Scéalta Chorcaí: Slán le Seán agus a ghlór bhinn ag canadh ‘An Poc Ar Buile’

Scéalta Chorcaí: Slán le Seán agus a ghlór bhinn ag canadh ‘An Poc Ar Buile’

Bhí clú agus cáil ar an amhránaí Seán Ó Sé a cailleadh an tseachtain seo cáite. 

D’fhágamar slán le duine de mhór laochra Chorcaí an tseachtain seo chaite agus duine de na Gaeil ba mhó tionchar, duine ar a raibh ard mheas air ag tuath agus cléir, nuair a cuireadh Seán Ó Sé i gcré na cille i mBeanntraí.

Bhí sé d’adh orm aithne a bheith agam ar Sheán ón am go rabhas sna déaga. Thar na mblianta fada sin, ní cuimhin liom ach go raibh sé gealgháireach is geanúil i gcónaí.

Is ball de Chór Chúil Aodha mé le breis is leathchéad bliain anois agus is minic gur chan Seán linn thar na mblianta. Bhíodh sé linn ar ócáidí móra in ionaid ar nós an Cheoláras Náisiúnta agus i Halla na Cathrach i gCorcaigh agus Ionad Cultúrtha Bhaile Mhúirne nó ag sochraidí is a leithéid agus ba mhór an ardú meanman a thabharfadh sé dúinn a bhí ar a chúl.

Nuair a chloisfeá é ag canadh véarsa ó An Poc Ar Buile nó Do Bhí Bean Uasal nó, le linn an Aifrínn, ‘Ag Criost an Síol’, d’ardódh sé thú. Bheithfeá spreagtha chun canadh chomh ceolmhar in Éirinn is a fhéadfá agus bheadh faitíos ort go gcanfá droch nóta agus an rud go léir a lot!

Idir é féin agus Seán Ó Riada, d’éirigh leo ‘cnag’ a dhéanamh de An Poc Ar Buile, amhrán a chum feirmeoir léanta ó Screathan na nGamhan láimh le Cúil Aodha, Dónal Ó Mulláin le h-aghaidh Dáimh Scoil Mhúscraí Uí Fhloinn. Chuala Seán an amhrán don gcéad uair agus é ina mhacléinn i gColáiste Íosagáin i mBaile Mhúirne. Le linn na 40í sa choláiste ullmhúcháin d’ábhar mhúinteoirí, bhíodh oícheanta scoraíochta acu le muintir na h-áite agus d’fhreastail An Mullánach ar na h-ócáidí sin.

Bhí An Poc Ar Buile le clos an dara Domhach as a chéile agus An Daingean buach i gCraobh Pheile na gClubanna.

Bíonn caint ar Kneecap bheith ag tionscnú réabhlóid i gceol na Gaeilge - agus gach rath orthu - ach dhein Seán Ó Sé agus An Riadach in éineacht gaisce trí scór bliain ó shin. Ba fíor réabhlóid ceoil a thionscnaimh siad le ceirníní ar nós ‘Ó Riada sa Gaiety’. D’ardaigh siad sinn.

Suaimhneas síoraí go raibh ag Seán agus é imithe ar ais go dtí a cheantar dhúchais, Beanntraí siar ó dheas. Slán leat a chara.

Ceol agus ealaíon san Ionad Cultúrtha

Táimíd istigh san Athbhliain agus ní fada uainn an chéad íocaíocht tuarastail agus mar sin tá sé in am tosú ag ceiliúradh agus ag múscailt ó chodladh an Gheimhridh.

Is níl áit níos fearr chun sin a dhéanamh ná Ionad Cultúrtha an Dr Ó Loingsigh i mBaile Mhúirne.

Beidh an chéad oíche san Ionad go luath, ar an Aoine, 30 Eanáir, agus ar an oíche sin osclófar taispeántas griangrafanna le Con Kelleher, a d’imigh romhainn ar shlí na fírinne anuraidh.

Beidh ceolchoirm le Cormac McCarthy agus Aoife Ní Bhriain san Ionad Cultúrtha ar an Aoine, 30 Eanáir.
Beidh ceolchoirm le Cormac McCarthy agus Aoife Ní Bhriain san Ionad Cultúrtha ar an Aoine, 30 Eanáir.

B’é Con an grianghrafadóir a bhíodh ag gach ócáid san Ionad agus ghlac sé griangrafanna d’oirfidigh éagsúla a raibh ar an ardán ann. Is féidir cuid a fheiscint go fóill nó bionn siad ar taispeáint go minic san Ionad.

Seo deis ar leith chun rogha ghriangrafanna ón ealaíontóir seo a fheiscint san Ionad agus cá bhfios ach go mbeidh corr cheann ar díol.

Beidh an taispeántas sin ar oscailt ó 6.30in agus ag 8in ar an oíche céanna beidh ceolchoirm le Cormac McCarthy, ceoltóir piano, agus Aoife Ní Bhriain, bheidhleadóir den scoth.

Oíche speisíalta ceoil a bheidh anseo agus is tús spleodrach atá á chur le séasúr an Earraigh ag an Ionad.

Tábhairne iomráiteach ar díol sa Ghaeltacht

Tá sé fógartha go bhfuil an tigh tábhairne iomráiteach i mBéal Átha’n Ghaorthaidh, Ard na Laoi, le díol. I dteachtaireacht a phostáil an Choiste Forbartha ar a gcuid ardáin sóisialta, gabhadh buíochas le Paddy agus Síle, úinéirí an tábhairne. “Ba mhó ná tábhairne Ard na Laoi, b’áit chruinnithe fháilteach agus áit le h-aghaidh comhrá agus teacht le chéile,” dúradh. Trí amanna maithe agus dúshlánacha araon, chuir sibh spás ar fáil a thug daoine le chéile - chun ocaidí speisíalta a cheiliúradh, chun scéalta a roinnt, agus chun taitneamh a bhaint as cuideachta a chéile.

