Onóir Ard Ollaimh á bhronnadh ag Comhaltas ar Ó Muimhneacháin

Onóir Ard Ollaimh á bhronnadh ag Comhaltas ar Ó Muimhneacháin

Daltaí Scoil Náisiúnta Chúil a’ Bhuacaigh lena múinteoir Seán Ó Muimhneacháin sa bhliain 1974

Aithneofar údar agus cumadóir ó Mhúscraí, a dhéantar cur síos air mar “stórchiste eolais” ar an nGaoluinn agus an cultúr Gaelach, mar Ard-Ollamh, an onóir is airde a bhronnann Comhaltas Ceoltóirí Éireann ar dhaoine.

Bronnfar an onóir úd ar Sheán Ó Muimhneacháin, a bhfuil a chuid saothar véarsaíochta agus amhránaíochta foilsithe in iliomad cnuasaigh éagsúla, ag féasta gradam mar chuid d’Fhleadh Cheoil na hÉireann ar an Muileann gCearr i mí Lúnasa.

Tá an tUasal Ó Muimhneacháin, ar ó Chill na Martra ó dhúchas é, ina bhall bunaigh de dhá chraobh de chuid an Chomhaltais, ina il-bhuaiteoir uile-Éireann, agus ina “thóirsire” fadsaoil don chultúr Gaelach.

Beidh sé i gcomhluadar clúiteach mar ard ollamh, le neart daoine aitheanta i measc iar-fhaighteoirí an ghradaim, lena n-áirítear Micheál Ó Súilleabháin atá imithe ar slí na fírinne, teanóir Chorcaí Seán Ó Sé, an píobaire Tomás Ó Canainn, bunaitheoir Siamsa Tíre an tAthair Pat Ahern, agus an múinteoir ceoil atá lonnaithe i mBaile an Chollaig Martin Power.

Is fearr aithne atá ar an tUasal Ó Muimhneacháin dá chuid agallamh beirte, lúibíní agus amhrán saothair, agus deir ard-stiúrthóir an Chomhaltais Labhrás Ó Murchú go bhfuil sé ina “stórchiste eolais maidir leis na traidisiúin chultúrtha”.

“Is iontach an t-eolas atá aige ar an nGaoluinn agus an cultúr Gaelach, agus is pointe bónais eile é gur ón nGaeltacht a thagann sé mar tá an Ghaoluinn i gcroílár ár gcuid oibre agus bhí Seán i gcónaí chun tosaigh ag tacú leis an nGaoluinn agus á cur chun cinn,” a dúirt sé.

D’fhoilsigh an tUasal Ó Muimhneacháin, atá ina mhúinteoir bunscoile scortha, cnuasach dánta agus amhrán trí mheán na Gaoluinne dar teideal published ‘Gleanntán an Aoibhnis’ sa bhliain 2011, á leanúint ina dhiaidh sin ag a choimre véarsaíochta Gaoluinne ‘An tAgallamh Muimhneach’ sa bhliain 2018, agus ‘The Cuckoo Sings in May’, ina bhfuil amhráin Bhéarla chomh maith, atá le seoladh ag an tUasal Ó Murchú ag Fleadh Cheoil na Mumhan i mbliana.

“Ní féidir a chuid scoláireachta a shéanadh,” a dúirt an tUasal Ó Murchú, a dúirt go raibh an tUasal Ó Muimhneacháin mar an rogha comhaontach ag ardchomhairle an Chomhaltais nuair a bhí an cinneadh á dhéanamh i dtaobh Ard-Ollamh na bliana seo.

