Scéalta Chorcaí: Aistroid cróga ag Cill na Martra ag an gComórtas – ach ní leor é

Is iontach an rud, gan amhras, gur thaisteal dhá fhoireann ó Mhúscraí go dtí Rath Chairn don bhfeile seo, féile a chuireann tús mar is ceart leis an Samhradh do mhuintir na Gaeltachta.
Scéalta Chorcaí: Aistroid cróga ag Cill na Martra ag an gComórtas – ach ní leor é

Cailíní gleoite na Gaeltachta a raibh san iomaíocht sa chomórtas, An Cailín Gaelach, agus na coirn a bheidh foirne peile agus iomána san iomaíocht do ar na páirceanna imeartha an Samhradh seo. Ar chlé agus chun tosaigh tá Trófaí Chuimhneacháin Sheáin Uí Chróinín.

B’iad foireann sínsear Chill na Martra na h-ionadaithe deireannach ó Chorcaigh ar pháirc na h-imeartha ag Rath Chairn ghlas na Mí trathnóna Dé Domhnaigh agus ba dhobair ná gur éirigh leo an babhta ceannais a bhaint amach tar éis aistroid iontach sa leath chraobh in éadan an foireann baile.

Ag poinnte amháin, bhí fir Mhúscraí ar chúl le h-ocht gcuilín agus gan fiú deich noimead fagtha san imirt ach d’éirigh leo teacht ar ais i ngiorracht aon phointe amháin. Sa deireadh, afach, níor éirigh leis an dteacht aniar agus bhí gob fhoireann na Mí sin an cuilín amháin sin chun tosaigh agus an feadóg dheireannach á shéideadh.

Is iontach an rud, gan amhras, gur thaisteal dhá fhoireann ó Mhúscraí go dtí Rath Chairn don bhfeile seo, féile a chuireann tús mar is ceart leis an Samhradh do mhuintir na Gaeltachta. Bhí foireann ban Naomh Abán ann freisin ach chaill siad sa chéad bhabhta I gcoinne Naomh Anna, Leitir Móir ó Cheantar na n-Oileán i gConamara. Beidh lá eile acu.

An oiread leis na foirne a thaisteal, bhí go leor leantóirí agus daoine ar theastaigh uathu bheith ann don dteacht le chéile mhór Ghaelach seo – cúpla bean óg ó Chúil Aodha ina measc. Ach sin scéal do lá eile!

Bhí an fhéile i gCill na Martra anuraidh agus beidh ar dul ar chamchuairt timpeall Ghaeltachtaí na tire sara mbeidh sé ar ais i Múscraí arís. Creidim go mbeidh sé i mBéal Átha’n Ghaorthaidh an chéad gheabh eile agus i mBaile Mhúirne an uair ina dhiaidh sin.

Bhí ceangal deas le Múscraí, áfach, sa mhéid is gur bronnadh trófaí nua tar éis Cluiche Ceannais na Sínsear trathnóna Dé Luain. Tá an trófaí do Laoch an Chomórtais tiomnaithe do Sheán Ó Cróinín, laoch de chuid Naomh Abán a d’imir, agus é ina bhainisteoir faoi oiliúint ag Gaeltarra Éireann i Maigh Eo i mBéal a’Mhuirthead ag an gcéad comórtas a imríodh i nGaoth Dobhair i 1969 agus d’imir sé le Naomh Abán ina dhiaidh sin.

Tá sé ceart agus cóir go dtiomnófaí duais do laoch an chomórtais d’fhear a raibh ina laoch don gcomórtas mar imreoir agus mar ghníomhaí chumainn.

Féile na Cincíse ar ais i mBaile Mhúirne

Agus mé i bhfad níos óige ná mar atáim inniu, bhíodh cibeal den scoth againn sa Charraig – sin Baile Mhic Íre – ar Dhomhnach Cincíse. Féile Eaglasta abea an Chincís i mBaile Mhúirne agus is lá patrúin é do Naomh Gobnait go fóill.

