Éist: Luach saothar do John Spillane, amhránaí Chorcaí

Labhair John Spillane le Scéalta Chorcaí faoina bhua sa RTÉ Folk Award in agallamh a bheidh le cloisteáil ar eagrán speisialta de phodchraoladh The Echo.
Éist: Luach saothar do John Spillane, amhránaí Chorcaí

Fíor Uisce – The Legend of the Lough is ainm don albam is déanaí ón amhránaí Corcaíoch, John Spillane. Bhuaigh sé an gradam don albam is fear ag na RTÉ Folk Awards le déanaí. Tá John le clos ag caint le Concubhar Ó Liatháin ar phodchraoladh nua Gaeilge atá eisithe an tseachtain seo le h-aghaidh Seachtain na Gaeilge.

Tá John Spillane ana bhródúil faoi bhua mhór a raibh aige le déanaí. Bhuaigh an albam ‘Fíor Uisce Legend of the Lough’ an gradam d’albam na bliana ag na RTÉ Folk Awards. Labhair sé le Scéalta Chorcaí faoin mbua in agallamh atá le clos ar eagrán speisíalta de phodchraoladh The Echo.

“Táim ana, ana shásta, ba mhór an méid é, bhí mé i gcoinne daoine ana mhaithe, Christy Moore mar shampla, sa chéad chúig a bhí ainmnithe ar an ngearrliosta,” dúirt sé. 

“Bhí albam ana laidir ag Christy, A Terrible Beauty, agus ansan bhí albam ana laidir ag Cathy Jordan ann, the Cranky Island Project, amhrán as gach contae in Éirinn, agus físeán ag gabháil leis agus rudaí eile iontacha freisin.” Ní inniu ná inné a cumadh an albam seo, trí dhluth dhiosca agus timpeall cúig amhrán is fiche. Baineann sé le h-áit atá ina shéad chomhartha i gCorcaigh – sin an Loch “Tá scríofa agam mar gheall ar Ballyphehane, the Cherry Blossoms, tá Bishopstown déanta agam, Passage West, Ballincollig faoi dhó (Beautiful Ballincollig), is bhíos ag díriú isteach ar an loch, táim an cheanúil ar an loch, is aoibhinn liom an loch, agus is as Wilton dom féin, an taobh san, nílim ana fhada ón loch, “B’é mo chara Gerdy Ua Laoghaire an chéad duine a chuala mé ag rá go raibh opera sa loch, agus thárla sé sin sa bhliain 2005, nuair a bhí Cathair Chultúrtha na hEorpa againn, agus bhí alán smaointe ag Gerdy agus luaigh sé rud sé rud éigean mar gheall ar The Lough Opera agus dúras ‘stop, rewind ansan Gerdy, cad é sin a duairís, “Something about a Lough Opera”.

“Tá scéal ar imeall an locha ar fógra ansan, it’s called For Uisce The Legend of the Lough. Foilsíodh é dhá chéad bliain ó shin, Fairy Legends and Traditions of the South of Ireland le Thomas Crofton Croker. Is as sin a tháinig an scéal.” Bhí níos mó ná an scéal sí sin i gceist, áfach, agus rinne John go leor taighde ar an ábhar. Mar chuid den taighde seo chuaigh sé siar go dtí saothair an tAthair Peadar Ó Laoghaire, údar ar an chéad úrscéal nua-aimseartha Gaeilge, Séadna, agus fuair sé spreagadh i scéalta an scribhneora ó Ghaeltacht Mhúscraí.

“Tá scéalta ag an Athair Pheadar, ceann acu ‘An Cleasaí’, scéal iontach, agus is é Mananán Mac Lir atá sa scéal sin ag ligint air gur saghas amadán é. Thóg mé rudaí sin. Thóg mé rudaí as scéal darbh ainm ‘Eisirt’ leis an Athair Peadar chomh maith. Scrígh an tAthair Peadar ‘An Táin’ ina dhráma agus thóg mé rudaí as sin chomh maith.

