Scéalta Chorcaí: Tá Gaeilge á labhairt ag caint i Maigh Chromtha agus ar fuaid iarthar Chorcaí

Bhailigh slua deas le chéile ag an preab Ghaeltacht a reachtáladh ag Bacús Uí Loingsigh i Maigh Chromtha ar an Satharn - seo cuid den ngrúpa a phreab isteach.

Níl sé cúpla seachtain ó shin go raibh Doiminic Mac Giolla Bhríde ag canadh ag an Ceolchoirm Órga ag Féile na Laoch i gCúil Aodha agus, ag an ocáid sin, chan sé amhrán a raibh préamhaithe i dtraidisiún cheol an chláirsigh sa tír. An tseachtain seo chughainn beidh an Conallach, atá aithne forleathan air anseo i gCorcaigh de bharr gur minic a thug sé cuairt ó dheas, ag seoladh leabhair agus albaim nua, Gealach na gCuanta. San albam agus sa leabhar beidh fócas ar an ngaol idir an chruit agus an sean nós, gaol atá ann le breis is míle bliain.
Beidh Oíche Chultúr ag titim amach an tseachtain seo chughainn, ar an Aoine, Meán Fómhair 19 le bheith beacht cruinn agus tá roinn imeachtaí le Gaeilge lárnach beartaithe d’ionaid ar fuaid an chontae.

- Preab-Gaeltacht - PopUp Gaeltacht
- Bríomhar - Lively
- Níl aon éagsúlacht - There’s no variety
- Báisteach, clagar - Rain
- Baicle - Group
- Go cíocrach - Hungry/voracious
- Seoid eolais - Jewels of information
- Brat na Gaeilge ar foluain - the Irish language flag unfurled and flying
- Athbhreithniú Bhreithiúnach - Judicial review
- Staidéar tionchar teanga - Language impact statement
- Ní smaoineamh ró dhúr - It’s not too dull a notion
- Oíche Chultúr - Culture Night