Scéalta Chorcaí: Ní cabhair go gcabhair na gcarad – mise, Kneecap agus a gclú is cáil!

"An scéal éisíach atá agam mar gheall ar Kneecap ná seo. Bhí láimh agam sa tslí ar bhain siad amach clú agus cáil."
Scéalta Chorcaí: Ní cabhair go gcabhair na gcarad – mise, Kneecap agus a gclú is cáil!

Kneecap at City hall, Cork City. Picture: Larry Cummins

Tá mo shean cháirde Kneecap ar fuaid na meáin an tseachtain seo tar éis gur bronnadh gradaim orthu i mBaile Átha Cliath agus i Londain ag an deireadh seachtaine agus, gan amhras, líon siad Halla na Cathrach cois Laoi ar dhá oíche an tseachtain seo cháite.

Tá sé de nós againn buachaillí dána a thabhairt orthu ach, an rud a thugas liom ón gceolchoirm an tseachtain seo cháite, gur daoine thar a bheith deas agus béasach iad. Go minic le linn na coirme d’iarr siad ar an dream a bhí ós comhair an ardáin an raibh siad ceart go leor agus dúirt siad leo aire a thabhairt dá chéile, gan éinne a ghortú de bharr an damhsa go léir.

Is fada an lá ó rabhas ag ceolchoirm den tsort seo – is cuimhin liom bheith ag Lloyd Cole & The Commotions san ionad seo agus mé i mo mhacléinn ollscoile le linn na 80í – mar sin nílim suas chun dáta ar an slí a iompraíonn Taylor Swift í féin ar an ardán mar shampla.

An scéal éisíach atá agam mar gheall ar Kneecap ná seo. Bhí láimh agam sa tslí ar bhain siad amach clú agus cáil. Nuair a rinne siad an chéad amhrán a thaifeadadh mar fhíseán, C.E.A.R.T.A., thuill sé lucht féachana níos mó ná 1m ar You Tube ach cuireadh cosc ar an amhrán ar RTÉ RnaG mar gheall ar na tagairtí dos na poilíní ó thuaidh agus eascainí. Tá sé fíor faoin ndroch chaint – ach éist le h-aon rap amhránaí a bhíonn á chraoladh ó dhubh go dubh ar RTÉ agus cloisfidh tú an eascainí céanna.

Thosnaios achainí ar ardán idirlín chun éileamh ar RTÉ/RTÉ RnaG an chosc a bhaint. Níor ghlac RTÉ leis an éileamh an uair úd ach thuill an achainí poiblíocht don mbanna a chuir ar an mear bhóthar iad go dtí clú agus cáil. Nó is é sin a dúirt siad liom nuair a chas mé leo i mBéal Feirste ag sochraid Ghearóid Uí Chairealláin, athair Naoise/Moglaí Bap,díreach roimh na Nollag. Ag an ocáid sin a chuir siad ar an aoí liosta mé don gceolchoirm i gCorcaigh.

Bhí siad ar Nuacht RTÉ anocht agus iad ag fáil cúpla BAFTA thall i Londain. Níl aon chosc ar Kneecap ag ár gcraoltóir náisiúnta anois. Ní dócha gur fheacadh aon ghlúin an oíche chéann d’aon bhall de theaghlach ríoga na Breataine!

Gaeltacht Mhúscraí, gaeltacht na bhféiltí

Tá Féile Ghobnait thart agus d’éirigh go geal leis arís i mbliana. Is cinnte gur buaicphointe de chuid an fhéile abea Gobnait agus is dea scéal é, gan amhras, go bhfuil sé cinntithe anois go mbeidh an gceoldráma ag dul go dtí an Opera House/Aras na gCeoldrámaí ar bhruach na Laoi go luath.

