ó Liatháin

Cléireach, Dáimh Scoil Mhúscraí Uí Fhloinn

Tá tír na n-óg i m’fhón phóca

Is an domhan ar fad ar an idirlíon

Is féidir taisteal i bhfad is i gcéin

Ag suí ar do thóin ar do thínteán féin

Togha gach bídh is rogha gach dí

Bíonn le blaiseadh de ló is toiche

Níl ocras ná gannchuid ar na tionchóirí

Táid íoctha go maith as a gcuid tuairimí.

Ach an feas dár gcáirde ríomhairí

Conas a chumtar dánta Mhúscraí

Rithim is rím agus comhréir shiollaí

Na rialacha a rialaíonn éigse na bhfilí

Ag suí anseo cráite ag iarraidh ceist á scríobh.

Cad a fhéadfadh mé a shlánú ó ghorta véarsaí

An bhfuil uirlis nò app a thabharfaidh mé slán

Nó an féidir gur AI a scrìobhfadh mo dhán?

More in this section

judgement of judge about legislation, authority, crime, government, justice, punishment, verdict at court decision by gavel. ham Man used scaffold bar to damage car over row about neighbours' Rottweilers
Pepsi announces Cork job losses due to 'organisational changes' Pepsi announces Cork job losses due to 'organisational changes'
Suspended sentence for man caught with cannabis and cash at Douglas home Suspended sentence for man caught with cannabis and cash at Douglas home

Sponsored Content

Get the Douglas Court Shopping Centre look this Winter Get the Douglas Court Shopping Centre look this Winter
Making impact, inspiring futures: SETU delivers €1bn regional transformation Making impact, inspiring futures: SETU delivers €1bn regional transformation
Vhi invests in youth projects to manage anxiety and build resilience Vhi invests in youth projects to manage anxiety and build resilience
Contact Us Cookie Policy Privacy Policy Terms and Conditions

© Examiner Echo Group Limited

Add Echolive.ie to your home screen - easy access to Cork news, views, sport and more