Scéalta Chorcaí: Fócas ar an ‘Kabin’ i scánnán nua faisnéise
Tá 'Gealtrá' ag ínsint an scéil faoi na daoine óga ildánacha ag The Kabin agus iad ag cumadh amhrán as Gaeilge. Beidh an scánnán le feisicnt le linn Féile Scánnáin Chorcaí ag an deireadh seachtaine
Tá an stiúrthóir a rinne Christy ar an taobh thuaidh den Laoi ar ais le scannán nua, scannán faisnéise an uair seo dar teideal Gealtrá.
Fiosrú machnamhach ar phobal, cruthaitheacht, agus an Ghaeilge ag The Kabin Stiúideo i gCorcaigh atá i gceist le Gealtrá agus beidh sé á thaispeáint le linn Féile Scannáin Chorcaí an Aoine bheag seo.
Leanann an scannán seisear duine óg agus iad ag tabhairt faoi dhúshlánn an scannán seisear duine óg agus iad ag tabhairt faoi dúshlán, amhrán a chumadh agus a thaifeadadh trí Ghaeilge.
Faoi threoir an rapálaí Gaeilge, Séamus Barra Ó Súilleabháin, déantar iniúchadh ar a bpróiseas cruthaitheach, a scéalta pearsanta agus ar an tionchar atá ag The Kabin ar a saol, agus cuirtear faoi scrod cumhacht athraitheach an cheoil mar uirlis le haghaidh féinléirithe, ceangal, agus foghlaim teanga.
Is beag duine nach bhfuil cloiste acu faoin Kabin Stiúideo ar an taobh thuaidh de Chathair Chorcaí, áit a dtagann daoine óga le chéile chun ceol a chruthú, scéalta a insint, agus muinín a mhéadú trí chomhoibriú.
I 2024, mheall an stiúideo aird idirnáisiúnta nuair a chuaigh The Spark, amhrán rap leis an Kabin Crew agus Lios Dúin Bhearna Crew, i mbéal an phobail ar na meáin shóisialta.
Cumadh an rian seo i gceardlann, agus léirigh an rath a bhí air samhail ar leith de chuid The Kabin: daoine óga a chumasú le bheith ina gceannairí, le cruthú agus le féinléiriú a dhéanamh ar a dtéarmaí féin.
“Is é The Kabin Studio an áit is draíochtúla agus is spreagúla a bhfaca mé riamh — tá sé deacair cur síos a dhéanamh ar an tionchar atá aige ar na daoine óga sa cheantar seo,” arsa Brendan. “Is tearmann é don aos óg — áit ina mothaíonn siad go bhfaigheann siad éisteacht, ina mbíonn siad sábháilte agus lán de dheiseanna.
“Leis an scannán seo, ba mhian liom croí agus anam an tsuímh seo a ghabháil, agus freisin cumhacht an cheoil mar uirlis fhoghlama a scrúdú.” Le stíl phearsanta agus scothscannánaíocht Canty, is litir ghrá í Gealtra chuig The Kabin Stiúideo — fiosrú ar ghníomh ghníomhach na hóige, an gníomhú áitiúil, agus ar chumhacht an cheoil maidir le hathbheochan na teanga.
Tá an scannán dátheangach agus tá ceol bunaidh cumtha agus curtha i láthair ag na daoine óga féin ann, in éineacht le ceol téama le Tom Morris. Tá an scannán léirithe ag Máire Ní Dhuinnín ( Léiriú Súgradh Teo), agus maoinithe ag TG4 agus ó Chomhairle Ealaíon na hÉireann.
Mná Naomh Abán tar éis Craobh na Mumhan a bhuachaint
Bhí ceiliúradh mór I bPáirc Íosagáin Dé Domhnaigh nuair a d’fhill Foireann Idirmheánach Mhná Naomh Abán ar fhód bhaile an chumainn tar éis éacht eile a bhaint amach, bua tar éis am breise i gcluiche ceannais na Mumhan in aghaidh a gcéilí comhraic ó Chiarraí, Cluain Meacon/Maigh Mheán.
Bhí mná na Gaeltachta go maith chun tosaigh ar feadh cuid mhaith den chluiche ach sna nóiméid dheireanacha sa chluiche, in am chúitimh an ghortuithe, fuair an fhoireann eile cúl a chothromaigh an scór agus a d’fhág go raibh am breise ag teastáil.
