Scéalta Chorcaí: Imelda sa tóir ar ‘Amhráin na nGael’ ar shraith nua RTÉ

Imelda May fearr aithne uirthí as an snagcheol agus ‘rockabilly’ ach anois tá sí ag iarraidh aithne a chuir ar an sean nós agus amhráin dhúchais a tír féin.
Scéalta Chorcaí: Imelda sa tóir ar ‘Amhráin na nGael’ ar shraith nua RTÉ

Tá clú agus cáil ar an amhránaí Imelda May as binneas a glór agus bíonn sí ar an ardán go minic ar RTÉ agus ar fud na cruinne. Is fearr aithne uirthí as an snagcheol agus ‘rockabilly’ ach anois tá sí ag iarraidh aithne a chuir ar an sean nós agus amhráin dhúchais a tír féin.

Ina sraith nua, Amhráin na nGael, beidh Imelda ag dul timpeall na tíre agus ag casadh le hamhránaithe éagsúla ban agus í agí ag tabhairt aghaidh ar a caidreamh leis an nGaeilge trí amhráin ar an sean-nós.

Ag leanúint lorg na mbailitheoirí móra ceoil, cuireann sí a croí agus a hanam isteach ina sprioc chun gach aon fhocal de na hamhráin seo a thuiscint. Agus tugann sin chun chomh fada le Múscraí Imelda, áit a chastar Maighréad Uí Lionáird uirthí, neach le Bess Cronin, bean a tháinig báilitheoirí ceoil chuicí ag bailiú amhráin ó Mheirceá.

Iarracht atá sa sraith seo a fháil amach an dtiocfaidh Imelda ar amhráin a spreagfaidh í ó thaobh mothúcháin de, agus an ndéanfaidh sí ceangal leis an stíl traidisiúnta amhránaíochta seo?

Ina focail féin: “Ba thuras pearsanta foghlama dom a bheith ag déanamh mo shraith faisnéise nua, Amhráin na nGael. Thaistil mé ar fud Ghaeltachtaí na hÉireann sa tóir ar slí chun filleadh ar ár dteanga dhúchais, í a cuireadh uainn agus a coinníodh uainn le fada an lá,” dúirt sí.

“Thuig mé go bhfuil draíocht éigin sa cheol - eochair mhisteach a osclaíonn an cosán chun cinn.

“Bhuail mé le cineáltas, eagna agus teasa croí ar fud na tíre ó chuid de na hamhránaithe, na filí agus na scoláirí is cumasaí in Éirinn. Tá súil agam gur éirigh liom an gaol sin, a bhíonn chomh casta agus chomh ciúin sin uaireanta eadrainn féin agus ár dteanga, a chur in iúl.

“Táim ag súil go dtiocfaidh sibh liom ar mo thuras álainn agus go laghdóimid le chéile an deighilt bheag idir iad siúd atá líofa agus muidne atá ag iarraidh a bheith. Tá súil agam go mbainfidh sibh an oiread taitnimh as an sraith seo is a bhain mise as í a dhéanamh” - Beidh “Amhráin na nGael” le feiscint ar RTÉ 1 Dé hAoine ag 8.30in.

Deireadh seachtaine mór dár bhfoirne áitiúla

Bhí fóirne ón dtrí chumann CLG áitiúil i Múscraí páirteach i gcluichí tábhachtacha ag an deireadh seachtaine agus iad ag iarraidh áiteanna a bhaint amach i gcluichí ceannais éagsúla i gcraobhacha peile an Chontae.

Chuaigh Naomh Abán, an chumann anseo i mBaile Mhúirne, chun páirce i Maigh Chromtha i gcoinnibh Achadh Bolg agus áit sa chluiche ceannais sa Phríomh Chraobh Idirmheánach don mbuaiteoir.

B’é seo an dara blain as a chéile gur bhain siad an babhta leathcheannais amach agus, faraoir, chaill siad an uair seo arís. Foireann óg iad lán le himreoirí sciliúla láidre agus beidh siad ar ais.

Darragh Ó Laoire (Naomh Abán) ag tabhairt na cosa leis agus Shane Tarrant (Achadh Bolg) sa tóir air le linn an chluiche leath cheannais ag an deireadh seachtaine.	Griangraf: David Creedon
Darragh Ó Laoire (Naomh Abán) ag tabhairt na cosa leis agus Shane Tarrant (Achadh Bolg) sa tóir air le linn an chluiche leath cheannais ag an deireadh seachtaine. Griangraf: David Creedon

I gCraobh na Sínsear ‘A’, bhí dhá fhoireann ón nGaeltacht sna babhtaí leath cheannais.

Bhi an bua ag Cill na Martra in aghaidh Éire Óg sa chéad cluiche a imríodh i bPáirc Uí Chaoimh (Supervalu) ach chloígh Cnoc na nGraí Béal Átha’n Ghaorthaidh sa dara chluiche a imríodh an trathnóna canna ag príomhstaid Chorcaí.

Go n-éirí le Cill na Martra in aghaidh Cnoc na nGraí sa chluiche ceannais. Agus mé ag caint ar an bpeil, bhí bua maith ag mná Naomh Abán an tseachtain seo cháite nó bhuaigh siad san ar Mhainistir na Corann agus is iad curaithe idirmheánacha an Chontae anois. Comhghairdeas!

