Scéalta Chorcaí: Gradaim go leor buaite ag Craobh Lachtaín Naofa ag Fleadh Cheoil na Mumhan

Cé ná raibh aon adh le h-iománaithe Chorcaí i gCluiche Ceannais na hÉireann ‘s gur tháinig siad abhaile gan Corn Mhic Carthaigh in éineacht leo, chuaigh ceoltóirí is amhránaithe Mhúscraí go dtí Fleadh Cheoil na Mumhan agus thug siad abhaile go leor duaiseanna leo.
Scéalta Chorcaí: Gradaim go leor buaite ag Craobh Lachtaín Naofa ag Fleadh Cheoil na Mumhan

Aoife Ní Uidhir agus Isobel Ní Dhrisceoil a bhuaigh an céad agus an dara áit sa chomórtas amhránaíochta (12-15) ag an Fleadh Cheoil.

Cé ná raibh aon adh le h-iománaithe Chorcaí i gCluiche Ceannais na hÉireann ‘s gur tháinig siad abhaile gan Corn Mhic Carthaigh in éineacht leo, chuaigh ceoltóirí is amhránaithe Mhúscraí go dtí Fleadh Cheoil na Mumhan agus thug siad abhaile go leor duaiseanna leo.

Ní raibh ró fhada le taisteal acu gan amhras agus an Fleadh Cheoil i gCorcaigh agus níorbh iad an t-aon chraobh ó Chorcaigh a bhain lán a lámha de dhuaiseanna leo ón bhFleadh Cheoil céanna. Is cinnte go mbeidh ionadaíocht laidir ag an contae ag Fleadh Cheoil na hÉireann a bheidh ar siúl i Loch Garman an mhí seo chughainn.

Ní h-amháin gur thug buíon Mhúscraí go leor duaiseanna leo ó Chorcaigh ach bhí siad i lár an aonaigh ann agus iad ag glacadh páirte i seisiúin ceoil agus bhí Nóra de Búrca i mbun Ionad na Gaeilge ag an bhFleadh freisin.

Aisling agus Mairéad Ní Cheallacháin a bhuaigh duaiseanna sna comórtais Comhrá Ghaeilge ag an Fleadh Cheoil.
Aisling agus Mairéad Ní Cheallacháin a bhuaigh duaiseanna sna comórtais Comhrá Ghaeilge ag an Fleadh Cheoil.

Tá ard mholadh ag dul do Chomhaltas na Dúglaise as an obair éachtach a dhein siad chun an Fleadh an Chúige a reachtáil agus is cinnte go mbeidh ainm Chorcaí go laidir sa reicneáil an chéad uair eile go mbeidh an rogha á dhéanamh d’ionad na fleidhe náisiúnta.

Ellen de Búrca (Lachtaín Naofa) a bhuaigh comórtais amhránaíochta agus feadóg stáin ag an bhFleadh Cheoil
Ellen de Búrca (Lachtaín Naofa) a bhuaigh comórtais amhránaíochta agus feadóg stáin ag an bhFleadh Cheoil

Beidh sé i Loch Garman i mbliana agus is ó thuaidh a bheidh ár dtriail an bhliain seo chughainn nuair a thionólfar i mBéal Feirste é. De ghnath tugtar dhá sheal do chathair nó baile mór Fleadh Cheoil na hÉireann a reachtáil mar sin is i 2028 a bheidh an chead seans eile againn an fhéile is mó sa tír a thabhairt go bruach glás álainn na Laoi.

Bhí Nóra de Búrca ó chraobh Lachtaín Naofa i gCill na Martra i mbun seastán na Gaeilge ag Fleadh Cheoil na Mumhan i gCorcaigh.
Bhí Nóra de Búrca ó chraobh Lachtaín Naofa i gCill na Martra i mbun seastán na Gaeilge ag Fleadh Cheoil na Mumhan i gCorcaigh.

Tá go leor le déanamh idir seo agus sin chun an chinniúint sin a dhaingniú. Is cuid lárnach den bhFleadh Cheoil an Ghaeilge agus ba cheart go mbeadh iarracht níos fear arís á dhéanamh ag an gComhairle Cathrach chun tacú le lucht Chomhaltas Cheoltóirí Éireann agus Gael-Taca an teanga agus an chultúr a chur chun cinn anseo.

Aisling agus Mairéad Ní Cheallacháin a bhuaigh duaiseanna sna comórtais Comhrá Ghaeilge ag an Fleadh Cheoil.
Aisling agus Mairéad Ní Cheallacháin a bhuaigh duaiseanna sna comórtais Comhrá Ghaeilge ag an Fleadh Cheoil.

Coinníollacha teanga de dhith ar Chomhairle Chontae Chorcaí

Bhí diospóireacht shuimiúil ag an gcruinniú is déanaí de Chomhairle Chontae Chorcaí nuair a bhí moladh ós comhair na gcomhairleoirí chun cead a thabhairt le h-aghaidh forbairt thithíocht shoisíalta i mBaile Mhúirne.