Tá Ard na Laoi, tábhairne iomráiteach Bhéal Átha’n Ghaorthaidh, ar díol.
Tá Ard na Laoi, tábhairne iomráiteach Bhéal Átha’n Ghaorthaidh, ar díol.

“Agus sibh ag bogadh ar aghaidh go dtí an chéad chaibidil eile, guímid sonas, dea-shláinte agus gach rath oraibh.” Is cinnte go n-aireoidh muintir Mhúscraí go léir uathu Ard na Laoi agus beimid ag súil go leanfaidh an áitreamh mar thig tábhairne faoi úinéireacht nua.

Tá athrú iomlán tagtha ar an saol le glúin anuas agus áit lárnach na dtábhairní i saol an phobail tar éis laghdú go mór. Is cinnte, áfach, go bhfuil na h-áiseanna a thugann tithe tábhairne dhúinn de dhíth.

Corcaigh agus Maigh Chromtha fós gan stádas ‘baile seirbhíse’

Chuireas iarratas ar eolas go dtí Roinn na Gaeltachta an tseachtain seo caite ag lorg uasdátú ar an méid a bhí á dhéanamh chun stádas Chorcaí agus Mhaígh Chromtha mar bhaile sheirbhíse Gaeltachta a bhaint amach.

An freagra lom ar an gceist - is ar éigean go bhfuil aon dul chun cínn á dhéanamh.

Sa bhfreagra a fuaireas ón Roinn maidir le Corcaigh agus Maígh Chromtha, bhí an méid seo le rá: “Tá comhráití ar bun idir an Roinn agus Foras na Gaeilge maidir le pleananna teanga Chathair Chorcaí agus Maigh Chromtha. Maidir le Cathair Chorcaí,cé nach bhfuil plean teanga don chathair ceadaithe fós, is fiú a nótáil gur cheadaigh an tAire Calleary airgead substaintiúil anuraidh chun Scéim na gCúntóirí Teanga a leathnú amach go dtí gaelscoileanna na cathrach. Maidir le Plean Teanga Mhaigh Chromtha, tuigtear gur gearr go mbeifear réidh le tús a chur leis an bpróiseas atá leagtha síos in Acht na Gaeltachta 2012 chun ceanneagraíocht pleanála teanga a cheapadh don Bhaile Seirbhíse Gaeltachta seo.” I bhfocail eile, níl aon dul chun cínn déanta maidir le stádas Bhaile Sheirbhíse Ghaeltachta a bhaint amach do Chorcaigh ná Maígh Chromtha agus is cosúil go bhfuil na h-údaráis áitiúla, Comhairle Chathrach Chorcaí agus an Chomhairle Chontae, ar nós ‘is cuma linn’ cad a tharlaíonn. An fhadhb le seo ná go bhfuil siad ag fágaint muintir na Gaeltachta in áit na leathphingine. An fáth go bhfuil stadas ‘baile seirbhíse Gaeltachta’ ar fáil do bhailte is do chathracha cóngarach do phobail Gaeltachta ná chun a chinntiú go mbeadh seirbhísí ar fáil in oifigí na n-údarás agus i ngnóanna príobháideacha trí mheán na Gaeilge. Níl na h-údaráis sásta bogadh chun tosaigh chun na seirbhísí sin a chuir ar fáil. D’fhéadfaí a rá go bhfuil siad ag sárú an dlí ach dealraíonn sé gur pobal dofheicthe ag na h-údaráis áitiúla i gCorcaigh pobal labhartha na Gaeilge. An bhfuilimíd do-fheicthe?

Ranganna rince seite i gCill na Martra

Comhartha cinnte go bhfuil an Gheimhreadh ar an dé deiridh go bhfuil ranganna oíche ag tosnú arís agus an tseachtain seo cuirfear tús le sraith nua ranganna rínce séite i gCill na Martra. Craobh Lachtaín Naofa de Chomhaltas Cheoltóirí Éireann atá ag reáchtáil na ranganna agus beidh siad ag tosnú san Ionad Pobail i gCill na Martra Déardaoin ag 7.30in.

Costas €70 atá ar an gcúrsa deich sheachtain.

Foclóirín – glossary

  • Bhí sé d’adh orm - I was lucky to.
  • Tuath agus cléir - the community and clergy.
  • Ardú meanman - lift the spirit.
  • Gealgháireach - light hearted, a ready smile.
  • D’ardaigh sé sinn - he raised us up,
  • Taispeántas - exhibition,
  • Baile sheirbhíse Gaeltachta - Gaeltacht service town.
  • Tábhairne iomráiteach - famous tavern/pub.

More in this section

Garda sign and blue lights on a Garda car. Cork motorist one of the first clocked speeding in garda Easter roads campaign
Cork Airport ready to welcome over 65,000 passengers this weekend Cork Airport ready to welcome over 65,000 passengers this weekend
Bid to finally bring empty apartments into use in Cork town Bid to finally bring empty apartments into use in Cork town

Sponsored Content

Driving Growth in Munster: How property finance is powering Cork’s future Driving Growth in Munster: How property finance is powering Cork’s future
Passionate producers get a helping hand from Tesco Passionate producers get a helping hand from Tesco
Where tech meets care: At the forefront of IVF Where tech meets care: At the forefront of IVF
Contact Us Cookie Policy Privacy Policy Terms and Conditions

© Examiner Echo Group Limited

Add Echolive.ie to your home screen - easy access to Cork news, views, sport and more