Scéalta Chorcaí: Buaiteoirí Chorcaí ag Oireachtas na Samhna

Scéalta Chorcaí: Buaiteoirí Chorcaí ag Oireachtas na Samhna

Finín Ó Conaill, a bhuaigh an dara háit sa Chomórtas Damhsa ar an Sean-Nós (Comórtas H).

1.Úna Ní Choileáin, Gleann Daimh, Carrig an Ime, Maigh Chromtha, Co Chorcaí.

2. Sláine Ní Chathaláin, Corca Dhuibhne, agus Seosamh Ó Críodáin, Maigh Chromtha, ar imeall Mhúscraí, a bhuaigh an chéad duais i gComórtas an Amhráin Saothair.

3.Aoibhínn Ní Shúilleabháin, Scoil Abán Naofa, Baile Bhuirne, Co. Chorcaí, a bhuaigh an dara háit sa Chomórtas ASmhránaíochta ar an sean nós lena deirfiúr agus múinteoir amhránaíochta Josie Ní Chuilleanáin.

4.Finín Ó Conaill agus Seán Ó Súilleabháin, Gaeltacht Mhúscraí, Co Chorcaí, a bhuaigh an chéad áit sa chomórtas Lúibíní (idir 14-17 bl).

Céim chun tosaigh do Mhaigh Chromtha I dtreo stadas bhaile sheirbhíse Gaeltachta

Más maith is mithid, faoi dheireadh thiar tháinig leid ná raibh an iarracht go mbeadh Maigh Chromtha ina bhaile sheirbhíse Gaeltachta chomh marbh le h-airt nó sa Dáil le seachtainí beaga anuas bhí ceist ag an dTeachta Dála Aindrias Ó Muimhneacháin ar an ábhar.

Ar eagla nach bhfuil tú ar an eolas, de réir reachtaíocht atá in áit ó 2012, tá bailte ar nós Magia Chromtha, Cathair Saidhbhín, Daingean Uí Chúis agus Leitir Ceanainn ainmnithe le bheith ina mbailte sheirbhísí Gaeltachta.

Ciallaíonn sin go mbeadh iarracht ar leith á dhéanamh chun an Ghaeilge a chur chun cínn ann agus seirbhísí poiblí a bheadh á lorg ag muintir na Gaeltachta a bheith ar fáil ann trí mheán na Gaeilge.

Is é an rud a bheadh i gceist ná seirbhísí ar nós na fiosruithe a bheadh á dhéanamh agat leis an gComhairle Contae nó a bheadh ar fáil in Oifig an Phoist a bheith ar fáil as Gaeilge.

Bheadh sé i gceist freisin go mbeadh post ann d’oifigeach forbartha Gaeilge a bheadh ag comhordnú na seirbhísí a bheith á gcur ar fáil agus ag cur ar fáil na ranganna Gaeilge nuair is cuí.

Anuas ar sin bheadh airgead forbartha ar fáil chun seo a dhéanamh - deontas bliantúil idir €80,000 agus €100,000 ar feadh seacht mbliana.

Ar aon nós an rud a thárla sa Dáil ná gur chuir Aindrias Ó Muimhneacháin an cheist faoin ndul chun cínn a raibh déanta maidir le Maigh Chromtha agus bailte eile ar nós An Uaimh agus Áth Buí i gContae na Mí agus Baile Dhún na nGall.

Níl aon dul chun cínn sna bailte sin. An rud a bheidh ag titim amach anois ná go mbeidh Foras na Gaeilge ag lorg ceanneagras sna bailte sin chun plean teanga a chur le chéile.

Tá ceist go fóill faoi céard atá ag titim amach i gcathair Chorcaí mar, de réir na reachtaíochta, beidh sé ina chathair sheirbhíse Gaeltachta ach tá an dul chun cínn ar fhaomhadh plean teanga na cathrach ina lán stad.

