Scéalta Chorcaí: Gradam Saoil do cheoltóir Chorcaí, Matt Cranitch

Um an dtaca seo den bhliain sea a fógraítear buaiteoirí Ghradaim Ceoil TG4.
Scéalta Chorcaí: Gradam Saoil do cheoltóir Chorcaí, Matt Cranitch

Is ar an bhfidléir Chorcaíoch, Matt Cranitch, a bhronnfar Gradam Saoil na nGradam Ceoil TG4, tá sé fógartha. Comhghairdeas leat a Mhatt!

Imíonn an t-am. Um an dtaca seo den bhliain sea a fógraítear buaiteoirí Ghradaim Ceoil TG4 agus thárla sin an tseachtain seo cháite. Liosta le h-áireamh iad na ceoltóirí atá ainmnithe i mbliana – Siobhán Peoples ó Chontae an Chláir buaiteoir Ghradam Ceoil na Bliana mar shampla agus tá an gradam do Bhanna Ceoil na Bliana le bronnadh ar Flook.

Ach is ar an gCorcaíoch ceolmhar, Matt Cranitch, fidléir fónta fonnmhar, a bhronnfar an Gradam Saoil i mbliana. Tá sean aithne ag muintir Chorcaí ar Mhatt, fear a chaith na blianta ag seinnt ar ardáin éagsúla le leithéidí Seamus Creagh agus Jackie Daly agus a thuilleadh nach iad.

Tá sé go h-iontach freisin go bhfuil gradam le bronnadh ar Áine Hensey, craoltóir a rinne go leor ar son cheol thraidisiúnta thar na mblianta agus ar a chuir mé aithne le linn dom bheith ag freastal ar Slógadh na blianta fada ó shin.

Beidh ceolchoirm agus searmanas bronnta Ghradam Ceoil TG4 2025 ar siúl i gCeoláras na hOllscoile, Luimneach, Dé Domhnaigh, Bealtaine 4. Craolfar an t-imeacht seo beo ar TG4 agus ar fud an domhain ar Sheinnteoir TG4, rud a thabharfaidh deis don lucht féachana an oíche shuaithinseach de cheol, de cheiliúradh agus de shiamsaíocht a fheiceáil. I gcuideachta bhuaiteoirí na ngradam beidh rogha d’aíonna agus láithreoirí ceoil speisialta don ócáid mhór le rá seo.

I mbliana beidh rannpháirtithe Gradaim Ceoil TG4 páirteach in Expo 2025 atá á eagru in Osaka. Agus é ag labhairt ag fógairt na mbuaiteoirí i dTeach Uibh Eachach, ceannaras Roinn Ghnóthaí Eachtracha na hÉireann, bhí an méid seo le rá ag an Tánaiste, Simon Harris.

“Tugann láithreacht na hÉireann ag Expo 2025 Osaka deis iontach dúinn an chuid is fearr d’Éirinn a chur os comhair lucht spéise idirnáisiúnta, agus áirítear leis sin ár n-oidhreacht bhríomhar cheoil a cheiliúradh,” dúirt an tUasal Harris.

Tá an t-adh dearg le muintir na Seapáine agus iad san ar fad a bheidh ag freastal ar an Expo in Osaka nó beidh plúr na gceoltóirí traidisiúnta ag seinnt dóibh, an Corcaíoch Matt Cranitchi na measc!

An bhfuil a fhios agat an bóthar go Cill na Martra?

Faoi dheireadh thiar, tar éis feachtas fada agus fiúntach ag Comharchumann Forbartha Mhúscraí ar son an phobail áitiúil, tá treoracha go Cill na Martra le feiscint ar na comharthaí bóithre ar sheachbhóthar an N22 timpeall ar Mhaigh Chromtha agus ar Bhaile Mhúirne.

Agus an tuairisceoir seo ag taisteal an slí le linn na seachtaine seo cháite bhí meitheal oibre ag crochadh na comharthaí ag Tún Lán i mBaile Mhúirne.