Tá John le clos ag caint le Concubhar Ó Liatháin ar phodchraoladh nua Gaeilge atá eisithe an tseachtain seo le h-aghaidh Seachtain na Gaeilge.
Tá John le clos ag caint le Concubhar Ó Liatháin ar phodchraoladh nua Gaeilge atá eisithe an tseachtain seo le h-aghaidh Seachtain na Gaeilge.

“Dhein mé world building – nó domhan togáil – ar scéalaíocht na Gaelainne. Chuas go dtí seanachas na Féinne agus fuair mé alán, chuir mé grúpaí d’fhocail agus d’abairtí le chéile, aon rud a bhaineann le capall chuireas ar aon leathnach é, aon rud a bhaineann le seilg nó fiach, dheineas liosta mór, an dtuigeann tú, mallachtaí, rudaí mar sin.” Ceann des na h-amhráin ar an albam, Mallacht, is liosta fada de mhallachtaí atá ann, agus is fiú éisteacht leis ar mhaithe le tuiscint cén fath nach bhfuil ‘droch chaint’ sa Ghaeilge.

“Ghearr mé siar ar an liosta, bhí liosta mór fada agam, níl aon deireadh le na mallachtaí,” arsa John. “Na cínn atá ar an albam, fuaireas iad ó duchas.ie, Bailiúchán na Scol/the schools collection.

“Tá mo mhathair féin sa bhailiúchán sin – ó Bheanntraí.

“Scoil Náisiúnta Ard na Caithne i gCorca Dhuibhne i 1938, bhí liosta uafásach fada de mhallachtaí, d’úsáideas b’fhéidir dosaen acu.” Tá macallaí I scéal Fíor Uisce a aithneodh daoine sa saol inniu – rí uaibhreach ag iarraidh a thobar a chosaint agus tógann sé falla timpeall air chun na bochtáin a choimead amach. Deireann a iníon leis go bhfuil tubaist chun titim amach ach ni chreideann sé í. Dar le John, baineann an scéal leis an miotaseolaíocht agus tá fírinne ansan i gcónaí.

“Tá’s agat, mythology, something that never happened but always is.

“Sin an brí le miotas, tá fírinne stairiúil coincréideach ach tá fírinne doimhin ag baint leis.

“Mar shampla nuair a bhíos á chumadh seo i 2016, nuair a tháinig mé go dtí an áit go raibh an tobar á dhúnadh ag an rí, bhí na mílte ag mairseáil ar son cearta uisce ar shráideanna Chorcaí.

“Gan amhras tá an droch rí ann freisin, seana rud é sin. Rud eile atá agam ná, Fíor Uisce féin, Greta Thunberg atá ann, bhí sí ag tabhairt folairimh go raibh deireadh an domhain ag teacht, go mbáfar sinn go léir, go bhfuil an uisce ag éirí.” An bhfuil aon seans go bhfeicimíd é mar léiriú ar ardán uair éigean?

“Bheadh sé go h-álainn é a chuir ar stáitse ach bheadh sé go h-álainn é a chur ar siúl ag an loch é féin. Chuireamar iarratas isteach i 2016 le Corca Dorcha Site Specific Theatre Company agus an Cork Midsummer Festival ach níor éirigh linn.

Nach mbeadh sé go maith an Rí an Chrochta Mhóir ag teacht síos an Fairy Lawn ar a chapall bhán ag dul amach ar an uisce, bheadh an lios amuigh ar an loch féin. “ Anois go bhfuil Fíor Uisce déanta agat, cad é atá á bheartú agat?

“Deinim cúpla gig sa tseachtain, sin é mo shlí beatha agus bíonn amhráin agam ar an ráidió. Tá amhrán amuigh agam faoi láthair, Passage West, leagan nua de, le Dervish agus the Indigo Girls, tá sé ag fáil ana chuid airplay anseo in Éirinn agus i Meirceá chomh maith. Anois go bhfuil Fíor Uisce, the Legends of the Lough déanta agam, is doigh liom go ndéanfaidh mé gnath albam an chéad uair eile.” Ach tá seans ann go bhfillfidh sé ar an miotaseolaíocht arís.

