Scéalta Chorcaí: Nollaig na mBan ina cheiliúradh bán i mbliana
Erika and Mary Vowles with Charlotte Stanners having fun with the snow in Cork. Picture Dan Linehan
Ní minic a fheictear sneachta ina luí timpeall na Nollag a thuilleadh cé gur cuimhin leis an scríbhneoir seo gur thárla sé uair nó dhó le linn a óige.
Mar sin b’údar iontais an titim trom sneachta a tharla ag an deireadh seachtaine agus ullmhúcháin faoi lán tseol don mhír dheireannach d’fhéile na Nollag, is é sin Nollaig na mBan.
Tá seanfhocal a deir: ‘Nollaig na bhFear, Nollaig mhór mhaith, Nollaig na mBan, Nollaig gan rath’ agus is dócha go bhfuil blas searbh na fírinne leis an raiteas sin sa mhéid is go mbíodh ar na mná ana chuid oibre a dhéanamh chun an tigh agus, go h-áirithe, an bia a ullmhú ar Lá Nollag agus go raibh an deis acu suí siar ar a gcompórd ar Lá Nollag na mBan.
Is cinnte go raibh roinnt tithe ann le linn m’óige agus go mbeadh siad ocrach go maith dá mbeadh siad ag fánacht ar fhir an tí bheith ag cur an bia ar fáil dhóibh.
Ach anois, le cothromas na n-inscní, seans go mbeadh rath níos fearr ar na mná agus a gcuid fear ag cocaráil agus ag glanadh suas timpeall an tí.
Ar amharaí an tsaoil, áfach, bionn dithneas uafásach ar dhaoine anois bheith ag cur deireadh luath leis an Nollaig agus is beag rian den fhéile a bhíonn fágtha ar an séú lá d’Éanáir.
Bíonn tithe ann a chuireann suas an crann agus eile roimh dheireadh mhí na Samhna agus bíonn gach rud imithe agus an ghrian ag dul fé ar Lá Cinn Blian/Lá Caille.
Agus tá go leor againn, idir fhir agus mná, ar ais ag obair agus ag cuimhneamh go mífhoighdeach ocrach ar an gcéad lá tuarastail eile. Nó beidh fiacha go leor le h-íoc i ndiaidh iomarcacht na Nollag.
Mí fada, mí an Eanáir, ach ag a dheireadh, tagann Lá Fhéile Bhríde agus tús an Earraigh. Tá ullmhúcháin ar siúl faoi láthair anseo i Múscraí le h-aghaidh Féile Ghobnatan agus beidh Gobnait an Ceoldráma ar an ardán i mBéal Átha’n Ghaorthaidh.
Ní fada go mbeidh roth mór na bliana tar éis sinn a thabhairt chomh fada leis an Samhradh…
Péintéirí ceolmhara, oirfidigh ealaíonta, san Ionad Cultúrtha
Tá taispeántas ar leith á oscailt ag an deireadh seachtaine san Ionad Cultúrtha nuair a chuirfear saothar triúr ceoltóir, beirt acu ón gceantar agus is cuairteoir an triú duine acu a thagann go Múscraí go minic, ar taispeáint.
Peadar Ó Riada, Gearóid Ó Duinnín agus John Kelly Jnr a bheidh ag cur a saothair ealaíonta ós comhair an tsaoil agus is é an fear gnó agus amhránaí áitiúil is iomráiteach, Johnny Ó Liatháin, a dhéanfaidh an oscailt oifigiúil san Ionad Cultúrtha Dé hAoine ag a 7.30.

