Leanann an traidisiún filíochta ar aghaidh le Dáimhscoil Mhúscraí ar ais i gCúil Aodha

Leanann an traidisiún filíochta ar aghaidh le Dáimhscoil Mhúscraí ar ais i gCúil Aodha

Peadar Ó Riada i mbun aithriseoireachta le linn Dáimhscoil Mhúscraí 2018.

BEIDH Dáimhscoil Mhúscraí Uí Fhloinn ar siúl amárach, Dé Céadaoin 28ú Nollaig, ag tosnú ar a 7.30in in Áras Éamonn Mac Suibhne, Cúil Aodha.

Bunaithe céad lá sa bhliain 1925 ag Pádraig Ó Crualaoí (Gael na nGael), Dónal Ó Ceocháin, agus Pádraig Mac Suibhne (An Suimhneach Meann), leanann an Dáimhscoil traidisiún na mbard agus eisítear cuireadh fileata foirmiúil don lucht freastail, le deis a thabhairt dóibh véarsa a chumadh mar fhreagra ar an gceist gach bliain, ceist a cuirtear i bhfoirm véarsaíochta chomh maith.

Is minic go mbíonn an véarsa a chumtar ábhartha go maith, ag baint le cúrsaí reatha agus ábhair pholaitíochta na linne, leis an gceist i mbliana ag déanamh tagairt don chogadh sa Úcráin.

Lena chois sin soláthraíonn an ócáid stáitse bliain i ndiaidh bliana d’amhráin nuachumtha a gcéad éisteacht a fháil.

Seo thíos Forógra, An Cuireadh, agus An Cheist:

Ag seo fuláramh agus fo-ghairm chun gach file fáidheamhail fíor eolach agus chun gach n-aon eile ghabhas air is uirthí féin bheith báidheamhail le nósaibh uaisle ársa na nGaedhal agus gur mian leis agus lei éisteacht le duaineoga agus luinneoga slua na hÉigse, go dtionólfar Dámhscoil ar Mhúscraidhe an ochtú lá is fiche de mhí na Nollag sa bhliain seo Dhá Mhíle is Dhá Bhliain ós cionn an Fiche.

Is é ár muinghín is ár ndóchas go dtiocfaidh an fhoireann le chéile ar an gcomhdháil seo chun an oíche sin a chaitheamh i n-iar chuimhne agus i n-onóir dos na filíbh a mhair romhainn agus chun a nósa fíor uasal do chleachta agus do chongbháil ar bun seasaimh i dtír dhúthchais Chlann Mhíleadha.

An Cuireadh

 Gach cara fíor de mhathaibh Gaedhal De shleachta Mhíleadha an laochais Do dhearcann suidheamh mo ghairm díbh Ar bheart nár chuibhe thréigean Tagadh linn gan mheath gan mhoill Cois abhann mhín na séada Go halla an ghrínn is ní haistear díbh Mar a stadaid buidhean na hÉígse.

Gaedhal na nGaedhal, Uachtarán, 1929.

An Cheist

 An cogadh a tháinig i ndúlaíocht an Earraigh Bhain gas agus cuspór ó charr is ó charrbaid Tá fuacht an Gheimhridh ag teannadh go gairid Ach tá fuil agus sceimhle ar shráideanna Mariupol.

Nach méanar dhúinne idir dhá Nollag Ár mboilg atá lán le putóg is milseáin Ní baol dúinn ocras ná sléacht ná éagnú Nó deoraíocht i gcéin i dtíortha stroinséartha.

Tá scath an scamaill ag dorchú gach éinne An muisriúm marfach agus Lá an Luain leis.

Stoirmeacha le fórsa ag réabadh sna spéartha Is craos chun saibhris ár dtiomáint ar strae, mhuis.

Anfa na gcontúirtí, an féidir.go maolóidh Nó cad é an chinniúint atá romhainne, sinne síol Éabha?

An bás agus dorchadas nó an bhfuil aon dochas in aon chorr Go slánófar arís ár gcine mí dhaonna?

Concubhar Ó Liatháin, Cléireach, Dáimhscoil Mhúscraí Uí Fhloinn


More in this section

City Hall says Cork Event Centre has projected cost of under €200m City Hall says Cork Event Centre has projected cost of under €200m
Cork's Penny Dinners brings back its in-house dining service Cork's Penny Dinners brings back its in-house dining service
Cork father's appeal for motorbikes at daughter Amelia's funeral tomorrow Cork father's appeal for motorbikes at daughter Amelia's funeral tomorrow

Sponsored Content

AF The College Green Hotel Dublin March 2026 The College Green Hotel: A refined address in the heart of Dublin
SETU and Glassworks set to accelerate innovation SETU and Glassworks set to accelerate innovation
Driving Growth in Munster: How property finance is powering Cork’s future Driving Growth in Munster: How property finance is powering Cork’s future
Contact Us Cookie Policy Privacy Policy Terms and Conditions

© Examiner Echo Group Limited

Add Echolive.ie to your home screen - easy access to Cork news, views, sport and more