Scéalta Chorcaí: Ocáid aoibhinn chun saothar Mháire a cheiliúradh

Tá cúig bliain is fiche caite ag an sár amhránaí, Máire Ní Chéilleachair ag múineadh an sean nós d’amhránaithe óga Mhúscraí fé choimirce Aisling Gheal
Scéalta Chorcaí: Ocáid aoibhinn chun saothar Mháire a cheiliúradh

Tá Máire Ní Chéilleachair tar éis éirí as a bheith ag múineadh ar an scéim amhránaíochta, Aisling Gheal, agus deineadh bronnadhuirthí ag ocáid i Scoil Chúil Aodha le déanaí.

Tá sé deacair a chreidiúint ach tá cúig bliain is fiche caite ag an sár amhránaí, Máire Ní Chéilleachair ag múineadh an sean nós d’amhránaithe óga Mhúscraí fé choimirce Aisling Gheal, an scéim a bunaíodh sa cheantar roimh casadh an chéid agus atá rath air ó shin.

Pé rud eile a dhéarfá fé Gaeltacht Mhúscraí, níl easpa amhránaithe ar an sean nós ann, a bhuíochas le h-iarrachtaí Mháire, Eibhlís Uí Thuama, Josie Uí Chuilleanáin, Seosamh Ó Críodáin agus gach éinne eile a raibh baint acu leis an scéim, idir múineadh, eagrú is maoiniú thar na mblianta.

Is féidir cur síos air mar seo. Roimh ar tháinig Aisling Ghéal agus an oiliúint ar chuir an scéim sin ar fáil, bhí corr chorn buaite ag amhránaithe Mhúscraí ag an Oireachtas agus roinnt boinn – leithéidí Máire Ní Cheocháin Uí Chruadhlaoich, Diarmuid agus Eibhlís Uí Shuilleabháin agus dornán eile – ach ní go dtí gur tháinig daltaí Aisling Gheal in aibíochta, gur bhuaigh Nell Ní Chróinín agus Concubhar Ó Luasa an príomh dhuais, Corn Uí Riada, ag an Oireachtas.

Ag an am go raibh Nell agus Concubhar ag buachaint na nduaiseanna, bhíodh Máire i gcónaí sa reicneáil – chriochnaigh sí sa dara h-áit seacht n-uaire thar na mblianta. Ach fé dheireadh thiar, bhuaigh sí féin an chorn i 2018. Má bhí sé tuillte ag éinne, bhí sé tuillte aici.

Is léir, áfach, go dtaithníonn sé le Máire bheith ag canadh – agus go dtaithníonn an mhúinteoireacht lei freisin. Chaith sí blianta ag múineadh Ghaeilge i Scoil Ashton i gCorcaigh, áit a raibh na daltaí ana cheanúil uirthí. Nuair a bhíonn aon seisiúin amhráinaíochta ar siúl i Múscraí nó aon áit eile agus Máire i láthair ann, bionn sí ag canadh ann, is minicí ná a mhalairt.

An oiread le Nell agus Concubhar, tá go leor amhránaithe óga eile ag teacht ó Mhúscraí anois – leithéidí Ellen De Búrca agus Danielle Ní Chéilleachair is Finín Ó Conaill agus a thuilleadh eile nach iad. Beidh Corn Uí Riada ina chuairteoir ar Mhúscraí go minic amach anseo, táim ag ceapadh.

Ach, ar bharr ar choirn is duaiseanna, is rud níos luachmhaire arís atá déanta ag Máire is a comhleacaithe in Aisling Gheal. Tá siad tar éis a ngrá don dtraidisiún saibhir atá againn anseo i Múscraí a thabhairt go dtí glúin eile agus tá seo déanta leis an meas is an urram ar ghá le cinntiú go mbeidh siadsan ag iarraidh é a thabhairt ar aghaidh. Míle buíochas leat a Mháire agus le Scéim Amhránaíochta Aisling Gheal.

Ocáid fiúntach i lár tíre ag daltaí agus múinteoirí Chorcaí

Tháinig scoláirí agus múinteoirí de chuid Bhoird Oideachais agus Oiliúna Éireann(BOOÉ), na soláthraithe is mó d’oideachas trí Ghaeilge ag an dara leibhéal sa tír, le chéile den chéad uair an mhí seo cháite chun ceiliúradh a dhéanamh ar an oideachas ionchuimsitheach trí Ghaeilge agus iad féin a thiomnú dó.

