Scéalta Chorcaí: Gaelscoil Uí Riordáin – dhá scór bliain ag fás is faoi bhlath

Aoibhinn céird an oide- nó an Phríomh Oide i gcás Ghabriel Uií Chathasaigh atá ag imeacht ar scor tar éis breis is dhá scór bliain a chaitheamh ag múineadh i nGaelscoil Uí Ríordáin i mBaile an Chollaigh. Picture: David Creedon
Deireadh ré an t-aon chur síos a fhéadfá a thabhairt ar an scéal an tseachtain seo cháite go raibh Gabriel Ó Cathasaigh, príomhoide Gaelscoil Uí Riordáin i mBaile an Chollaig, ag dul ar scor tar éis breis agus dhá scór bliain ina phríomhoide sa scoil.
Lena linn, d’fhás an scoil go seasta leanúnach. Is cuimhin liom cuairt a thabhairt ar an nGaelscoil i bhFómhar na bliana,1983, an bliain ar bunaíodh é, agus bhí ochtar deag in aon seomra amháin sa Chúil Rua sa bhruachbhaile, ní ró fhada ón áit inar chónaigh An Riordánach in Inis Carra.
An fath go raibh mé ar chuairt ann, in éineacht le hEoghan Ó Lionaird agus le tionlacan ag Pádraig Ó Cuanacháin, suaimhneas síoraí go raibh aige, ná an cheangal idir bunú na scoile agus Óg Eagras Chúil Aodha.
Is amhlaidh gur chroch an tÓg Eagras leacht ar an dtigh inar saolaíodh Seán Ó Riordáin i mBaile Mhúirne an Samhradh roimis sin. Bhíos i mo rúnaí ar an Óg Eagras agus bhí mo chara, Eoghan Ó Lionáird, ina chathaoirleach ar an gcumann agus ag ocáid chun an leacht a nochtadh, thug sé oráid inar mhol sé go mbeadh go mbeadh Gaelscoil in omós an fhile ina chuimhneachán i bhfad ní b’oiriúnaí air ná cloch fuar marbh ar an bhfalla.
Agus sin mar a thárla. Ar ndóigh bhí muintir Bhaile an Chollaigh agus Pádraig Ó Cuanacháin ag obair ar an dtogra seo theana féin agus ní raibh sa chaint againne ach puth gaoithe ina seol.
Ach chabhraigh sé, glacaim leis. Spreag bunú na scoile sin go leor Gaelscoileanna eile a tháinig chun tosaigh i gCorcaigh. Anois is pobal súntas an pobal Ghaeloideachais i gCorcaigh ar fuaid na tíre. Tá Gaelainn le cloisint anois á labhairt i dteaghlaigh i mBaile an Chollaigh.
Tá éacht déanta ag Gaelscoil Uí Riordáin agus tá an chreidiúint ar fad ag dul do Ghabriel agus an dream a chabhraigh leis. Táim morálach as an láimh cúnta a thug Óg Eagras Chúil Aodha sa réabhlóid pobail seo.
Oireachtas na Samhna i gCill Áirne an tseachtain seo
Beidh Gaeil Chorcaí agus gach contae eile ag tabhairt an bhóthar go Cill Áirne orthu féin an tseachtain seo le h-aghaidh mór fhéile phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta agus seans gurb é an uair dheireannach a bheidh an turas seo á thabhairt acu go ceann cúpla bliain ar a laghadh.
An bhliain seo chughainn beidh Oireachtas na Samhna i mBéal Feirste cois cuain, geall leis 30 bliana ón uair dheireannach reachtáladh an Oireachtas ar bhruacha Locha Lao i gContae Aontroma i 1997.
Tá daltaí scoile agus, go deimhin, daoine de gach aois tar éis bheith ag cleachtadh a gcuid agallaimh beirte, a lúibíní, a scéalta, a n-amhráin sean nóis agus amhráin nach sean nós iad, le tamall anois agus iad ag ullmhú don bhféile is na comórtais éagsúla a bheidh ar bun idir Óstán an Brehon agus Ostán Ghleann an Iolair mile nó dhó lasmui gh de Chill Áirne.

