Scéalta Chorcaí: Seal sa Róimh, an chathair shíoraí is croí na hEaglaise

Bhí tuairisceoir an leathnaigh seo sa Róimh le déánaí. Seo i gceartlár Chearnóg Naomh Pheadair - croí lár na hEaglaise
Scéalta Chorcaí: Seal sa Róimh, an chathair shíoraí is croí na hEaglaise

Concubhar sa Róimh.

Tá áird an dhomhain ar an Róimh le gairid mar gheall ar bhás an Phápa, Proinsias, ar maidin Luan Cásca. Suaimhneas síoraí go raibh ag an bPápa, fear craifeach agus naofa, is cosúil, fear a shéan saibhreas na hEaglaise agus a shanntaigh comhluadar na mbocht, na gcimí, na n-imirceach agus gach éinne a deintear imeallú orthu.

Tar éis a shocraid ag an deireadh seachtaine, beidh an fócas anois ar thoghchán a chomharba, duine de 135 cairdinéal a bhaileoidh le chéile sa Seipéal Sistíneach i gceann seachtaine nó mar sin. Beidh siad faoi ghlas istigh sa seipéal ornáidithe sin go dtí go dtoghfaidh siad an t-é a bheidh ina Phápa go ceann tamaill eile.

Tá sé ráite, gan amhras, ag Malachaí, naomh Éireannach a mhair tuairim is mile bliain ó shin, gurb é an Pápa atá díreach curtha in Eaglais Mhuire Major an comharba dheireannach ar Naomh Pheadar. Bhí bua na faistine ag Malachaí agus bhí rud éigean le rá aige faoi gach papa a a tháinig i ndiaidh an phápa a raibh ann lena linn féin. Dúirt sé gurb de shliocht Pheadair an phápa deireannach, uimhir 266, agus is amhlaidh gur fhag sean thuisitheoirí Jorge Bergolio an Róimh tuairim is 90 bliain ó shin mar gheall ar teacht chun cinn na bhFaisisteach.

Bhíos féin sa Róimh cúpla seachtain ó shin agus chuamar ar chuairt timpeall na suíomhanna ársa, an Coliseum, an ‘Císte Pósta’, an Fhóram Romhánach, agus cathair na Vatacáine, an Seipéal Sistíneach, Eaglais Naomh Pheadair agus eile.

Ghabhmar tríd an Doras Naofa freisin isteach go hEaglais Naomh Pheadair, doras a h-osclaíodh ag tús na bliana seo agus ná raibh ar oscailt roimhe sin ón mbliain 2000. B’é an Pápa Proinsias féin a d’oscail é ag tús na hAthbliana.

Cathair álainn ársa an Róimh agus níl sé deacair a thuiscint cén fath go n-áirítear é ar an gcathair is tabhachtaí ar domhan. Tá an stair agus an cultúr agus, go deimhin, an chumhacht le braistint anseo. Le cúnamh Dé, beidh mé ar ais!

REIC in Amharclann Bhearna na Sceach

Beidh ‘REIC’ in Amharclann Bhearna na Sceach i Maigh Chromtha i gceann coicíse. Ach cad is ‘REIC’ ann, fiafraíonn sibh? An bhfuil sé cosúil leis an focal Béarla, ‘Wreck’, mar níor mhaith linn sin agus is le déanaí a h-athosclaíodh an amharclann tar éis gur dhein tine scrios ann.

Ní h-é an cineal sin ‘wreck’ atá i gceist le REIC ach rud i bhfad Éireann níos contúirtí. Is é atá I gceist ná oíche filíochta agus scéalaíochta as Gaeilge. Is oíche filíochta dhátheangach (agus in amantaí ilteangach) í REIC.

Cuirtear fáilte roimh an Ghaeilge i gcónaí, chomh maith le taispeántas i dteangacha eile. Cuireann bean an tí REIC, Ciara Ní É, an oíche seo ar siúl gach mí nó mar sin i mBÁC, agus tugann sí í chuig féiltí éagsúla timpeall na tíre - International Literature Festival Dublin, Cúirt Galway, Dublin Book Festival, Electric Picnic, Body and Soul, IMRAM, agus eile. Is anois atá sí á thabhairt go Maigh Chromtha.

Beidh Ciara Ní É ag teacht go Maigh Chromtha go luath chun ‘REIC’ a dhéanamh - oíche filíochta ilteangach ar bhruach na Gaeltachta. Tá sí le bheith in Amharclann Bhearna (Briery Gap) na Sceach ar Bealtaine 16.
Beidh Ciara Ní É ag teacht go Maigh Chromtha go luath chun ‘REIC’ a dhéanamh - oíche filíochta ilteangach ar bhruach na Gaeltachta. Tá sí le bheith in Amharclann Bhearna (Briery Gap) na Sceach ar Bealtaine 16.

Is scríbhneoir, taibheoir agus craoltóir í Ciara Ní É. Ainmníodh í mar dhuine de 100 Women Changing Ireland an Irish Examiner in 2022. Bhí sí ina hEalaíontóir Cónaithe le UCD, Dublin Fringe Festival agus DCU agus is comhbhunaitheoir í ar an eagras, Éire Aiteach Gaelach.

