Scéalta Chorcaí: Léargas ceolmhar Nell agus seoid eile ar sceideal an Fhómhair ag TG4

Nell Ní Chróinín a bheidh ag laithriú Ceol Ón gCré ar TG4 gach Domhnach ag 9.30in.
Ceann de na seoid sin a thagann chugainn ó am go ham ó TG4 is ea Ceol ón gCré, sraith a thosnaigh tráthnóna Dé Domhnaigh ar an stáisiún Ghaeilge.
Is ar oíche an Domhnaigh a bhíonn TG4 ag craoladh a gcláracha ceoil traidisiúnta de ghnáth agus is cinnte gur clár é seo a bhainfidh tú taitneamh agus tairbhe as.
Is í Nell Ní Chróinín, an chéad amhránaí ó Mhúscraí chun Corn Uí Riada a bhuachaint ag an Oireachtas, atá ag cur Ceol Ón gCré i láthair. Ar ndóigh, tá go leor déanta ag Nell ón oíche úd i gCill Airne breis is deich mbliana ó shin nó bíonn sí ag canadh le Danú agus tá sí pósta agus clann uirthi le cois.
Tá roinnt pearsaí aitheanta ó Mhúscraí tugtha faoi ndeara agam i measc aíonna Nell ar an tsraith a bheidh ar siúl go ceann trí sheachtain eile. Ní gá bheith buartha má chaill tú clár an Domhnaigh nó beidh sé ar fáil freisin ar shár sheinnteoir TG4.

Tá roinnt cláracha eile le blas Chorcaíoch le tabhairt faoi ndeara i measc na seoid atá ar sceideal an Fhómhair ag TG4.
Ní féidir, mar shampla, nach bhfuil ceangal Corcaíoch leis an tsraith nua, Iománaíocht Hollywood, sraith a thug léargas a thabhairt dúinn ar an tslí a cuireadh iománaíocht i láthair ar an scáileán mór agus beag. Sa chéad eagrán den tsraith bhí fócas ar an scannán, Clash of the Ash, scannán a stiuraigh an Corcaíoch Fergus Tighe agus a rinneadh a scannánú i Mainistir Fhear Maí agus Baile Mhistéala i dtuaisceart Chorcaí.
Bhí an scannán sin ag díriú ar réalta óg iománaíochta ar fhoireann an bhaile agus an bhrú a bhíonn air - sa deireadh téann sé ar imirce. B’shin a rinne go leor dá ghlúin i lár na 80í, tráth go rabhas féin ag aois an fhir óig sin. Níorbh aon iománaí mise, áfach, ach sin scéal do lá eile.
Tá cuimhne agam freisin gur cuireadh tús leis an scannán The Wind That Shakes The Barley a bhuaigh go leor duaiseanna móra idirnáisiúnta le radharc de chluiche romana a taifeadadh sa pháirc a chaitheas m’óige ag imirt peile ann. Is beag iomána a deineadh ar an dromchla céanna i gcaitheamh na mblianta agus tá sé anois ina pháirc bhaile ag an bhfoireann sacair áitiúil, Peileadóirí an tSuláin.

Ag caint dom ar pheileadóirí, is beag peileadóir a raibh an oiread clú air agus an Feirsteach sciliúil, George Best. Ach an bhfuil a fhios agat gur tháinig sé Corcaigh timpeall na Nollag sa bhliain 1975 agus d’imir sé le Cork Celtic in dhá chluiche. Ba é sin an tráth gur chosain cead isteach 50p ag bhí staid na gCeilteach ag Cros an Tuirnéara lán go doras.
Inseofar an scéal sin sa scannán faisnéise, George Best i gCorcaigh, scannán a bheidh le feiceáil ar TG4 timpeall na Nollag.
Clár faisnéise eile ar fiú bheith ag faire air ná Éire agus Na Chéad Náisiún a bheidh ar siúl oíche amárach (Dé Chéadaoin) ag 9.30in.
Scéal dochreidte faoin tslí ar chaith muintir na hÉireann le bundúchasaigh Thuaisceart Mheiriceá a bheidh á insint ar an gclár. Léirigh meon na nÉireannach coimhlint dhomhain an choilínithe, bhí siad ina gcairde agus ina n-eascairde araon ag na Chéad Náisiúin. Agus iad curtha óna dtír dhúchais féin, bhí ról lárnach ansin acu i gcoilíniú Mheiriceá. Pléifidh lucht acadúil agus tráchtairí ón dá thaobh an scéal comhaimseartha faoi thuras stairiúil na nÉireannach a chuaigh go Meiriceá, ní hamháin óna bpeirspictíocht féin ach trí shúile na ndaoine ar ruaigeadh as a n-áit féin iad.

Agus fás faoin eite dheis in Éirinn agus go hidirnáisiúnta faoi láthair, tá scannán eile ar fiú bheith ag faire amach do ag teacht ár slí a léiríonn cad a tharla roimhe inár stair. Seo ceann de na scannáin fhaisnéise atá iomrá ar TG4 ina dtaobh.
Bhí géarchéim in Éirinn sna 1930idí mar a scaip an náisiúnachas ar fud na hEorpa. Insítear scéal Mhná na Léinte Gorma sa chlár seo, 12,000 bean a sheas leis na Léinte Gorma, eagraíocht luathfhaisisteach in Éirinn. Ní mórán trácht a rinneadh ar na mná seo i gcúrsaí staire ach bhíodar ag croílár an stoirm pholaitíochta conspóideach seo. Tugann Mná na Léinte Gorma cúrsaí cumhachta, féiniúlachta agus ról na mban san antoisceacha chun solais.
Sibhse atá ag smaoineamh faoi scannáin dhrámaíochta, tá cúpla ceann acu san ag teacht chomh maith. Ina measc tá Aontas, scannán den chineál nach bhfeiceann tú as Gaeilge ró mhinic, scéinséar coiriúlachta.

Socraíonn triúr gadaithe faoi stiúir bhean atá ar tí cliseadh néarógach a bheith aici comhar creidmheasa faoin tuath a robáil. Cuirtear tús leis an scéal seo agus cúrsaí imithe in aimhréidh i ndiaidh na robála agus téitear siar san am go bhfeicfear an méid a tharla roimhe sin. Feictear an tionchar a bhíonn ag na cinntí a dhéanann daoine ar an saol a bhíonn acu agus mar is féidir le cuimhní áirithe srian a chur ar dhaoine sa scannán seo.
Is fiú freisin súil a choimeád amach le haghaidh sraith ina mbeidh an fear timpeallachta, Eoin Warner, ag tabhairt cuairt ar an mBoirinn i gContae an Chláir. Ar Oileán Glas, Fásach Bán, beidh Eoin ag insint faoin mbliain a chaith sé sa cheantar ar leith seo sa tsraith.
I measc na gcláracha eile atáim ag súil leo tá Glúin Z agus Hector OZ/NZ agus a thuilleadh nach iad. Bígí ag faire, a chairde.
More in this section