“Tá smaoineamh eile agam i gcóir feachtas mór, táim ag cuimhneamh ar Chailleach Bhéarra. Níl fhios ag Muintir na hÉireann in aon chorr faoi Chailleach Bhéarra. Bean spioradálta, reiligiúnda, pagánach a bhí ag muintir na hÉireann riamh, b’í an gheimhreadh a bhí i gceist lei, agus nuair a chuireann sí uirthí a clóca bán, clúdaitear na sléibhte le sioc agus sneachta. Chum sí na sléibhte agus na gleannta, bean ársa ón samhlaíocht. tá leithinis Bhéarra ainmnithe in omós di. Tá áiteanna eile timpeall na hÉireann luaite lei agus tá sí ana mhór in Albain chomh maith.” Tá an Ghaeilge – nó an Ghaolainn – fite fuaite le saothar John Spillane i gcaitheamh a shaol ghairmiúil.

“Bhí an Ghaolainn ana mhaith domsa. Bhfuil a fhios agat, thiteas isteach sa Ghaolainn. Ní fheadar, thaitin an Ghaolainn riamh liom. Bhíos i mBéal Átha’n Ghaorthaidh nuair a bhíos 15 ar feadh míosa agus is ansan a thosnaigh mé ar an ngiotar. Phioc mé suas an Ghaolainn, ní raibh aon fuath agam don Ghaolainn fé mar a bhí ag buachaillí eile, abair.

“Bhaineas céim amach san Ollscoil, trí bliana, agus d’fhoghlaimíos ana Ghaolainn ansan ó Sheán Ó Tuama agus Seán Ó Coileáin agus iad san ar fad agus ansan bhí mé mór le Stuideo an tSuláin i mBaile Mhúirne, bhíos ansan go minic agus d’fhoghlaimíos ana chuid Gaelainne ó Tadhg Kelleher agus Peadar Ó Riada a bhí ana dheas liom. Thaitin an Ghaolainn liom agus ansan bhí sé d’onóir agam go bhfuair mé gig mar laithreoir ar Ráidió na Gaeltachta, agus ba mhór an méid é sin, bhí mo chlár féin a gam ar feadh sé bliana, Rogha Ceoil John Spillane – buachaill ón nGalltacht, ó Wilton, ba mhór an onóir dom go bhfuair mé an gig sin. Ansan bhí gig uafásach mór agam sa Ghaolainn nuair a dheineas an taifeadadh ar ‘Irish Songs We Learned At School’ bhí díolachán ana mhór ar sin, 2008.

“Fuair mé alán ar ais ón nGaolainn.” Tá seo agus go leor eile le clos ar an bpodchraoladh ach an nasc a chliceáil. Tá súil againn a thuilleadh podchraoltaí a dhéanamh sa todhchaí. Agus, dála an scéil, is bliain ó shin a thosnaigh Scéalta Chorcaí – Lá Breith Shona dúinn!

More in this section

Co Louth incident Man charged with murder of his parents and brother in Co Louth
'As usual, six months later' complains man as Cork arms-and-drugs court case is adjourned again 'As usual, six months later' complains man as Cork arms-and-drugs court case is adjourned again
Trial for man accused of causing over €100k damage in Cork Airport business park fire Trial for man accused of causing over €100k damage in Cork Airport business park fire

Sponsored Content

Genocells launches autumn special offer Genocells launches autumn special offer
Step into organic farming Step into organic farming
Stay Safe Stay Clear: Electrical safety on the farm Stay Safe Stay Clear: Electrical safety on the farm
Contact Us Cookie Policy Privacy Policy Terms and Conditions

© Examiner Echo Group Limited

Add Echolive.ie to your home screen - easy access to Cork news, views, sport and more