Ardú mór ar líon dtithe ar Air BnB sa Ghaeltacht

De réir figiúirí atá curtha ar fáil ag Inside Air BnB do Chonradh na Gaeilge, tá ardú suntasach tagtha ar líon na dtithe atá anois ar fáil ar Air B&B i gceantair Ghaeltachta ar fuaid na tíre agus gan a bheith ar fáil le h-aghaidh teaghlaigh le h-aghaidh cíos fad-thréimhseach.

De réir an eolais, tá ardú 88% ar líon na dtithe sna ceantair Gaeltachta atá ar Air BnB ó 1043 ó 2019 go 1962 i Meán Fómhair na bliana seo.

Is cinnte gur measa an scéal i gceantair Ghaeltachta in iarthar Chiarraí, Gaillimh agus Tír Chonaill nó is ceantair móra iad san le h-aghaidh turasóirí.

Sna figiúirí a cuireadh ar fáil ag an deireadh seachtaine, áfach, tá cúntas freisin maidir leis an scéal i gceantair Ghaeltachta Chorcaí.

I Múscraí bhí trí theach ar fáil i 2019 - bhí sin arduithe go 10 dteach i Meán Fómhair. Ar Chléire, ní raibh aon tigh ar fáil ar Air BnB i 2019 ach anois tá trí theach.

Ag labhairt faoi na sonraí, dúirt Róisín Ní Chinnéide, Bainisteoir Abhcóideachta le Conradh na Gaeilge:

“Tugann na sonraí seo bunús don méid a bhí á fheiscint againne ar an talamh; go bhfuil an Ghaeltacht á tachtadh ag greim docht Airbnb.

“Tá tráchtearrú go smior i bpolasaithe tithíochta an rialtais le blianta fada, agus tá inmharthanacht na Gaelainne mar theanga labhartha phobail sa Ghaeltacht ag fulaingt dá bharr.

“Ní mór dúinn a bheith ionraic fén dtodhchaí atá romhainn: an bhfuil tithe sa Ghaeltacht le bheith ann ar mhaithe le brabús amháin, nó ar mhaithe le daoine a choimeád slán, lenár bpobail agus lenár dteanga a chaomhnú?

“Caithfear rail ceart a dhéanamh ar an gcóiríocht gearr-téarmach ar bhonn práinne, agus cás ar leith a dhéanamh den nGaeltacht.’” Ar an taobh eile den scéal, is cuid tábhachtach de gheilleagar na Gaeltachta an turasóireacht agus tá lóistín de dhíth ar na turasóirí sin.

Trath na gCeist I gCarraig Thuathail

Beidh Gaeil Charraig Thuathail ag dul faoi dhian cheistiú an tseachtain seo ach ní bí buartha, is éard atá i gceist ná go bhfuil Trath na gCeist Boird an Aoine beag seo.

Beidh an ócáid ar siúl i gclubtheach CLG Charraig Thuathail ag 7.30in agus ag leanúint go dtí 10in an oíche sin.

Costas €40 a bheidh ar bórd le ceathrar iomaitheoir agus cuirfear aon airgead a dhéanfar i dtreo tacaíocht a chur ar fáil le h-aghaidh sláinte inchinne.

More in this section

No plans for Cork council to meet with Uisce Éireann on water issues  No plans for Cork council to meet with Uisce Éireann on water issues 
Former Cork city bank brought back to life as new café to open  Former Cork city bank brought back to life as new café to open 
Crowds brave the rain as Corkmas brings festive cheer to the city Crowds brave the rain as Corkmas brings festive cheer to the city

Sponsored Content

Experience Amazing at Lexus Cork Experience Amazing at Lexus Cork
A little Paris close to home  A little Paris close to home 
A Halloween to remember at Douglas Court! A Halloween to remember at Douglas Court!
Contact Us Cookie Policy Privacy Policy Terms and Conditions

© Examiner Echo Group Limited

Add Echolive.ie to your home screen - easy access to Cork news, views, sport and more