Tá tuiscint againn ar fheabhas shaothair Pheadair agus ealaíon Ghearóid – agus tá léargas ar leith ag an mbeirt acu ar an saol – agus táimíd ag súil go mór na saothair atá cruthaithe ag John Kelly Jnr.
Tar éis na h-oscailte, beidh oíche mhór cheoil san Ionad leis an dtriúr acu agus ba cheart go mbeadh sin speisíalta. Bainfidh an oíche seo cuid de ghruaim an Gheimhrídh dínn.
Agus mé ag caint ar an Ionad, tá scamall an bhróin ann ón ndeireadh seachtaine de bharr gur cailleadh Con Kelleher, fear a chaith na blianta ag glacadh griangrafanna agus ag tabhairt cúnamh ar go leor bealaí eile san Ionad. Ba griangraf a ghlac Con den gceoltóir aitheanta Seamus Ó Beaglaoich a sholathraigh an íomhá den mboscadóir Duibhneach a baineadh úsáid ar stampa anuraidh. Suaimhneas síoraí go raibh aige agus sólás dá mhuintir is dá cháirde go léir.
Brón ar an mbás – slán go fóill le Pádraig, Mattie agus Gearóid
Cailleadh triúr Gaeil aitheanta le linn na Nollag agus ó thus na hAthbliana, triúr a d’fhag a lorg chun feabhais ar ár saol Gaelach le linn na mblianta a raibh siad ar an saol.
Táim ag caint ar Ghearóid Ó Cairealláin, an fear a thionscnaigh réabhlóid teanga i mBéal Feirste a fhagann gurb é an cathair is Gaelaí sa tír é, Pádraig Ó Snodaigh, údar agus foilsitheoir, agus Meaití Jo Shéamuis Ó Fátharta, ceoltóir, craoltóir agus amhránaí sean nóis.
Ba chairde liom Gearóid agus Pádraig agus bhí aithne ar shaol Fhodla orthu beirt agus gan amhras ar Meaití Jo Shéamuis, duine den seachtar a thosnaigh RTÉ RnaG thiar i 1972. Bhí sé agus seisear eile fostaithe ina gclár reachtairí ar an staisiún – ar an mbuíon sin freisin bhí Tomás Ó Ceallaigh ó Bhaile Mhúirne, duine des na craoltóirí is fearr in aon teanga i stair na tíre.

Cé gur i mBéal Feirste a chaith Gearóid a shaol, bheadh aithne fhorlea than air ar fuaid na tíre mar gheall ar a cheannródaíocht – bhí sé ina Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge – tháinig sé i gcomharbacht ar bhean Corcaíoch sa chúram sin, Áine de Baróid, agus b’é a bhunaigh Lá, nuachtán laethúil Gaeilge, An Chultúrlann, Ráidió Fáilte agus Coláiste Feirste gan trácht ar an gcompántas amharclainne, Aisling Ghéar, agus iliomad togra eile.
Bheadh aithne freisin ar a mhac, Áinle, a raibh ionad aclaíochta aige i gCorcaigh, agus Moglaí Bap/Naoise Ó Cairealláin ón bhanna ceoil, Kneecap.
Bhí dearthar eile, Cairbre, seal i gCorcaigh freisin agus d’imir sé agus Ainle le Na Piarsaigh.
Tá na mílte leabhair Gaeilge foilsithe de bharr an méid oibre a rinne Pádraig Ó Snodaigh lena chomhlacht foilsitheoireachta, Coiscéim, agus is cinnte gur crann taca de chuid na litríochta Gaeilge an méid scríbhneoireachta a spreag an Snodach.
Bhí sé seal ina Uachtarán ar an gConradh le linn na 70í.
“Tránn an taoide tréan Imíonn na sár fhir uainn Ar a gcúrsaí uaigneacha rúndiamhracha.”
Club leabhar Gaeilge i mBaile an Chollaigh
Tá achainí seolta chomh fada leis an leathnach ag Leabharlann na Cathrach ag iarraidh ar dhaoine a bheadh suim acu bheith ina mbaill de Chlub Leabhair i mBaile an Chollaigh dul i dteagmháil.
Má tá, cuir ríomhphost chuig Deirdre i Leabharlann Bhaile an Chollaigh, ag: deirdre_swain@corkcity.ie.
Slí deas é club leabhair chun aithne a chuir ar cháirde nua agus eolas is léargas ar leabhair. Gach rath ar an bhfiontar.

App?