“Tá aithne agam ar sciar mhaith daoine atá tar éis leas a bhaint as an díograiseacht agus an t-eolas fairsing atá ag Seán agus bhí sé ina uachtarán ar Oireachtas na Gaeilge chomh maith – onóir eile a bronnadh air, ag léiriú arís eile go nglacann daoine le Seán mar thóirsire don méid atá á dhéanamh againn.” Dúirt an Rúnaí ar Chomhairle na Mumhan de chuid an Chomhaltais, Assunta Uí Chathasaigh go bhfuil na hamhráin nuachumtha a bhfuil an tUasal Ó Muimhneacháin tar éis duaiseanna uile-Éireann a bhuachaint dóibh mar “léargas ar an ngrá atá aige don cheird agus sin an fáth go bhfuil an oiread sin fonn air go ndéanfadh daoine eile an rud céanna – bhíodh sé i gcónaí riamh toilteannach ceardlanna a dhéanamh agus an scéalaíocht agus amhránaíocht a chur chun cinn, chun an cumas atá aige féin a roinnt le daoine eile ar chomhaigne leis,” a dúirt sí.

Níor thosaigh an tUasal Ó Muimhneacháin ag iomaíocht i gcomórtais ach le blianta beaga anuas le fírinne, ach téann a chuid spéise sa Chomhaltas chomh fada siar leis na 1960aidí, nuair a d’fhreastail sé ar Fleadh Cheoil na hÉireann don chéad uair agus é ina mhúinteoir bunscoile nuacháilithe.

“D’fhreastalaíos ar mo chéad fhleadh cheoil i samhradh na bliana 1965 i Dúrlas Éile. Níor imíos ann ach chun rudaí a fheiscint agus bhíos an-tógtha leis an rud ar fad – na daoine ag seinnt ceoil ar na sráideanna, i ngach aon áit, gach am de ló is d’oíche, agus é ar fad ar bhonn neamhfhoirmiúil. Saol iomlán difriúil a bhí ann, agus dúirt liom féin ‘is é seo an rud is fearr riamh’,” a dúirt sé.

Sa bhliain 1967 leis an bhfleadh ar siúl in Inis Córthaidh, thug sé fidléir Chill na Martra Connie O’Connell i dteannta leis chun blaiseadh a fháil dá phaisean nua ceoil. “Chuireas iachall ar Connie dul i dteannta liom. Ní raibh sé ag aon bhfleadh roimhe sin agus mealladh isteach láithreach é,” a gháir sé. “Níor tháinig Connie slán as riamh!” “Tar éis an fleadh in Inis Córthaidh dheineas cinneadh go raibh craobh de chuid an Chomhaltais de dhíth orainn thíos anseo,” a dúirt sé. “Bhíos tosnaithe ag múineadh ceoil i Scoil Chúil a’ Bhuacaigh. Thosnaíos ar dtús leis an bhfeadóg stáin agus tar éis tamaillín thugamar isteach an bosca ceoil. Bhí trí nó ceithre theaghlach thar a bheith ceolmhar ann ag an am, agus tá cuid acu fos ag seinnt ceoil inniu, cuid acu ar bhonn proifisiúnta fiú - mar chnámh droma an cheoil againn bhí muintir Chonaill, muintir Chorcra, muintir Mac Cárthaigh, muintir Argáin, muintir Cheallacháin agus roinnt eile chomh maith.

“Chomh luath agus a shroich siad caighdeán áirithe thaistealaíomar ar fud na tíre go fleadhanna ceoil, ag iomaíocht i gcomórtais aonair, comórtais beirte agus comórtais na mbannaí céilí.

“Ag an am sin bhí sé imithe i méid. Thosnaíos ag déanamh rang oíche sa scoil agus thugas aghaidh ar an drámaíocht agus scoraíocht a dhéanamh agus gan ró-mhoill thosnaigh daoine ag teacht ó Chluain Droichead agus Cill na Martra – muintir Shúilleabháin, muintir Cheallaigh, muintir Riordáin, agus muintir de Búrca agus b’iontach ar fad na taispeántais a chuireamar ar siúl, chuamar chuig an staid náisiúnta don scoraíocht uile-Éireann, thaistealaíomar chomh fada le Dún na nGall, bhuamar go leor duaiseanna ag Slógadh agus thugamar abhaile roinnt duaiseanna na hagallaimh beirte,” a dúirt an tUasal Ó Muimhneacháin, a bhí tosnaithe ag múineadh ceoil sna sráidbhailte i nGaeltacht Mhúscraí i dteannta le Connie O’Connell faoi choimirce Choiste Gairmoideachais Chorcaí.