Ach is mó ná na comórtais.
Is iontach an méid seoltaí leabhair, céad léirithe scannáin, diospóireachtaí, seimineáir agus eile a bheidh ar siúl i gCill Áirne le linn an trí lá.
Beidh cuid mhaith ar siúl freisin ag Aonach an Oireachtais, atá suite i bpuball taobh amuigh d’Ostán Ghleann an Iolair agus is ann a bheidh eagrais Ghaeilge agus eile ag cur iad féin agus a gcuid oibre i lathair.
Go deimhin sna blianta atá caite, is mó ná na h-eagrais Gaeilge a bhíodh ann nó chas mé le na Gardaí Síochána, na Coimisinéirí Ioncaim, an Choimisinéir Teanga, ollscoileanna agus go leor eile ann. Ina measc freisin beidh Comharchumann Forbartha Mhúscraí.
Beidh an ghabhar á róstadh i gCill Airne ag muintir na Gaeilge as seo go dtí oíche Dé Sathairn agus buaic na féile, Corn Uí Riada. Bígí ann i lár an aonaigh.
Snag-cheol, glaoch ón altóir agus Kneecap
Tá an domhan lán de cheol gan aon amhras agus b’shin rud a fuair an colúnaí seo amach le seachtain anuas nó bhíos ag trí cheolchoirm i gceithre oíche.
Ar dtúis, ar oíche Déardaoin, fuaireas cuireadh chun freastal ar cheolchoirm ag Féile SnagCheol Guinness i gCorcaigh. An amhránaí snagcheoil nó ‘Jazz’ ó Chalifornia, Gregory Porter agus a bhanna, a chuir sinn faoi gheasa lena chuid ceoil.
An raibh a fhios agaibh go bhfuil préamhacha an fhocail, Jazz, sa Ghaeilge. Is amhlaidh gur luaigh imircigh Éireannacha ‘teas’ leis an gceol agus iad ag tuirlingt san Oileán Úr san 19ú aois agus i luath mblianta an chéid seo cháite.
Tá an nós céanna ag Gregory Porter bheith ag sníomh scéalta sna h-amhráin, rud a dhein sé go slachtmhar an oíche a dheireannach, agus atá ag ceoltóirí Éireannacha, rud a fuaireas amach ag ceolchoirm san Ionad Chultúrtha a rinne mé freastal air ar an Aoine.
Muireann Nic Amhlaoibh, Donal O’Connor agus Gerry O’Beirne a raibh ar an ardán ós comhair lucht éisteachta lán go béal san Ionad agus b’iontach an oíche cheoil a chuir siad inár láthair. Ceol meidhreach, ceol brónach agus Port na bPúcaí.
Sean chara liom liom ó mo laethannta i mBéal Feirste isea Donal agus thug sé mé faoi ndeara sa lucht éisteachta. Thug sé faoi ndeara mé agus nuair a bhí deis aige píosa ceoil de chuid Uí Chairealláin – The Lord Inchaquin – a chuir i láthair, nár thiomnaigh sé dom féin é. Bhí sé amhail is dá nglaofaí mé ón altóir!
An triú oíche ceoil, Kneecap, ag an INEC i gCill Airne, oíche Dé Domhnaigh. Oíche é seo a mhairfidh i mo chuimhne go ceann i bhfad – tá ceol ag an dtriúr seo gan amhras ach an rud is mó atá acu ná teacht i láthair agus, mar bharr ar sin, fuinneamh.

Darragh san iomaíocht do Ghradam an Réalta Óig
Tá fear óg ó Cheann Toirc agus céimí de chuid Coláiste na hOllscoile i gCorcaigh, Darragh Ó Caoimh, san iomaíocht do ghradam chumarsáide ag an Oireachtas. Is é an Gradam don Réalta Óg agus tá Darragh ar ghearr liosta in éineacht le ceathrar eile.
Bíonn Darragh le feiscint ar TG4 go minic anois nó cuireann sé i láthair feasacháin aimsire agus míreanna leanúnachais eile agus is duine é de na laithreoirí ar ‘Junior Eurovision’. Fear óg, ildánach agus éirimiúil é agus guím gach rath air sa chomórtas.
Tá go dtí meanlae inniu agaibh vóta a thabhairt do agus is féidir sin a dhéanamh ach GRADAM4 a sheoladh chuig 51500. Nochtfar buaiteoir an ghradaim oíche amárach in Ostán Ghleann an Iolair ag ocáid a chraolfar ar line is a bheidh á thuairisciú ar na meáin soisíalta.