Chuir an Comhairleoir Gobnait Ní Mhuimhneacháin, arbh as Cúil Aodha di, in iúl ná raibh sí sásta ná raibh coinnioll teanga ag gábháil leis an bhforbairt seo.

Cén ach bhfuil i gceist ach ocht áit chónaithe, níl anseo ach an léiriú is déanaí ar neamhshuim agus aineolais na Comhairle ar stadas Ghaeltachta Bhaile Mhúirne agus eile.

Cinnte tá an tithíocht de dhíth – agus go h-áirithe áiteanna cónaithe do dhuine nó beirt fé mar atá beartaithe anseo – ach ba cheart go dtuigfeadh an Comhairle go bhfuil gá cosaint éigean a thabhairt do stadas Gaeltachta an cheantair, cuid mhór den údar go bhfuil rath eacnamúil i Múscraí go bhfuil go leor fostaithe de bharr an infheistíocht a dhéanann Údarás na Gaeltachta sa cheantar.

Bhí Cabríni de Barra ó Chomhlacht Forbartha na Déise ag caint ar RTÉ RnaG an tseachtain seo cháite agus í ag maíomh go raibh forbairt tithíochta á mholadh i nGaeltacht na nDéise agus an coinníoll teanga a bhí á mholadh ag Comhairle Chathrach is Chontae Phort Láirge: Ba cheart go mbeadh Gaeilge ag 80% des na h-áitritheoirí.

Anois sin coinníoll teanga. Dúirt sí go raibh ceacht le foghlaim ag Comhairle Chontae Chorcaí ón údarás áitiúil sna Déise.

B’fhíor di.

Ní leor coinníoll teanga leis féin chun an Ghaeilge a thabhairt slán agus a bheathú. Ba cheart go rmbeadh pacáiste eolais agus fáilteachais sna tithe seo nuair a thagann na h-aitrithreoirí nua chun cónaithe ann ionas go dtuigfeadh siad gur Gaeltacht an cheantar ina bhfuil siad tagtha chun cónaithe agus, mura bhfuil Gaeilge acu, go dtabharfar gach tacaíocht dóibh í a fhoghlaim.

Is teanga fáilteach í an Ghaeilge cibé cad a cheapann roinnt daoine a bhíonn á cáineadh. Mionlach iad seo ach mionlach atá a dtionchar le braistint ag Áras an Chontae.

An rud atá á rá go neamhbhalbh ag Comhairle Chontae Chorcaí nach bhfuil aon Ghaeilge fágtha i mBaile Mhúirne le cosaint!

Tuigimíd gur mionlach iad sinne, pobal labhartha na Gaeilge i mBaile Mhúirne agus, go deimhin, ar fuaid Mhúscraí, ach táimíd anseo go fóill agus beidh ar feadh na nglúinte atá le teacht.

Éistfear lenár nglór.

Creideann an Chomhairle Chontae, toisc gur tithíocht shoisíalta atá á riar acu, nach bhfuil aon tabhacht le cosaint na Gaeilge agus Gaeltachta le h-ais an fheidhm sin. Níor mhaith le h-éinne go n-úsáidfí easpa Ghaeilge mar leithscéal chun tithíocht a dhiultú do dhaoine ach ba cheart go dtabharfaí tús áite do chainteoirí Gaeilge atá tithíocht shoisíalta á lorg acu nuair atá na tithe sin sa Ghaeltacht.

Rud amháin atá soiléir ón gcur agus an chuiteamh seo go léir, má tá Comhairle Chontae Chorcaí neamartach i leith a gcuid de chúram na Gaeilge sa Ghaeltacht, caithfidh an pobal áitiúil seasamh sa bhearna baoil.

Ní leor agóidíocht nó cáineadh ar chláracha ráidió agus i gcolúin nuachtáin chun an dúshlán seo do thodhchaí Bhaile Mhúirne, baile ar a dtugtaí príomh chathair na Gaeltachta 100 bliain ó shin, mar chuid den nGaeltacht a shárú.

More in this section

Volkswagen issues EV vehicle recall over battery issues 'which could lead to fire' Volkswagen issues EV vehicle recall over battery issues 'which could lead to fire'
judgement of judge about legislation, authority, crime, government, justice, punishment, verdict at court decision by gavel. ham Shirtless man on Patrick Street warned passers-by he would 'f*** them up'
EPA carried out 50 inspections at creamery in North Cork last year EPA carried out 50 inspections at creamery in North Cork last year

Sponsored Content

Where tech meets care: At the forefront of IVF Where tech meets care: At the forefront of IVF
10 minutes with Shannon O’Sullivan of Corlann 10 minutes with Shannon O’Sullivan of Corlann
10 minutes with Jason Cooke of Cheshire Ireland 10 minutes with Jason Cooke of Cheshire Ireland
Contact Us Cookie Policy Privacy Policy Terms and Conditions

© Examiner Echo Group Limited

Add Echolive.ie to your home screen - easy access to Cork news, views, sport and more