Ar an lá sin, áfach, bhíodh go leor spoirt ar an gCarraig nó thiocfadh díoltóirí breagáin, gunnaí uisce go h-áirithe, ar chuairt agus bhíodh sé ina chogadh dearg agus fliuch timpeall na sráideanna. Bhíodh na báid luasctha ann freisin – agus, uaireannta, bhíodh na ‘bumpers’ agus cúpla timpeallán meidhreach.

Ach le forás agus dul chun cinn, tháinig deireadh leis an gCincís mar a bhíodh aithne agamsa air. Bliain amháin níor tháinig na díoltóirí agus na báid luasctha is eile. Agus b’shin é. Forás agus dul chun cinn agus, seans freisin, go raibh daoine sásta go leor nár tháinig siad – ach ansan tháinig cumha orainn don rud a raibh caillte.

Bhíodh sé ina chogadh dhearg sa Charraig le linn na Cincíse fadó agus buachaillí is cailíní ag déanamh luíocháin ar a chéile le gunnaí uisce.
Bhíodh sé ina chogadh dhearg sa Charraig le linn na Cincíse fadó agus buachaillí is cailíní ag déanamh luíocháin ar a chéile le gunnaí uisce.

A bhuíochas d’Oifigeach Phleanála Teanga Mhúscraí, Eibhlín Ní Lionáird, agus an sagart paróiste, an t-Athair Seán Mac Carthaigh, tá iarracht á dhéanamh an fhéile ársa a thabhairt a rais an deireadh seachtaine seo chughainn.

Ar an Satharn beidh teacht le chéile sa chlós ag An Muileann ag 3in chun comóradh a dhéanamh ar 100 bliain de Dháimh Scoil Mhúscraí. Beidh camchuairt againn timpeall ar Bhaile Mhuirne agus ar Bhaile Mhic Íre chun filí na Dáimhe a thabhairt chun cuimhne.

An oíche sin, san Ionad Cultúrtha, beidh taispeántas ann de shean ghriangrafanna ón gCincís fadó agus ar an Domhnach beidh margadh i Scoil Aban Naofa. An trathnóna sin, ag 3in, beidh Aifreann á cheiliúradh ag an Easbag Liam Ó Criomthainn, Easbag Chluain, ag Reilig Ghobnatan.

An Fuascailteoir, an seanadóir agus ollchruinniú nár thárla

Tuathail ag an deireadh seachtaine ach b’é an príomh ocáid a thugas cuairt air ná léacht ana shuimiúil a thug an iar sheanadóir agus an iar cholúnaí, Eoghan Harris.

Bhí an Chorcaíoch ag caint ar chinneadh Dhónail Uí Chonaill, an fuascailteoir mhór, gan dul ar aghaidh leis an gcruinniú ollmhór a bhí beartaithe aige ar son aisghairm Achta an Aontais, cruinniú a raibh socruithe le h-aghaidh Deireadh Fómhair 7, 1843. Dar le hEoghan, bhí an cheart aige mar go raibh an cruinniú curtha faoi chosc agus bagairt déanta ag Príomh Aire na Breataine, Robert Peel, go n-úsáidfeadh sé fórsa marfach chun an chosc a chuir i bhfeidhm.

Eoghan Harris, iar sheanadóir agus colúnaí nuachtáin, ag tabhairt léachta ar Dhónal Ó Conaill (An Fuascailteoir)ag Seachtain na Scríbhneoirí i Lios Tuathail.
Eoghan Harris, iar sheanadóir agus colúnaí nuachtáin, ag tabhairt léachta ar Dhónal Ó Conaill (An Fuascailteoir)ag Seachtain na Scríbhneoirí i Lios Tuathail.

Dar leis an gConallach, dhéanfadh Peel beartú de réir a bhriathar agus de bharr an taithí a raibh ag an gCiarraíoch ar dhoirteadh fola ar na sráideanna i bParas le linn Réabhlóide na Fraince, ní raibh sé sásta go dtarlódh a léithéid lena gcomh Éireannaigh.

Dar leis niorbh fhiú an braon fola saoirse na hÉireann. Is rud teibí an Saoirse, gan amhras, agus cé gur mhaith linn go léir bheith saor, an bhfuil sé chomh tabhachtach le na billí a h-íoc agus aire a thabhairt dod’ chlann?