Tháinig sí tamall de bhlianta ó shin go Múscraí chun ceardlanna filíochta a reachtáil i scoileanna áitiúla fé choimirce Dháimh Scoil Mhúscraí. Is iontach an rud oíche d’fhilíocht as Gaeilge bheith ar siúl i Maigh Chromtha. Go n-éirí leis.

Ard thorthaí Lachtaín Naofa ag Fleadh Cheoil Chorcaí

Beidh ar Chraobh Chomhaltas Lachtaín Naofa leoraí ollmhór a sheoladh go Baile an Chollaigh an tseachtain seo chun ualach na mbonn is na dtrófaí a bhuaigh baill na craoibhe ag Fleadh Cheoil Chorcaí a thabhairt abhaile go Múscraí.

Comhghairdeachas le Finín Ó Conaill, as an oiread duaiseanna a bhuaigh sé ag Fleadh Cheoil Chorcaí ag an deireadh seachtaine. Is ball é Finín de Chraobh Lachtaín Naofa CCÉ.
Comhghairdeachas le Finín Ó Conaill, as an oiread duaiseanna a bhuaigh sé ag Fleadh Cheoil Chorcaí ag an deireadh seachtaine. Is ball é Finín de Chraobh Lachtaín Naofa CCÉ.

Tá baill óg is aosta na craoibhe cáillithe le dul ar aghaidh anois go dtí Fleadh Cheoil na Mumhan agus b’fheidir go mbeidh siad ag dul níos faide ná sin, ar ais go Loch Garman, roimh dheireadh an tSamhraidh. Go n-éirí leo.

Imeachtaí san Ionad Cultúrtha ag an deireadh seachtaine

Tá sé deacair coimead suas leis an méid atá ag titim amach i nGaeltacht Mhúscraí na laethannta seo nó fán am a léifidh sibh seo, beidh an macalla deireannach de Chruinniú na bhFliút ag dul in éag timpeall na h-áite. Sar deireadh seachtaine ceoil ag lucht na bhfeadóg! Agus an tseachtain seo beidh taispeántas ealaíne nua á oscailt san Ionad Cultúrtha. Taca an ama seo gach bliain bionn taispeántas ag rannpháirtithe Tacaois san IOnad agus beidh seo an n aris is tá an oscailt oifigiúil fógraithe don Aoine beag seo, Bealtaine 2, ag 7 san Ionad aus is ar Pat McKelvey, Stiurthóir Scoileanna ag Bórd Oideachais agus Oiliúna Chorcaí a thitfidh an chúram.

An oíche chéanna beidh, tar éis oscailt an thaispeántais, beidh ceolchoirm leis an ngrúpa CUAS ag tabhairt a gceol chughainn ó Chorca Dhuibhne. Is iad na ceoltóirí Méabh Ní Bheaglaoich (bosca ceoil, glór), Nicole Ní Dhubhshláine (consairtín, feadóg mhór), Niamh Varian-Barry (fidil agus viola, glór), agus Kyle Macaulay (giotar, bouzouki) na ceoltóirí i Cuas.

Ullmhúcháin ar bun le h-aghaidh Féile na Laoch

Ní fheadar an mó duine agaibh ar féidir leo cuimhneamh siar go 2011 – nó 2018 fiú. Cad a raibh ag tarlú sa domhan seacht mbliana ó shin ó ceithre bhliain deag ó shin? Imíonn na blianta.

Tá cuimhne agamsa ar na blianta sin mar bhíos páirteach i meithil a bhunaigh an ceoltóir is an cumadóir, Peadar Ó Riada, chun féile ar leith a eagrú, Féile na Laoch, féile nach mbionn ar siúl ach uair gach seacht mbliain le h-aitheantas is omós a thabhairt dár laochra. Tá dhá mhír le gach féile – mír timpeall ar Lá Lúnasa, an lá breithe a bheadh ag Seán Ó Riada dá mbeadh sé beo go fóill, agus an dara mhír, timpeall ar Dheireadh Fómhair 2, an lá ar cailleadh é go ró óg i 1970.

Beidh an fhéile ar siúl arís i mbliana agus tá coiste ag eagrú na h-ocáide. Beidh a thuilleadh sonraithe faoi cad a bheidh ag titim amach ar an leathnach seo go luath. Bígí ag faire ar an spás seo.

More in this section

Volkswagen issues EV vehicle recall over battery issues 'which could lead to fire' Volkswagen issues EV vehicle recall over battery issues 'which could lead to fire'
judgement of judge about legislation, authority, crime, government, justice, punishment, verdict at court decision by gavel. ham Shirtless man on Patrick Street warned passers-by he would 'f*** them up'
EPA carried out 50 inspections at creamery in North Cork last year EPA carried out 50 inspections at creamery in North Cork last year

Sponsored Content

Where tech meets care: At the forefront of IVF Where tech meets care: At the forefront of IVF
10 minutes with Shannon O’Sullivan of Corlann 10 minutes with Shannon O’Sullivan of Corlann
10 minutes with Jason Cooke of Cheshire Ireland 10 minutes with Jason Cooke of Cheshire Ireland
Contact Us Cookie Policy Privacy Policy Terms and Conditions

© Examiner Echo Group Limited

Add Echolive.ie to your home screen - easy access to Cork news, views, sport and more