Sa tréimhse sin, áfach, d’éirigh le Naomh Abán an forlámhas a bhí acu sa chluiche a fháil ar ais agus sa deireadh bhí bua trí phointe acu, 2-11/2-8.
Bhí píobairí ann chun iad agus foireann faoi 16 Naomh Aban, a bhuaigh craobh faoi 16 an chontae ar an Satharn, a thionlacan nuair a d’fhill siad ar Bhaile Mhúirne.

Bhí slua mór rompu nuair a d’fhill siad le corn an chúige.
I gcionn ceithre seachtaine beidh siad ag imirt i gcluiche leath ceannais na hÉireann agus má éiríonn leo teacht tríd sin beidh cluiche ceannais á imirt díreach roimh na Nollag.
Is léir go bhfuil obair chruaigh agus tallann na bpeileadóirí seo á dtiomaint chun tosaigh agus is iontach a fheiscint go bhfuil sin ag fáil luach saothair.
Comhghairdeas leis an bhfoireann agus a gcuid bainisteoirí.
Naomh Abán abú!
Oireachtas iontach i mBéal Feirste
Deirtear é seo gach bliain ach b’é an tOireachtas atá díreach thart an t-eagrán ab fhearr den fhéile atá beagnach 130 bliain d’aois.
Thiar in 1897 a tionóladh an céad Oireachtas - agus creid é nó ná creid b’é sin a thug ainm do Thithe an Oireachtais. Is éard is brí le hOireachtas ná teacht le chéile.
Ach b’é Oireachtas na Samhna an ceann ab fhearr a d’fhreastail mise air — agus táim tar éis bheith ag freastal ar an bhféile seo le breis 30 bliain anois. Go deimhin, bhíonn i láthair nuair a raibh an tOireachtas sa chathair cois cuain an uair dheireanach i 1997.
An rud ba mhó a chuaigh i bhfeidhm orm ag an Oireachtas an uair seo an oiread Gaeilge a bhí á labhairt sa chathair agus mé ag dul timpeall. Tá córas iontach iompar poiblí ann - an glider - agus nuair atá sé ag dul go hiarthar Bhéal Feirste áit a bhfuil Ceathrú Gaeltachta na cathrach, bíonn na stopanna á gcur i láthair go dhá teangach. Nuair a chuaigh mé go dtí an bheár san Europa chun deoch a cheannach, bhí mé ábalta sin a dhéanamh as Gaeilge. An rud céanna san Ionad Cois Cuain, láthair formhór na n-imeachtaí.
Ní raibh sé chomh héasca agus ar cheart go mbeadh sé sin a dhéanamh in ionaid eile ina mbíonn An tOireachtas.
Bhí go leor de mhuintir Chorcaí ag an Oireachtas i mbliana, cuid acu páirteach i gcomórtais. Bhí an fhéile ag Finín Ó Conaill arís agus bhuaigh sé duaiseanna sna comórtais liteartha, amhránaíocht agus rince ar an sean nós.
Bhí Seosamh Ó Críodáin ó Mhaigh Chromtha páirteach le Sláine Ní Chathaláin (An Saol Ó Dheas) i mbun Amhrán Saothair le chéile agus bhuaigh siad an chéad duais.
Bhí amhránaithe Mhúscraí amuigh le fórsa arís agus d’éirigh le Lúc Ó Riada, de shliocht Chúil Aodha, an galocha ar ais a fháil sa chomórtas Faoi 35.
Bhí iomaíocht an géar I gCorn Uí Riada agus chan na hiomaitheoirí go léir, go leor iar bhuaiteoirí ina measc, go maith. Chan Seosamh Ó Críodáin ‘Cath Chéim an Fhia’ agus bhí ‘An Bíonn Luachra’ ag Nell Ní Chróinín sa chéad mhír den chomórtas, na hamhráin mall. Mhair sin trí huaire a chloig go dtí timpeall 10in. Fuair Nell athghlaoch agus chan sí Sráid Chill a’Dísirt dá hamhrán tapa Thuill seo an 3ú háit di!
Beidh an tOireachtas ar ais i gCill Airne an bhliain seo chugainn agus cé go mbeidh sin áisiúil do mhuintir Mhúscraí, ní doigh liom go mbeidh éinne ag argóint má fhilleann mór fhéile na nGael ar Bhéal Feirste, priomhchathair na Gaeltachta dar liom féin.

App?