Ceisteanna doimhne gan amhras agus ón am nár thárla an chruiniú sin, tá go leor uisce gafa tharainn agus go leor fola doirtithe.

Is cinnte nach réitíonn an méid a deir Eoghan Harris le gach éinne mar go dtugann sé faoi na bá beannaithe. Bhí sé ar bharr a mhaitheasa agus é ag tabhairt an léachta sin ag Seachtain na Scríbhneoirí. Gura fada buan é.

Cad a dhéanfar anois fé Choláiste na Mumhan?

Beidh freagraí don gceist achrannach sin á dtairiscint oíche amárach (Dé Chéadaoin)ag cruinniú poiblí a reachtálfar taobh amuigh de Choláiste na Mumhan i mBéal Átha’n Ghaorthaidh. Tá an cruinniú á reachtáil ag Coiste Forbartha Bhéal Átha, dream a bhíonn thar a bheith gníomhach agus éifeachtach ar son an phobail ar an sráid bhaile agus sa cheantar mhaguaird. Ní mó ná sásta atá an choiste mar gur fhag an cinneadh tobann ag comhaltas Choláiste na Mumhan an t-aon chúrsa a raibh beartaithe don Samhradh seo, a chuir ‘ar athló’ go dtí Samhradh 2026.

Tá siad ag éileamh go dtabharfaí an Choláiste ar ais do mhuintir Bhéal Átha’n Ghaorthaidh gan a thuilleadh moille ionas go mbeadh seans ann go reachtálfaí an Choláiste ann arís i 2026. Dúshlán mór a bheadh ansan ach má tá aon dream ábalta do, is iad sin muintir Bhéal Átha.

Ar na rianta is na cosáin

Tá obair nua faighte ag Dhoireann Ní Ghlacain, an ceoltóir aitheanta agus an laithreoir teilifíse atá ceangal laidir aici le Gaeltacht Mhúscraí. Is iníon í le Sorcha Ní Riada ó Chúil Aodha atá pósta ar an gceoltóir, Kevin Glackin. Is í an bhean atá ag cur i láthair ceann des na sraitheanna taithneamhacha sin a bhíonn ag RTÉ ó am go chéile, Tracks & Trails is ainm do. An tseachtain seo bhí sí ar chamchuairteanna éagsúla i lár tíre agus í á tionlacan ag an bean an ráidió, Claire Byrne.

Foclóirín – glossary

  • Aistroid cróga – brave fightback.
  • Teacht aniar – recovery.
  • I ngiorracht aon phointe amháin – within a point.
  • Ceangal deas – nice link/connection.
  • Tá sé ceart agus cóir go dtiomnófaí trófaí – it’s right that a trophy should be dedicated to.
  • An Chincís – The Whitsun.
  • Luíocháin – ambushes.
  • Gunnaí Uisce – water pistols.
  • Forás agus dul chun cínn – progress.
  • An Fuascailteoir – The Liberator.
  • Ollchruinniú – monster meeting.
  • Na Rianta agus na Cosáin – tracks and trails.

More in this section

Volkswagen issues EV vehicle recall over battery issues 'which could lead to fire' Volkswagen issues EV vehicle recall over battery issues 'which could lead to fire'
judgement of judge about legislation, authority, crime, government, justice, punishment, verdict at court decision by gavel. ham Shirtless man on Patrick Street warned passers-by he would 'f*** them up'
EPA carried out 50 inspections at creamery in North Cork last year EPA carried out 50 inspections at creamery in North Cork last year

Sponsored Content

Where tech meets care: At the forefront of IVF Where tech meets care: At the forefront of IVF
10 minutes with Shannon O’Sullivan of Corlann 10 minutes with Shannon O’Sullivan of Corlann
10 minutes with Jason Cooke of Cheshire Ireland 10 minutes with Jason Cooke of Cheshire Ireland
Contact Us Cookie Policy Privacy Policy Terms and Conditions

© Examiner Echo Group Limited

Add Echolive.ie to your home screen - easy access to Cork news, views, sport and more