Bhí eochairóráid le cloisteáil ó Ola Majekodunmi de chuid Fighting Words agus ó Chonall Ó Máirtín de chuid Foghlaim TG4, chomh maith le comhchainteanna agus seóthaispeántais ó scoláirí a dhírigh aird ar na cleachtais chuimsitheacha ina gcuid scoileanna. Aindriú de Paor, iarscoláire bródúil BOO, láithreoir RTÉ2fm agus TG4, a bhí mar fhear an tí ag an searmanas; bhí Muintearas’25 ina thionól tábhachtach de cheannairí oideachais trí Ghaeilge na ‘chéad ghlúine eile’.

Amelia Ní Reen Ní Mhathúna, ar chlé, Coláiste Daibhéid, cathair Chorcaí ag roinnt tuairimí le Erin Ní Laoi, Coláiste Cois LIfe, Leamhchán, Co Baile Átha Cliath le linn Muintearas'25. Griangraf: Seán Ó Mainnín
Amelia Ní Reen Ní Mhathúna, ar chlé, Coláiste Daibhéid, cathair Chorcaí ag roinnt tuairimí le Erin Ní Laoi, Coláiste Cois LIfe, Leamhchán, Co Baile Átha Cliath le linn Muintearas'25. Griangraf: Seán Ó Mainnín

Is iad scoileanna BOO an soláthraí is mó d’oideachas trí Ghaeilge san earnáil BOO, le scoileanna Gaeltachta, Gaelcholáistí, agus Aonaid lán-Ghaeilge, 47 san iomlán. Dúirt Paddy Lavelle, Ard-Rúnaí BOOÉ, agus é ag caint roimh an ócáid, go gcinntíonn éiteas ionchuimsitheach BOOnna go mbraitheann gach scoláire, beag beann ar a gcúlra, go bhfuil meas agus tacaíocht acu ina dturas foghlama:

“Tá ionchuimsiú i gcroílár gach rud a dhéanaimid i scoileanna BOO. Ní hamháin go léiríonn an ócáid seo an obair dhochreidte atá ar siúl ar fud ár scoileanna ach soláthraíonn sé ardán freisin do scoláirí agus do mhúinteoirí foghlaim óna chéile, ag neartú ár gcomhthiomantais don éagsúlacht agus don chomhionannas san oideachas.”

Mar chuid d’imeachtaí an lae, bronnadh gradaim ar thrí scoil as a dtiomantas eisceachtúil don ionchuimsiú. Bronnadh an phríomhghradam, ar luach €1,000, ar Ghaelcholáiste na Mara, BOO Chill Dara agus Chill Mhantáin. Bronnadh duaiseanna don dara háit, ar luach €500 an ceann, ar Choláiste Oiriall, BOO an Chábháin agus Mhuineacháin, agus ar Choláiste Cois Life, BOO Átha Cliatha agus Dhún Laoghaire. Bhí an t-aitheantas seo indéanta a bhuí le hurraíocht fhial COGG.

Leag Jacqueline Ní Fhearghusa, Príomhfheidhmeannach COGG, béim ar an tábhacht a bhaineann le tacú le hoideachas ionchuimsitheach i suíomhanna lán-Ghaeilge: “Déanann COGG comhghairdeas le Boird Oideachais agus Oiliúna Éireann as an ócáid seo a eagrú, a leagann béim ar chleachtas eiseamláireach san earnáil L1, go háirithe i réimse ríthábhachtach an ionchuimsithe.”

Cúrsaí Samhraidh in Iowa

Ní in iarthar na hÉireann amháin a bhíonn cúrsaí Gaeilge – ná, go deimhin, ní in Éirinn amháin a bhíonn siad. Is teanga domhandaí í an Ghaeilge anois.

Tá scéál faighte ag an leathnach seo faoi chúrsaí Gaeilge atá á reachtáil in Iowa, stát i Meirceá, ina mbionn go leor ag foghlaim Gaeilge. De réir dealraimh agus staitisticí dhaonáirimh Rialtas Mheirceá, is í an Ghaeilge an 25ú teanga is mó a bhíonn á labhairt i Meirceá.

Bhíodh go leor de shliocht na Gaeltachta ag tabhairt a n-aghaidh ar na Stáit – an tOIleán Úr – san am atá caite agus go deimhin, tá seo amhlaidh go fóill.

Ach an rud atá á fhógairt ag an ngrúpa seo, Iowa Irish Language and Culture, tá sé difriúil. Is amhlaidh go bhfuil na glúinte nua i Meirceá ag cur suime i dteanga a sínsir.

Níl Gaeilge ag Donald Trump. 	Picture: AP
Níl Gaeilge ag Donald Trump. Picture: AP

Beidh dianchúrsa deireadh seachtaine ar siúl i Coláiste Coe, Cedar Rapids, ar an 22-25ú Meitheamh agus tá scoláirí á lorg le clarú leis anois.