Ach thárla go leor eile freisin le linn na féile agus buaic phointe eile abea an oíche ana thaithneamhach sa Mhuileann agus Ger Wolfe ag canadh a chuid amhráin i seomra na bialainne san ostán. In éineacht leis bhí Richard Lucey agus Paul Frost agus d’fhag siad faoi gheasa sinn le na liricí fileata agus na foinn síodúla.

Chan Ger a amhrán faoi Ghobnait ar an oíche agus b’é sin an chéad uair a chualathas é go poiblí. Cloisfear arís é, gan amhras. Agus bhí fuíollach amhráin eile gan amhras. Is iontach an cumadóir amhráin é agus b’ionad álainn é don gceolchoirm.

An oíche roimhe sin a cuireadh tús le Féile Naomh Ghobnait le fáiltiú in Ostán Ghobnatan – níl áit níos oiriúnaí dhéarfainn – agus tháinig an Gabha, Tom King, ar chuairt go Béal Átha’n Ghaorthaidh chun faire ar an ndráma.

Bhí sé féin ag léiriú a chuid scileanna gaibhneachta sa choill i mBaile Mhúirne le linn an lae Dé Sathairn agus bhí slua mór bailithe timpeall dá thaispeántas.

Tháinig na páistí go dtí an Toraíocht Taisce a h-eagraíodh sa choill maidin Dé Domhnaigh agus an sprioc a bhí acu naoi gcinn d’fhianna bána a aimsiú agus bhí an chomórtas babhlála ann ina dhiaidh sin.

Is iontach an smaoineamh é Féile Ghobnait agus tá ardmholadh ag dul do Chomharchumann Forbartha Mhúscraí atá tar éis tús a chuir leis agus tá siad á eagrú le cúpla bliain anuas. Táimíd ag súil le h-eagrán na bliana seo chughainn agus, níos déanaí i mbliana, beidh an Chincís againn ag tús mí an Mheithimh.

Agus Féile Ghobnait thart, tá Féile an tSuláin chughainn is beidh sin ar siúl i gCill na Martra agus beidh sin á eagrú an mhí seo chughainn, Márta 21-23, ag craobh Lachtaín Naofa, Comhaltas Ceoltóirí Éireann. Deireadh seachtaine iontach ceoil agus rínce seiteanna is eile.

Is é Gaeltacht Mhúscraí Gaeltacht na bhFéiltí gan amhras.

Ocáidí ollscoile agus an Múscraíoch a d’fhreastal ar an gcéad Dháil

Tá roinnt teachtaireachtaí faighte ag an leathnach seo ón ollscoil le déanaí agus níor éirigh linn iad a fhoilsiú an tseachtain seo cháite de bharr léirmheas ‘Gobnait’ bheith ar an leathnach seo.

Is fearr go mall ná go brách, deirtear. Mar sin, ar aghaidh linn!

Tá Conchubhar Ó Luasa, amhránaí sean nóis ón Screathan láimh le Cúil Aodha agus buaiteoir Chorn Uí Riada, ceaptha ina ealaíontóir cónaithe in Ollscoil don mbliain acadúil 2024/25, agus beidh sé i mbun ceardlann amhránaíochta gach Céadaoin le linn mí Feabhra.

Reachtáilfear na ceardlanna sa Seomra Caidrimh in Aras Uí Rathaille idir 5-6in. Is fiú go mór bheith ann má tá suim agaibh san amhránaíocht nó faoiseamh ón ghnath rud ar feadh seal.

Bhí Mícheál Ó Loinsigh ó Bhaile Mhúirne ina Aistritheoir ag an gCéad Dáil in Éanáir 1919. Agus d’oibrigh sé i Rannóg an Aistriúcháin go dtí gur cailleadh é 1942.
Bhí Mícheál Ó Loinsigh ó Bhaile Mhúirne ina Aistritheoir ag an gCéad Dáil in Éanáir 1919. Agus d’oibrigh sé i Rannóg an Aistriúcháin go dtí gur cailleadh é 1942.