Bhí an bheirt acu mar bhaill bhunaigh Craobh an tSuláin de chuid an Chomhaltais, craobh nach bhfuil ann níos mó, i dteannta leis an gcumadóir Seán Ó Riada, Dan Cronin, John O’Connell, Connie Walsh, Davey Forde, Seán Ó Liatháin, cuid de mhuintir Shúilleabháin agus roinnt daoine eile.

“Tar éis roinnt blianta dheineamar an cinneadh gur cheart dúinn dhá chraobh a bheith againn,” a dúirt an tUasal Ó Muimhneacháin, “agus sa bhliain 1973 chuireamar tús le Craobh Lachtaín Naofa Cill na Martra, atá fós ag dul ó neart go neart tar éis 47 mbliana.” 

Bunaíodh féile Aonach Ceoil i mBaile Mhúirne, mar aon le Glór Cheoil Cill na Martra, a mheall na sluaite ceoltóirí, amhránaithe agus rinceoirí ó chian is ó chóngar.

“Ní raibh mórán lóistín in aon chor ar fáil agus bhíodh ar dhaoine campáil amuigh faoin aer nó fanúint i dtithe príobháideacha,” a mheabhraigh Seán, a bhí mar chathaoirleach na craoibhe ag an am úd.

“Bhíodh ceolchoirmeacha againn sa halla, áit ina bhfuil garáiste anois, agus bhíodh an oiread sin daoine ann go mbíodh orainn na doirse dúbailte ag bun an halla a oscailt agus bhíodh cuid mhaith de slua ag seasamh amuigh i lár an bhóthair ag féachaint isteach. Tháinig daoine don deireadh seachtaine agus thagaidís síos ón tigh tábhairne, in airde ar an stáitse sa halla agus d’fhéadfadh rudaí leanúint ar aghaidh go maidin le scoth na gceoltóirí. Bhíomar óg agus ag gealaigh ar fad,” a dúirt sé.

Cé gur imigh na féilte i léig, tá an tUasal Ó Muimhneacháin fós gníomhach leis an gComhaltas i gCill na Martra agus mar ionadaí na Gaoluinne ar bhord an chontae.

Lena thriúr clainne fásta ina gceoltóirí cumasacha, le páirt glactha acu thar na blianta i bhfleadhanna ceoil agus imeachtaí Scoil Éigse an Chomhaltais, deir an chéad Ard-Ollamh eile tar éis leathchéad bliain gur é an “fonn céille” a mheallann é chun leanúint ar aghaidh ag iomaíocht i gcomórtais na n-amhrán nuachumtha. Mar sin féin, deir sé go bhfuil fíorluach na heagraíochta sna bannaí cairdis a gcruthaítear.

“Tá áit ag an gcomórtas. Spreagann sé daoine chun foinn cheoil a fhoghlaim agus a chleachtadh ach ní hiad na comórtais sin bun agus barr an scéil in aon chor,” a dúirt sé. “Tá sé i bhfad níos tábhachtaí ceol a sheinnt don taitneamh a bhaineann tú as agus na cairde a dhéanann tú dá bharr.

“Dhein mo leanaí féin cairde trí Chomhaltas agus tá na cairdis sin tar éis an fód a sheasamh agus is rud é a mholfainn d’aon ógánach in aon chor – seinn ceol, mar is iontach go deo an comhluadar a thagann as.

“Tá i bhfad Éireann níos mó faighte agam ó Chomhaltas ná mar atá tugtha agam do Chomhaltas – taithneamh, cairdeas, freastal ar fleadhanna ceoil agus bheith ag éisteacht le ceol agus amhráin den scoth, sin an rud is fearr liom.”

More in this section

Sponsored Content

Echo 130Echo 130
EL_music

Podcast: 1000 Cork songs 
Singer/songwriter Jimmy Crowley talks to John Dolan

Listen Here

Add Echolive.ie to your home screen - easy access to Cork news, views, sport and more