Tum chúrsa atá á reachtáil ag an ngrúpa agus ní don gcéad uair. Dar le Wayne Shannon, bunaitheoir an ghrúpa, is léir go bhfuil daoine ag baint taithnimh as an gcúrsa agus sin an chúis go bhfuil siad ag teacht ar ais.

“Tá sé feicthe againn go bhfuil go bhfuil suim sa Ghaeilge sa reigiún seo, iarthar láir Mheirceá, agus tá súil againn an chúrsa agus imeachtaí a leanúint sa todhchaí.” Cúis eile, b’fhéidir, leis an spéis seo ná go bhfuil Kneecap, na buachaillí dán Bhéál Feirste, amuigh ag Coachella faoi láthair agus iad ag rá a lán rudaí as Gaeilge leis an slua.

Is maith an rud é, áfach, nach dtuigeann Uachtarán Mheirceá, Donald Trump, an Ghaeilge. Cé gur cainteoir Gaidhlige ó dhúchas abea a mhathair, Mary, a shíolraidh ó Oileán Leodhais in Alba.

Comhartha cinnte ar an samhradh

Tá an teas ag 99 i gCarraig an Adhmaid agus an ghrian ag scoilteadh na gcloch. Níl comhartha níos cinnte go bhfuil an samhradh tagtha go Múscraí ná uachtar reoite leis an calóg seacláid a bheith ar díol i mBaile Mhic Íre.

Is ola ar mo chroí a fheiscint go bhfuil an suaitheantas amuigh ag muintir Uí Luasa agus mé ag tiomáint abhaile ó Chorcaigh um thrathnóna agus an ghrian go h-árd ins an spéir go fóill.

An é seo an uachtar-reoite 99 is deise i gCorcaigh? B'fhéidir é - is fiú glaoch chuig Siopa Uí Luasa i mBaile Mhic Íre nó is blasta snasta an uachtar reoite a dháileann siad!
An é seo an uachtar-reoite 99 is deise i gCorcaigh? B'fhéidir é - is fiú glaoch chuig Siopa Uí Luasa i mBaile Mhic Íre nó is blasta snasta an uachtar reoite a dháileann siad!

Ag an deireadh seachtaine, chuaigh mé ar mo rothar go dtí an Charraig (mar a thugaimíd ar Bhaile Mhic Íre, agus fuair mé 99 dom féin agus subh sú craoibhe is líomóide in airde ar chun cur leis an bpeaca.

B’fhéidir go bhfuil aimsir an uachtair reoite tar éis sinn a thréigint ar feadh seal – ach ní miste, beidh sé ar ais gan ró mhoill le cúnamh Dé agus beidh a thuilleadh 99anna le blaiseadh le linn an tSamhraidh. An chéad rud eile beidh Linn Snámha Chúil Aodha ag oscailt (ní go dtí an mhí seo chughainn) agus nach sinne a bheidh ar ár sáimhín só!

Foclóirín – glossary

  • Casadh an chéid – Turn of the century
  • Pé rud eile a dhéarfá – whatever you would say
  • Fé dheireadh thiar – At the end of the day
  • Is minicí ná a mhalairt – More often than not
  • Eochairóráid – Keynote speech
  • Seó-thaispeántais – Presentation
  • Tionól tábhachtach – Important gathering
  • Sliocht na Gaeltachta – Descendants of Gaeltacht people (emigrants)
  • Iarthar láir Mheirceá – American Mid-west
  • Tum chúrsa – Immersive course
  • Ola ar mo chroí – it’s a balm to my heart

More in this section

Volkswagen issues EV vehicle recall over battery issues 'which could lead to fire' Volkswagen issues EV vehicle recall over battery issues 'which could lead to fire'
judgement of judge about legislation, authority, crime, government, justice, punishment, verdict at court decision by gavel. ham Shirtless man on Patrick Street warned passers-by he would 'f*** them up'
EPA carried out 50 inspections at creamery in North Cork last year EPA carried out 50 inspections at creamery in North Cork last year

Sponsored Content

Where tech meets care: At the forefront of IVF Where tech meets care: At the forefront of IVF
10 minutes with Shannon O’Sullivan of Corlann 10 minutes with Shannon O’Sullivan of Corlann
10 minutes with Jason Cooke of Cheshire Ireland 10 minutes with Jason Cooke of Cheshire Ireland
Contact Us Cookie Policy Privacy Policy Terms and Conditions

© Examiner Echo Group Limited

Add Echolive.ie to your home screen - easy access to Cork news, views, sport and more