Bhíos féin i láthair oíche Déardaoin agus an chéad léacht á thabhairt i Sraith Seimineáir an Earraigh ag Brian Ó Donnchadha ó Ionad na Gaeilge Labhartha thuas san Ollscoil. ‘Caighdeán na Teanga nó Teanga an Chaighdeáin – An Dúchas, an domhan agus a bhfuil i ndán don nGaeilge.

Caint ana thaithneamhach a thug an léachtóir – ag dul siar go préamhacha an Chaighdeáin in Éirinn nuair a thosnaigh an Stát breis is 100 bliain ó shin agus thug sé léargaisi suimiúla ar chomh neamh chaighdeánach is atá an Chaighdeán Oifigiúil anois.

D’inis sé don slua a raibh i láthair sa seomra léachtaí sa Sciatháin Thiar den Ollscoil faoi Mhícheál Ó Loingsigh, cainteoir dhúchais ó Bhaile Mhúirne a ceapadh ina Aistritheoir i nDáil Éireann in Eanáir 1919.

Deirtear gurb é an Múscraíoch seo an chéad duine a fostaíodh i Rannóg an Aistriúcháin sa Dáil.

Is cinnte ná beadh aon deacracht aige an chiall cheart a bhaint ón méid a dúradh idir Mhícheál Martin agus Mary Lou McDonald an tseachtain seo cháite!

Píosa eile eolais atá le fáil faoi ar ainm.ie ná go raibh baint aige le bunú na hirise An Camán i Meitheamh 1932, iris a bhí faoi chomhchúram Chumann Lúthchleas Gael agus Chonradh na Gaeilge.

Is mór an trua nach bhfuil a leithéid ann a thuilleadh!

Ball de Choiste Ghnó Chonradh na Gaeilge abea é ar feadh na mblianta, go dtí 1930, agus is dócha go mbeadh sé i láthair ag Ard Fheis an Chonartha, atá ar siúl i Loch Garman ag an deireadh seachtaine i mbliana, ach é bheith beo.

Beidh a thuilleadh cainteanna á thabhairt sa tsraith céanna ag tús na míosa seo chughainn agus i mí Aibreáin agus foilseoidh mé nótaí anseo futhu chun sibh a chuir ar an eolas roimh ré.

Foclóirín – glossary

  • Líon siad Halla na Cathrach cois Laoi – they filled City Hall on Leeside.
  • Vuachaillí dána – bold boys.
  • Bhí láimh agam sa tslí ar bhain siad amach clú agus cáil – I had a hand in their rise to fame and fortune.
  • Ar an aoí liosta – on the guest list.
  • Ní dócha gur fheacadh aon ghlúin an oíche chéann d’aon bhall de theaghlach ríoga na Breataine! – it’s unlikely there was any genuflection or bowing to any member of the British royal family!
  • Faoi gheasa – under a spell.
  • Comórtas babhlála – road bowling competition.
  • An Chaighdeán Oifigiúil – The Official Standard.

More in this section

High Court appoints examiner to Cork retailer Cummins Sports High Court appoints examiner to Cork retailer Cummins Sports
‘Cork people must have say on drone use’, says city councillor ‘Cork people must have say on drone use’, says city councillor
Scales of justice and Gavel on wooden table and Lawyer or Judge working with agreement in Courtroom, Justice and Law concept Cork man pleads guilty to having drugs for sale or supply on two occasions

Sponsored Content

Where tech meets care: At the forefront of IVF Where tech meets care: At the forefront of IVF
10 minutes with Shannon O’Sullivan of Corlann 10 minutes with Shannon O’Sullivan of Corlann
10 minutes with Jason Cooke of Cheshire Ireland 10 minutes with Jason Cooke of Cheshire Ireland
Contact Us Cookie Policy Privacy Policy Terms and Conditions

© Examiner Echo Group Limited

Add Echolive.ie to your home screen - easy access to Cork news, views, sport and more