Scéalta Chorcaí: Cáineadh géar déanta ar an gComhairle Contae ag an gConradh

Leagann an Plean Forbartha amach na tosaíochtaí atá ag an gComhairle idir 2022 agus 2028.
Scéalta Chorcaí: Cáineadh géar déanta ar an gComhairle Contae ag an gConradh

County Hall Picture Denis Minihane.

Tá cáineadh géar déanta ar Chomhairle Chontae Chorcaí as ucht a laghad cosanta atá tugtha ag an údarás áitiúil don dhá cheantar Ghaeltachta sa chontae, Múscraí agus Cléire, sa Phlean Forbartha.

Leagann an Plean Forbartha amach na tosaíochtaí atá ag an gComhairle idir 2022 agus 2028 agus cé go ndeir sé sa phlean sin go bhfuil sé mar thosaíocht oidhreacht theangaeolaíoch na Gaeltachta a chosaint, is beag atá déanta ag an údarás chun sin a dhaingniú is a chur i bhfeidhm.

Sin a chreideann Conradh na Gaeilge ar aon nós.

Tá sé ráite ag an eagras a dhéanann abhcóideacht ar son na Gaeilge agus na Gaeltachta gurb í Comhairle Contae Chorcaí an t-aon Chomhairle sa tír nach bhfuil oiread is beartas teanga amháin acu mar a bhaineann sé le forbairtí tithíochta i gceantar Ghaeltachta faoina cúram.

Rinneadh comparáid ar an gclár Adhmhaidin le Comhairle Contae Chiarraí agus Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge, an dá Chomhairle eile i gCúige Mumhan a bhfuil ceantair Ghaeltachta faoina gcúram acu. Mar shampla, tá sé de pholasaí ag Comhairle Contae Chiarraí 66% de na haonaid i bhforbairtí sa Ghaeltacht a chur ar leataobh do chainteoirí Gaeilge, agus is é 80% an figiúr i nGaeltacht Phort Láirge.

Tá an córas measúnaithe TEG – is é sin Teastas Eorpach na Gaeilge - in úsáid sa dá chontae chomh maith.

Sa ráiteas a d’eisigh an Chonradh bhí an méid seo le rá ag Donnchadh ó hAodha, ball de chraobh an Chonartha i gCúil Aodha. ““Tá muintir Ghaeltacht Mhúscraí ag saothrú go dian chun an Ghaelainn a chothú agus a neartú inár bpobal,” dúirt sé.

“Is údar mór náire é go bhfuil an bonn á bhaint ón obair sin ag Comhairle Contae Chorcaí, agus Plean Forbartha an Chontae gann ar na coinníollacha teanga is bunúsaí fiú.”

Tá iarrtha ag Conradh na Gaeilge ar Chomhairle Contae Chorcaí athbhreithniú práinneach a dhéanamh ar an gcur chuige reatha ó thaobh tithíocht sa Ghaeltacht de, agus ar an Rialtas na treoirlínte pleanála atá riachtanach do thodhchaí na bpobal Gaeltachta, a fhoilsiú láithreach bonn.

Spéir glan Samhraidh, gan smúit gan scath

Tá an Samhradh tagtha agus spéir ghorm ós cionn Mhúscraí agus an chontae ar fad. Is é seo an radhac soir ó thuaidh ó láimh le Barr a’Chuma Dé Domhnaigh. Ní i gcónaí a bhíonn an aimsir chomh breá le seo. Tagann an ceannlíne ó dhán le Dubhglás de hÍde, céad Uachtarán na hÉireann agus file ar a raibh An Chraoibhín Aoibhinn mar ainm chléite.
Tá an Samhradh tagtha agus spéir ghorm ós cionn Mhúscraí agus an chontae ar fad. Is é seo an radhac soir ó thuaidh ó láimh le Barr a’Chuma Dé Domhnaigh. Ní i gcónaí a bhíonn an aimsir chomh breá le seo. Tagann an ceannlíne ó dhán le Dubhglás de hÍde, céad Uachtarán na hÉireann agus file ar a raibh An Chraoibhín Aoibhinn mar ainm chléite.

Freagra an Chomhairle: Níl treoirlínte náisiúnta ann

I ráiteas a d’eisigh Comhairle Chontae Chorcaí, dúirt urlabhraí go raibh éagsúlachtaí idir pholasaithe comhairlí áitiúla agus gur thug sin léargas ar charachtair ar leith ceantair éagsúla agus tosaíochtaí daonláthacha áitiúla.

“Go dáta agus thar threimhsí roinnt phleananna forbartha chontae, níl clasail teanga curtha san áireamh ag Comhairle Chontae Chorcaí,” dúirt úrlabhraí.

Dúirt urlabhraí an údaráis ná raibh treoir línte nó frama tagartha reachtúil ann maidir le conas measúnaithe tionchair teanga a ullmhú nó a mheas.

“Thabharfadh sin dúshlán breise nó cé bheadh cáilithe chun raiteas tionchar teanga a ullmhú, cad a bheadh ann agus conas ar cheart é a mheas.

“Tá sé deacair a shamhlú conas a fhéadfaí coinniol a thabharfadh seilbh do chainteoir Gaeilge a chur I bhfeidhm agus ní fhéadfadh feidhm a bheith aige ach ar feadh seal áirithe ama,” dúirt an urlabhraí.

“Bheadh dúshláin freisin maidir le cur i bhfeidhm coinnioll ar dhuine a cheannódh an áitreamh ina dhiaidh sin.”