Is é seo an bóthar go Cill na Martra. Tá an sraid bhaile i nGaeltacht Mhúscraí le feiscint ar na comharthaí bóthair ar an seach bhóthar, faoi dheireadh thiar
Is é seo an bóthar go Cill na Martra. Tá an sraid bhaile i nGaeltacht Mhúscraí le feiscint ar na comharthaí bóthair ar an seach bhóthar, faoi dheireadh thiar

Bhí roinnt comharthaí eile le feiscint roimhe sin agus tá tuilleadh fós le crochadh, le h-aghaidh Béal Átha’n Ghaorthaidh agus comhartha fónta chomh maith le h-aghaidh Gaeltacht Mhúscraí.

Nuair a h-osclaíodh an seachbhóthar, ní raibh ann ach comharthaí le h-aghaidh ‘Baile Bhuirne’ agus Baile Mhic Íre. Cuireadh ar a shúile ag lucht togála an bhóthair agus in iúl don gComhairle Chontae ná raibh seo maith go leor. Agus faoi dheireadh bhog siad agus ghlac siad le dea chomhairle.

Bhí na comharthaí do Chill na Martra geallta go mbeidís in airde roimh Chomórtas Peile na Gaeltachta anuraidh. Más maith, is mithid.

Tá sé tabhachtach go mbeadh comhartha súntasach ann le cur in iúl do thiománaithe go bhfuil siad ag teacht isteach i nGaeltacht Mhúscraí – agus go deimhin chun slán a fhágáil leo ar an dtaobh eile freisin.

Ba cheart go mbeadh sé mar sprioc ag an Chomhairle Chontae an seod de cheantar Ghaeltacht atá anseo i gCorcaigh a chuir ós comhair an phobail.

Bórd ‘nua’ ceaptha ar Údarás na Gaeltachta

Tá sé fógartha ag Aire na Gaeltachta, Dara Calleary, go bhfuil sé tar éis athcheapadh a dhéanamh ar na comhaltaí bóird d’Údarás na Gaeltachta, tar éis gur tháinig deireadh lena dtéarma ag deireadh na bliana seo cháite.

Faoi réir na socruithe reatha atá i bhfeidhm faoi Acht na Gaeltachta 2012, ainmníonn an tAire seachtar don bhord, an cathaoirleach san áireamh, agus ainmníonn na húdaráis áitiúla ábhartha a bhfuil ceantar Gaeltachta ina ndlínsí acu an cúigear comhaltaí eile. Is ar bhonn róta a ainmnítear comhaltaí i gcás na dtrí chontae Gaeltachta is lú – Corcaigh, Port Láirge agus an Mhí. Is ag contae na Mí a bheidh ionadaíocht ar bhord an Údaráis don téarma nua seo mar sin níl aon ionadaí ag Corcaigh ar an mbórd faoi láthair.

Is í Siobhán Ní Ghadhra ó Chois Fharraige, leiritheoir theilifise iomráiteach agus le dea chlú, a bheidh ina Cathaoirleach ar an mBórd arís.

Agus é ag fógairt an athcheapacháin, bhí sé le rá ag an Aire Calleary go mbeadh deireadh lena seal ag deireadh 2026.

Dara Calleary, Aire na Gaeltachta.
Dara Calleary, Aire na Gaeltachta.

Beidh téarma suas le dhá bhliain, go dtí deireadh 2026, ag an mbord nua seo chun deis a thabhairt don Rialtas an leasú reachtaíochta a bhrú chun cinn agus toghchán a reáchtáil don bhord.

