Scéalta Chorcaí: An bhfillfidh Liam ar bhruacha ghlas áille na Laoi i mbliana?

Scéalta Chorcaí: An bhfillfidh Liam ar bhruacha ghlas áille na Laoi i mbliana?

Cork's Mark Coleman gets off his pass from Dublin's Diarmaid Ó Dúlaing during the All-Ireland SHC semi-final at Croke Park. Picture: Eddie O'Hare

Tá amhrán i gcroí gach Corcaíoch an tseachtain seo agus sinn ag súil go mór leis an gCluiche Ceannais i bPáirc a’Chrócaigh seachtain ón nDomhnach seo chughainn. Tar éis díomá na bliana seo cháite, tá deis ag ár laochra ainm bhródúil an chondae a ghreannadh ar Chorn Liam Mhic Carthaigh don gcéad uair ó 2005.

Is cinnte go bhfuil constaic mhór sa tslí agus sin na Tiobradaigh atá thar nais ar a sean léim iad féin. Sháraigh siad cait Chill Choinnigh le sár thaispeántas Dé Domhnaigh agus cúl an bhua de chaighdeán nach bhfeictear ach go h-annamh ar pháirc na h-imeartha.

Is cinnte go raibh bua níos éasca ag Corcaigh ar an Satharn ach is léirú an seacht gcúl a scoráil ár ngaiscigh in éadan Bhaile Átha Cliath ar fhoireann atá lán le h-iomáint agus le scil agus an ghoile mhór atá acu don mbua. Beidh le feiceáil.

Idir seo agus sin, tháinig mé trasna ar an leagan Ghaeilge den aintiún Corcaioch, The Banks, ar na meáin soisíalta le déanaí, fear darbh ainm Ruairí Ó Drisceoil a rinne an leagan brea seo as Gaeilge.

Tá súil agam go mbeidh sé le clos nuair a fhilleann Liam Mhic Carthaigh go Corcaigh, a chontae dhúchais, i gceann coicíse!

Ar Bhruacha Glas Áille na Laoi

Ar bhóithrín na smaointe is minic dom siar, ar laethe geal m’óige cois Laoi

Nuair do b’eol do mo chaoin spiorad gach áthas geal binn, sar ar léir dom claon-bhearta an tsaoil

Nuar b’aeraí mo chroí ná an leoithne bhog gaoith, fan an Mhairdíog tráthnóna brea buí

Mar a dtéimís ag spraoi is ag spórtaíocht sealaí, ar bhruacha glas áille na Laoi.

Is aoibhinn an tír í, oileán so na rann, thuill clú agus cáill dá chuid léinn

A muintir a chlóigh, cé gur lág dóibh ‘sgur fann, le soiscéal na ndámh is na naomh

Ba bhinn liom bheith ann le dlúth cháirde mo chroí, is mo mhuirnín óg álainn lem’ thaobh

Siar an Díog linn tráthnóna buí gréine ag trial, ar bhruacha glas áille na Laoi.

Do b’aoibhinn lem chroí ce gur fad mé i gcéin ó chathair gheal álainn Chorcaighe

Dá gcuirfí chugham scéala na sár fhir go tréan, bheith san ár ar son saoirse arís

Níor bhinne liom ceol ná tiubh lámhach na bpiléar, is cás mhór liom mo bhás insa ghlí

Ach go bhfeicinn ár Róisín fé bhláth is fé réim, ar bhruacha glas áille na Laoi.

Corcaigh ag tabhairt na Gaeilge leo go Ceanada!

Tá beirt Corcaíoch i measc seachtar Éireannach ar a bronnadh scoláireachtaí ‘Teagascóirí Gaeilge’ Fhondúireacht Ollscoile na hÉireann agus Ceanada (ICUF) ag ocáid a reachtáladh le déanaí ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar an gCeathrú Rua.

A Shoilse, Dennis King, Ambasadóir Cheanada le Maebh Ní Dhuinnín, Béal Átha an Ghaorthaidh, Co Chorcaí, ar bronnadh dámhachtain Teagasc na Gaeilge uirthi in Ollscoil St Mary’s Halifax i gCeanada. In aice léi tá a tuismitheoirí Pádraig Ó Duinnín agus Katie Uí Dhuinnín Griangraf: Seán Ó Mainnín
A Shoilse, Dennis King, Ambasadóir Cheanada le Maebh Ní Dhuinnín, Béal Átha an Ghaorthaidh, Co Chorcaí, ar bronnadh dámhachtain Teagasc na Gaeilge uirthi in Ollscoil St Mary’s Halifax i gCeanada. In aice léi tá a tuismitheoirí Pádraig Ó Duinnín agus Katie Uí Dhuinnín Griangraf: Seán Ó Mainnín

Siobhán Ní Chróinín ó Shráid an Mhuilinn agus Méabh Ní Dhuinnín ó Bhéal Átha’n Ghaorthaidh atá ag dul thar toinn go Ceanada sa bhFómhar chun an deis seo a thapú.

Bronnann an ICUF na gradaim seo gach bliain mar chuid den Chlár Gaeilge, clár atá á chur ar siúl le fada an lá le tacaíocht ó Rialtas na hÉireann agus ón Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, agus i gcomhar le hollscoileanna Ceanadacha. Tá na mílte daoine de chuid Cheanada curtha ar an eolas ar an nGaeilge agus ar an gcultúr Gaelach ag an gclár ó cuireadh tús leis, rud a chuireann le pobal beoga foghlaimeoirí ar fud Cheanada atá ag dul i méid. Baineadh clochmhíle mhór amach i mbliana don chlár mar gheall go bhfuil scoláireachtaí tumtha Gaeilge an ICUF bronnta anois ar 250 faighteoir san iomlán.