Thagair an raiteas don easnamh ar aon mhodh naisiúnta sa chóras pleanála le teastas ag baint le cumas teanga a mheas.

Dúirt an urlabhraí go raibh easpa comhréire freisin idir an reachtaíocht maidir le thithíocht shoisíalta agus reachtaíocht pleanála agus forbartha an oiread is a dhéanann siad tagairt do chaomhnú oidhreacht theanga na Gaeltachta.

Níl aon riar sa reachtaíocht thithíochta a thabharfadh tosaíocht do chainteoirí Gaeilge sna sceimeanna cuí maidir le tosaíochtaí ligint ar chíos.

Trathnóna aoibhinn i mBarr a’ Chuma

Beidh uain ag daoine trathnóna aoibhinn a chaitheamh i mBarr a’Chuma, an tabhairne is airde in Éirinn, Dé Domhnaigh seo chughainn nuair a bheidh an cócaire iomráiteach, Diarmuid Ó Mathúna ann chun taispeántas a thabhairt maidir le uaineoil orgánach a ullmhú chun cocaireachta.

Agus ní amháin go mbeidh taispeántas á thabhairt aige ag an ocáid atá eagraithe ag Comharchumann Forbartha Mhúscraí mar chuid do thogra atá ar bun acu do Mheitheal Orgánach Mhúscraí ach beidh deis ag daoine a dhéanann airithint roimh dheireadh an lae amárach (Dé Chéadaoin, Bealtaine 14) suíochán ag an mbórd a bheith acu do thoradh na cócaireachta. Tá trathnóna álainn geallta – an costas iomlán ná €20.

Beidh Diarmuid Ó Mathúna ón gcaifé POTA ag tabhairt taispeántas ar chonas uaineoil a ullmhú go h-orgánach ag Barr a’Chuma Dé Domhnaigh. Togra é seo de chuid Meitheal Orgánach Mhúscraí atá bunaithe ag Comharchumann Forbartha Mhúscraí.
Beidh Diarmuid Ó Mathúna ón gcaifé POTA ag tabhairt taispeántas ar chonas uaineoil a ullmhú go h-orgánach ag Barr a’Chuma Dé Domhnaigh. Togra é seo de chuid Meitheal Orgánach Mhúscraí atá bunaithe ag Comharchumann Forbartha Mhúscraí.

Is cocaire iomráiteach è Diarmuid arbh as Cnocán na Biolraí do i gceantar Abhan Dhú. Tá caifé anois aige sa Tulach i gConamara láimh le ceannaras TG4.

Tá gradaim go leor buaite ag an gcaifé Pota thar na mblianta, ina measc an gradam don gcaifé is fearr sa tír.

Chas an tuairisceoir seo le Diarmuid agus é i mbun caifé i gCorcaigh ag oifigí Gael Taca – mar a bhí – agus è ar tí dul ar chamchuairt i Meirceá Theas.

Tháinig sé ar ais agus is é an Caifé Pota atá faoina stiúr anois, mar aon le margadh feirme agus go leor eile.

Má tá suim agat bheith i láthair, cuir glaoch ar 083 191 5432 nó seol rphost chuig eolas@muscrai.org.

Cé hí Ciara Ní É?

Is file í Ciara Ní É agus is duine í a chuireann filíocht i láthair i slí dána agus suimiúil agus tá sí ag teacht go dtí Maigh Chromtha ar an Aoine chun ocáid Reic a chuir ar siúl.

Is éard atá i gceist le Reic ná oíche ina dtugann filí agus scéalaithe taispeántas ar a gcuid saothair. Ní léamh leamh filíochta a bhionn i gceist ná baol air.

Ainmníodh Ciara mar dhuine de 100 Women Changing Ireland an Irish Examiner in 2022. Bhí sí ina hEalaíontóir Cónaithe le UCD, Dublin Fringe Festival agus DCU agus is comhbhunaitheoir í ar an eagras, Éire Aiteach Gaelach. Tháinig sí tamall de bhlianta ó shin go Múscraí chun ceardlanna filíochta a reachtáil i scoileanna áitiúla fé choimirce Dháimh Scoil Mhúscraí.

Tháinig sí tamall de bhlianta ó shin go Múscraí chun ceardlanna filíochta a reachtáil i scoileanna áitiúla fé choimirce Dháimh Scoil Mhúscraí. Is iontach an rud oíche d’fhilíocht as Gaeilge bheith ar siúl sa chomharsanacht.

Beidh an ocáid in Amharclann Bhearna na Sceach i Maigh Chromtha ar siúl ag 7in an Aoine beag seo agus b’fhiú go mór bheith ann.

More in this section

Flooding expected as Met Éireann issue status orange rain warning for Cork Flooding expected as Met Éireann issue status orange rain warning for Cork
Status yellow weather warning issued for Cork Status yellow weather warning issued for Cork
Scrutiny as Crawford revamp to cost treble initial estimates Taoiseach backs expanded €93m Crawford Art Gallery project

Sponsored Content

Turning AI ambition into action: Dell Technologies leads the way Turning AI ambition into action: Dell Technologies leads the way
Delicious desserts and exclusive pours, perfect for Christmas Delicious desserts and exclusive pours, perfect for Christmas
A top expert reveals the perfect wine for festive cheer and Christmas party pairings A top expert reveals the perfect wine for festive cheer and Christmas party pairings
Contact Us Cookie Policy Privacy Policy Terms and Conditions

© Examiner Echo Group Limited

Add Echolive.ie to your home screen - easy access to Cork news, views, sport and more