Saothar nua ag Seán Óg Ó Duinnín le léiriú an Samhradh seo chughainn

Beidh aisteoirí ag teacht le chéile i mBéal Átha’n Ghaorthaidh go luath chun a céad léamh a bheith acu ar shaothar nua ó pheann Sheán Óg Ó Duinnín, a chéad soalhar ‘aonair’ mar scribhneoir cheoildhráma.

D’éirigh go h-iontach leis an dhá shaothar eile a raibh aige iontu, in éineacht le hAlan Kiely agus Kevin Connolly, is iad sin “Gobnait” agus “Túirín Dubh”.

Seán Óg Ó Duinnín.
Seán Óg Ó Duinnín.

Ach seo saothar a scrígh Seán Óg as a stuaim féin, agus fé mar a mhínigh sé dom é ag an deireadh seachtaine, bhain sé an taithneamh as a bheith á scríobh. Is é sin an chéad riail, gan amhras, go mbainfeá taithneamh as agus tú ag sclabhaíocht leat id aonar.

“An t-Éalú” is ainm don gceoldráma nua seo agus tá sé suite i dtigh altranais darbh ainm Lios Álainn, tigh altranais atá ar a dícheall freastal ar na haosaigh atá ag fanúint leo. Ióga, cniotáil agus eile. Is seanbhean grámhar í Síle atá ag maireachtaint ann ach, faraor, níl sí sásta ann.

B’fhearr léi a bheith amuigh faoin aer ag baint taitneamh as an nádúr agus a neamhspleáchas. Ní hamháin sin, ach deir sí go mbíonn siad gránna léi istigh.

Tá nós aici briseadh amach. ‘B’fhearr liom bás d’fháil i móineár ná istigh san áit sin!’ Cabhraíonn a cairde i Lios Álainn léi, ach, an bhfillfidh sí ar an ‘áit sin’?

Beidh ‘An t-Éalú’ ar stáitse i mBéal Átha’n Ghaorthaidh 7,8,9 & 14,15,16 Bealtaine le cleachtaí ag tosnú roimh na Nollag.

Beidh Cumann Léirithe Bhéal Átha’n Ghaorthaidh gnóthach gan aon amhras as seo go dtí an Samhradh seo chughainn - agus is mór an chreidiúint do Sheán Óg tar éis saothar iomlán nua scríte aige.

Táimid ag súil go mór é a fheiceáil ar an ardán.

Caife agus comhluadar le Gaeil Charraig Uí Leidhin

Tá pobal bríomhar caradach Gaelach láimh le Corcaigh sa bhaile ar a dtugtar Carraig Uí Leighin, sraidbhaile atá áirithe ar an bpobal uirbeach is mó sa chontae taobh amuigh de chathair Chorcaí.

Níl sé ró fhada ó raibh sé ina sraidbhaile beag ciúin.

Gach maidin Dé Chéadaoin tagann cainteoirí Gaeilge ón gcomharsanacht le chéile sa chaifé Esquires ar an bpríomhshráid. Má tá tú timpeall glaoigh isteach agus bíodh cúpla focal agat in éineacht le do chupán tae.

An tOireachtas chugainn gan moill

Beidh go leor ón taobh seo tíre ag tabhairt a n-aghaidh ó thuaidh go luath chun a bheith páirteach san Oireachtas a bheidh á reáchtáil i mbliana i mBéal Feirste.

Tá an colúnaí seo ag dul go Béal Feirste gan amhras, mar, casachtach béasach, táim ainmnithe don ngradam ‘Iriseoir na Bliana’ ag na Gradaim Cumarsáide a bheidh á mbronnadh ar an gCéadaoin, Deireadh Fómhair 29, sa chathair.

Cuid den fath go bhfuil ainmniúchán faighte an leathnach seo - mar sin is daoibhse a théann an chreidiúint!

Foclóirín – glossary

  • Binneas - sweetness, musicality.
  • Ag casadh le - meeting with.
  • Ar lorg na mbailitheoiri ceoil - On the trail of song/music collectors.
  • A croí agus a hanam - her heart and soul.
  • Neacht - niece.
  • Nia - nephew.
  • Mothúcháin - emotions.
  • Tigh Altranais - nursing home.
  • Ag maireachtaint ann - living there.
  • An t-Éalú - the escape.

More in this section

Pop song prompted teen to tell teacher about uncle's sexual abuse, Cork court is told Pop song prompted teen to tell teacher about uncle's sexual abuse, Cork court is told
Warning of four days of water disruption for parts of Cork city's northside Warning of four days of water disruption for parts of Cork city's northside
'He was the best dad': Son pays emotional tribute at funeral of Cork postman  'He was the best dad': Son pays emotional tribute at funeral of Cork postman 

Sponsored Content

Every stone tells a story Every stone tells a story
Absolute Property – Over a quarter century of property expertise Absolute Property – Over a quarter century of property expertise
Stay Radisson: Stay Sligo, Limerick, Athlone and Cork Stay Radisson: Stay Sligo, Limerick, Athlone and Cork
Contact Us Cookie Policy Privacy Policy Terms and Conditions

© Examiner Echo Group Limited

Add Echolive.ie to your home screen - easy access to Cork news, views, sport and more