“Tuigim an tábhacht a bhaineann le hobair bhord agus fheidhmeannas Údarás na Gaeltachta,” dúirt an tAire Calleary. “Tá sé i gceist agam anois brú ar aghaidh leis an leasú reachtaíochta a chur i bhfeidhm, mar a bhaineann sé le toghcháin don bhord a athbhunú. Guím gach rath ar na comhaltaí nua-cheaptha agus iad i mbun a gcuid cúraimí a chomhlíonadh ar son phobal na Gaeltachta.” Rud amháin arbh fhiú do Roinn na Gaeltachta a dhéanamh ná treoir soiléir a thabhairt do dhaoine atá ag iarraidh eolais a fháil faoina bhfuil ar bun ag an Roinn. Má théann duine ar shuíomh an Rialtais, gov.ie, tá sé le tuiscint go bhfuil Roinn na Gaeltachta fós ceangailte leis an Roinn Turasóireachta agus Spórt ag gov.ie - Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media.

Ach ní sin mar atá. Tá cúramaí na Gaeltachta agus gach eolas fuithí le fáil anois ag an Roinn Forbairt Tuaithe agus Pobail. gov.ie - Department of Rural and Community Development Is cinnte, agus an Rialtas in áit anois le breis is dhá mhí, gur féidir na deacrachtaí comharthaíochtaí seo a chuir ina gceart. Níor cheart go bhfagfaí sinn mar ar fagadh muintir Chill na Martra, gan comharthaíocht cuí ar feadh na mblianta fada.

Picture : St Peter’s Basilica in Rome Caption: Eaglais Naomh Pheadair sa Róimh Headline : Ar chuairt chun na Róimhe Agus sibhse ag léamh an leathnaigh seo, bíodh a fhios agaibh go bhfuilim thall sa Róimh ag tabhairt chuairt ar an bPápa!

Bhuel, ní fheadar an gcasfar an Pápa Proinsias orm. Tá áthas orm go bhfuil an fear chráifeach seo ag téarnamh tar éis a thinneas le déanaí. Más fíor dos na tuairiscí, ba bheag nár sciobadh uainn an bhfear groí!

Tá saoire gairid á chaitheamh agam le mo chlann sa Róimh agus é mar sprioc agam mo chuid peacaí go léir a ghlanadh tre siúl tríd an Doras Naofa in Eaglais Naomh Pheadair! Bionn sé ar oscailt ar feadh bliana uair sa cheathrú chéid agus tá logha iomlán ar fáil má shiúlann tú tríd, deir an tEaglais.

Bhí mé ann go deireannach sa bhliain 2000 agus shiúl mé tríd an uair sin. Agus táim beo go fóill. Maireann croí eadrom i bhfad deirtear.

Foclóirín – glossary

  • Imíonn an t-am - time passes.
  • Um an dtaca seo den bhliain – This time of year.
  • Bhí an méid seo le rá ag an Tánaiste – the Tánaiste had this much to say.
  • Feachtas fada agus fiúntach – long and worthwhile campaign.
  • Más maith, is mithid – if it’s good, it’s about time!
  • Ag fógairt an athcheapacháin – announcing the re-appointment.
  • Leasú reachtaíochta – amendment of legislation.
  • A bhrú chun chinn – to press ahead (with)
  • Logha iomlán – plenary indulgence.

More in this section

Volkswagen issues EV vehicle recall over battery issues 'which could lead to fire' Volkswagen issues EV vehicle recall over battery issues 'which could lead to fire'
judgement of judge about legislation, authority, crime, government, justice, punishment, verdict at court decision by gavel. ham Shirtless man on Patrick Street warned passers-by he would 'f*** them up'
EPA carried out 50 inspections at creamery in North Cork last year EPA carried out 50 inspections at creamery in North Cork last year

Sponsored Content

Where tech meets care: At the forefront of IVF Where tech meets care: At the forefront of IVF
10 minutes with Shannon O’Sullivan of Corlann 10 minutes with Shannon O’Sullivan of Corlann
10 minutes with Jason Cooke of Cheshire Ireland 10 minutes with Jason Cooke of Cheshire Ireland
Contact Us Cookie Policy Privacy Policy Terms and Conditions

© Examiner Echo Group Limited

Add Echolive.ie to your home screen - easy access to Cork news, views, sport and more