Cairde Mhúscraí le toscaireacht 80 Eorpach a óstáil

Cairde Mhúscraí le toscaireacht 80 Eorpach a óstáil

Ionadaithe ón ngrúpa Cairde Mhúscraí san Eoraip ar turas go Fermo san Iodáil anuraidh.

MÁ tá éinne i nGaeltacht Mhúscraí an deireadh seachtain seo ag súil le Gaeilge a clos á labhairt mórthimpeall na háite, tá gach seans go gcloisfear go leor teangacha Eorpacha eile á labhairt chomh maith.

Beidh ochtó cuairteoir ó Málta, an Iodáil, an Phortaingéil, agus Poblacht na Seice, ag tuirlingt ar an gceantar thar deireadh seachtaine saoire bainc na Cásca mar chuid de thogra Eorpach dírithe ar gheilleagair thuaithe a neartú.

Tá na cuairteoirí páirteach i dtionscnamh líonraithe arna mhaoiniú faoin gClár Eoraip do Shaoránaigh, agus é mar aidhm leis an togra slite a phlé chun geilleagair shráidbhailte tuaithe na hEorpa a athbheochan agus a fhorbairt.

Labhrófar faoin bhféidearthacht turasóireacht tuaithe a fhorbairt le linn na deireadh seachtaine, le heolas á roinnt ar tháirgeadh bia agus ábhar ceirde chomh maith. Lena chois sin, labhrófar faoi cheisteanna i dtaca le caomhnú oidhreacht, cultúr agus tírdhreach traidisiúnta na gceantar éagsúil.

Tá turas na hÉireann á óstáil ag an ngrúpa Cairde Mhúscraí san Eoraip, atá tar éis clár iomlán a eagrú dá gcuairteoirí idir Satharn Cásca agus an Mháirt dar gcionn.

Mar chuid den chlár sin gheobhaidh na cuairteoirí turas ar oidhreacht Mhúscraí lena n-áirítear Scrín Ghobnatan i mBaile Mhúirne agus Aireagal Naomh Fionnbarra i nGuagán Barra.

Tabharfaidh siad turas ar mhonarcha saighdiúirí Prince August i gCill na Martra agus glacfaidh siad páirt i seisiún blaiseadh bia agus deoch de tháirgí Mhúscraí i ngrúdlann Fia Bán i mBaile Mhúirne.

Cuirfidh ceoltóirí agus amhránaithe traidisiúnta siamsaíocht ar fáil do na cuairteoirí, agus beidh deis acu chomh maith a bheith páirteach i gcéilí le Shane Creed agus a chairde in Óstán Ghobnatan oíche Luan Cásca, agus tá fáilte is fiche roimh gach éinne chuig an gcéilí sin.

Is iad iarratasóirí Mhálta a thionscain an togra líonraithe, ach lena chois sin, bhí nasc breise le Múscraí a d’aimsigh Guisy Scendoni, méara sráidbhaile Ortezzano i gcúige Fermo, an Iodáil, atá ar cheann de na háiteanna ag glacadh páirt sa tionscnamh Eorpach.

Dhein Ms Scendoni iarracht naisc a athbhunú idir Ortezzano agus Múscraí a théann siar chomh fada le 1645. Sin an bhliain a thug Déan Fermo, Dionisio Massari, cuairt ar Scrín Ghobnatan i gcomhluadar pearsa clúiteach Ardeaspag Fermo, Giovanni Battista Rinuccini, agus é ag gabháil trí Bhaile Mhúirne ar a shlí go Cónaidhm Chill Chainnigh.

Bhí Rinuccini mar Nuinteas an Phápa in Éirinn agus chuir an Pápa Innocent X é chun cabhrú le Caitlicigh na Comhdhála in Éirinn ina gcomhraic i gcoinne riail na bProtastúnach Sasanach agus chun saoirse a bhaint amach don chreideamh Caitliceach.

Os a choinne sin, choimeád Massari dialann dá chuid taistil, áit inar scríobh sé faoi deabhóid mhuintir na háite do Naomh Gobnait, ach lean a chuid spéise i naomh úd na 6ú haoise ar fhilleadh chun na hIodáile dó.

Deineadh an nasc a athnuachan ceithre chéad ina dhiaidh sin, ar Lá Fhéile Ghobnatan ar an 11ú Feabhra anuraidh, nuair a d’óstáil Cairde Mhúscraí san Eoraip toscaireacht ó Ortezzano agus iad ag comóradh cuairt na bliana 1645 a thug Rinuccini agus Massari.

Tá tuilleadh turas malartaithe idir na rannpháirtithe Eorpacha beartaithe le tarlú níos déanaí sa bhliain, le cuairteanna chuig an bPolainn, Poblacht na Seice, agus Málta. Na ceantair rannpháirteacha ná Korycin in oirthuaisceart na Polainne; Pečky i bPoblacht na Seice; Lousâ sa Phortaingéil; Gerano agus Ortezzano, iad araon san Iodáil; agus Gharb, sráidbhaile ar oileán Gozo, Málta.

Tabharfar cuireadh do líon teoranta rannpháirtithe ó gach ceantar sa líonra cuairt a thabhairt ar na tíortha seo. Tá Cairde Mhúscraí san Eoraip ag iarraidh éinne go bhfuil spéis acu a bheith rannpháirteach dul i mbun teagmhála leo, go háirithe éinne le spéis acu a bheith mar chuid de thoscaireachtaí chuig na tíortha ósta.

An gnáth nós imeachta atá ann ná go n-íocfadh gach toscaireacht as a gcuid costas taistil féin, ach déantar an lóistín a mhaoiniú trí thogra Mhálta.

Féach @CairdeMhuscrai ar Facebook.

More in this section

The Cork Augustine friar who was a hero of World War II The Cork Augustine friar who was a hero of World War II
Wedding of the Week: All aboard the love train for couple who tied knot in Cork Wedding of the Week: All aboard the love train for couple who tied knot in Cork
How Sheep’s Head became a paradise in West Cork for so many authors How Sheep’s Head became a paradise in West Cork for so many authors

Sponsored Content

"My master's at UL taught me that structured learning and a demanding career can coexist" "My master's at UL taught me that structured learning and a demanding career can coexist"
Three days of steam, music and heritage at the 62nd National Steam Rally Three days of steam, music and heritage at the 62nd National Steam Rally
How 50 years of innovation and investment have fuelled Bord Gáis Energy – and empowered Cork How 50 years of innovation and investment have fuelled Bord Gáis Energy – and empowered Cork
Contact Us Cookie Policy Privacy Policy Terms and Conditions

© Examiner Echo Group Limited

Add Echolive.ie to your home screen - easy access to Cork news, views, sport and more