Aithníonn Cróinín Cróinín eile? Éireannach Siobhán Cronin, ar chlé, atá ar a bealach go Ceanada tar éis gur bronnadh dámhachtain Teagasc na Gaeilge in Ollscoil Ottawa uirthi, agus Kiera O'Cronin, bean Cheanada, a bronnadh scoláireacht Ghaeilge de chuid Fondúireacht Ollscoil Éireann Cheanada uirthi i gcomhphairtíocht le Ollscoil Alberta. Griangraf: Seán Ó Mainnín
Aithníonn Cróinín Cróinín eile? Éireannach Siobhán Cronin, ar chlé, atá ar a bealach go Ceanada tar éis gur bronnadh dámhachtain Teagasc na Gaeilge in Ollscoil Ottawa uirthi, agus Kiera O'Cronin, bean Cheanada, a bronnadh scoláireacht Ghaeilge de chuid Fondúireacht Ollscoil Éireann Cheanada uirthi i gcomhphairtíocht le Ollscoil Alberta. Griangraf: Seán Ó Mainnín

Comhairle Chathrach Chorcaí luaite ina thuarascáil ag an gCoimisinéir Teanga

D’fhoilsigh an Choimisinéar Teanga, Seamus Ó Concheanainn, a thuarascáil bhliantúil le gairid agus is bocht an scéal a raibh aige maidir le go leor des na comhlachtaí Stáit agus údaráis áitiúla is a ndearcadh siúd i leith na Gaeilge.

Dúirt an tUasal Ó Concheanainn gur léirigh an 594 gearán a fuarthas le linn na bliana ná raibh a dhothain foirne inniúil ar an nGaeilge sa Stát agus easpa dualgais ar chomhlachtaí phoiblí seirbhísí bunúsacha a chuir ar fáil trí Ghaeilge.

B’é 594 an líon is lú gearáin a fuarthas le cúig bliana anuas ach, ag an am chéanna, tháinig méadú súntasach ar líon na n-uaireannta a chuir an Choimisinéir Teanga Comhairle ar chomhlachtaí phoiblí le linn na bliana. B’é 2021 an bliain ba mhó sa tréimhse sin a deineadh gearáin lena linn, 727 ngearán, agus 2022 an bliain ba lú le 600.

I measc na n-údarás áitiúil a rinne an Choimisinéar monatóireacht orthu, bhí Comhairle Chathrach Chorcaí agus dúradh faoin údarás úd ná raibh siad geilliúil maidir le h-athchoimre den tuairisc a rinneadh faoi cé chomh maith is a chloígh an údarás leis an reachtaíocht teanga.

Maidir le na gearáin tháinig 16% acu ón nGaeltacht agus is ó Bhaile Átha Cliath a tháinig 28.6%, laghdú de bheagán ar bhlianta eile.

Halla na Cathrach, Corcaigh.
Halla na Cathrach, Corcaigh.

Dhírigh an Choimisinéir a mhéar ar an nganntanas foirne le h-inniúlacht sa Ghaeilge chun seirbhísí faisnéise teileafóin, deisce cabhrach agus comhrá gréasáin ar cheann de na príomh údair gearáin.

Anuas ar sin bhí easpa seirbhís idirghníomhacha ar line – msh clárú do sheirbhísí poiblí, iarratais a dhéanah ar thacaí agus coinní a dhéanamh. Thug sé le fios freisin go raibh easpa bonneagar seirbhísí poiblí sa Ghaeltacht chun rochtain ar sheirbhísí poiblí i nGaeilge a éascú.

Ní raibh teacht ar fhoirmeacha oifigiúla i nGaeilge agus b’údar eile gearáin ná raibh úsáid chruinn ar ainm, sloinne seoladh agus teideal i nGaeilge. B’údar gearáin an easpa síneadh fada freisin.

“Léiríonn na bearnaí ollmhóra thuas an gear riachtanas atá ann córas nua na gcaighdean teanga a thabhairt I bhfeidhm, agus lánfheidhm a thabhairt d’fhorálacha uile Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 gan mhoill,” dúirt sé.

“Teastaíonn na comhlachtaí poiblí móra atá ag soláthar seirbhísí poiblí forleathana, ar nós ranna rialtais, údaráis áitiúla agus institiúidí oideachais a thabhairt faoi scáth na gcaighdeán teanga mar thosaíocht.”

More in this section

High Court appoints examiner to Cork retailer Cummins Sports High Court appoints examiner to Cork retailer Cummins Sports
‘Cork people must have say on drone use’, says city councillor ‘Cork people must have say on drone use’, says city councillor
Scales of justice and Gavel on wooden table and Lawyer or Judge working with agreement in Courtroom, Justice and Law concept Cork man pleads guilty to having drugs for sale or supply on two occasions

Sponsored Content

Where tech meets care: At the forefront of IVF Where tech meets care: At the forefront of IVF
10 minutes with Shannon O’Sullivan of Corlann 10 minutes with Shannon O’Sullivan of Corlann
10 minutes with Jason Cooke of Cheshire Ireland 10 minutes with Jason Cooke of Cheshire Ireland
Contact Us Cookie Policy Privacy Policy Terms and Conditions

© Examiner Echo Group Limited

Add Echolive.ie to your home screen - easy access to Cork news, views, sport and more