Saol lán d’amhráin á cheiliúradh ag dlúthdhiosca Sheáin

Saol lán d’amhráin á cheiliúradh ag dlúthdhiosca Sheáin

Seán Ó Liatháin agus a bhean chéile Nóirín le Gradam RTÉ Raidió na Gaeltachta a bronnadh air ag an Oireachtas i gCill Airne i 2014.

CÉ gur thóg sé saol fada ar Sheán Ó Liatháin an t-am a chur i leataobh lena chéad dlúthdhiosca a thaifeadadh, is maith an leithscéal atá aige ina leith.

Le gairm mhúinteora, á leanúint ina dhiaidh sin ag ábhair spéise gnó lena n-áirítear comhbhunú Óstán an Rochestown Park i gCorcaigh agus an comhlacht déantúsaíochta pailéad is mó in Éirinn, tá sciar mhaith d’aird agus am an fhir úd ó Bhaile Mhic Íre gafa le fada an lá.

I dteannta le sin luaigh tacaíocht ghníomhach agus paiseanta don CLG agus don Ghaeilge, agus is ríshoiléir nach ró-éasca in aon chor a bhí sé Seán – nó Johnny Corney mar is fearr aithne atá air go háitiúil – a cheangail síos chun an 24 traic a dhéanann suas a dhlúthdhiosca dúbailte ‘An Crúiscín Lán’ a thaifeadadh.

Bhí an cúram ar a chara fadsaoil, cumadóir Peadar Ó Riada, Seán a cheangail síos chun an dlúthdhiosca a thaifeadadh ina stiúideo i gCúil Aodha, le dáta seolta na hAoine seo ag teannadh leo.

“Táim meáite le daoine ag iarraidh orm cathain an mbeadh dlúthdhiosca á dhéanamh agam, agus tá sé sin ag tarlú le cúig bliana anuas,” a d’admhaigh Seán. “Nuair a dúirt Peadar liom ‘tá tú á sheoladh ar an 26ú’ agus chonaiceas an bileog ansan le m’ainm air, dúirt liom féin ‘ní féidir liom tarrach siar as anois’.” Tá an dlúthdhiosca seo ar an gceann is déanaí i sraith taifeadtaí le hamhránaithe aithnidiúla ó Ghaeltacht Mhúscraí, faoi choimirce scéim amhránaíochta sean-nóis an cheantair, Aisling Gheal.

Ina measc siúd a bhfuil a gcuid saothar seolta cheana féin áirítear Peáití Thaidhg Pheig Ó Tuama, atá imithe ar shlí na fírinne, uncail máthartha Sheáin agus duine d’ábhair tionchair a stíl amhránaíochta.

Tá ‘An Bothánín Íseal’ agus leagan Béarla de ‘An Poc ar Buile’ ar dhá cheann de na hamhráin atá taifeadta ag Sean ar a dhlúthdhiosca ón stór amhrán iontach leathan a bhí ag Peáití.

“Ba mhinic a chonaiceas m’athair le deora ag silleadh síos a aghaidh tar éis do Pheaití amhrán a chasadh nó scéal a insint agus bhíodh m’athair sna trithí ag gáire aige. Fear iontach ba ea é agus bhí sé sárbhuach in iliomad slite. Fear álainn, séimh.” Ach bhí amhrán amháin a d’éalaigh uaidh. Amhrán a chan Peáití an oíche sular cailleadh é, agus ba bhreá le Seán focail an amhráin sin a fháil. “Chan sé amhrán dom an tráthnóna sin. Bhí scéal á insint aige dom faoi am a chaith sé seal san ospidéal i mBaile Átha Cliath agus d’iarr sé ar dhuine de na banaltraí a bhí ag tabhairt aire dó cárbh as di agus dúirt sí gurb ó Ráth Cúil í. Dúirt sé ‘Tá amhrán agam leis an t-ainm ‘The Pride of Rathcoole’.

“Chan sé an t-amhrán dom, agus cailleadh é an oíche sin. Níl éinne cloise agam á chanadh ó shin i leith.” Más rud é gur bhraith sé uaidh tionchar ceoil a uncail, bhraith sé uaidh chomh maith céanna tionchar a chara, comh-mhúinteoir agus comhpháirtí amhránaíochta Diarmuid Ó Súilleabháin, a cailleadh i dtionóisc bhóthair ag aois óg 44, sa bhliain 1991.

Mar bhaill de Chór Chúil Aodha le Seán Ó Riada ó na 1960aidí, chan Diarmuidín agus Seán le Ceoltóirí Laighean de chuid Éamon de Buitléar chomh maith, ag taifeadadh ar na dlúthdhioscaí ‘The Crooked Road’ agus ‘The Star of Munster’.

Thug siad beirt faoi lúibíní chomh maith, leis an gcéad duais á bhuachaint acu sa bhliain 1971 ag Oireachtas na Gaeilge, áit inar bhain Seán amach go leor duaiseanna ar bhonn aonair, ag buachaint comórtas amhránaíochta na bhfear an bhliain chéanna, leis na hamhráin ‘Na Cleaganna’ agus ‘Na Géanna’ a gcasadh aige, an dá cheann acu atá ar an dlúthdhiosca nua. Lean Seán ar aghaidh chun an tOireachtas a óstáil ina óstán féin i gCorcaigh agus Gradam an Oireachtais a fháil sa bhliain 2013 dá chuid tiomantais.

“Bhí Diarmuidín ina thionchar ollmhór agam toisc gur sár amhránaí ba ea é agus bhí stíl álainn ar an sean-nós aige, béim iontach ar na focail á gcanadh go soiléir agus go cruinn agus bhíodh ar a chumas i gcónaí smaoineamh ar amhrán le haghaidh aon ócáid ar leith,” meabhraíonn Seán.

“Bhí a leithéid de stór amhrán aige agus dá mba rud é go raibh botún á dhéanamh agam in aon áit, déarfadh sé liom go béasach nach raibh sé cruinn agus gur cheart dom é a chanadh an slí seo.

“Dheineamar ceolchoirm iontach i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1991 tar éis an Oireachtas, sa Harcourt Hotel. Bhí sé le críochnú ar a 11 ach ceapaim nár chríochnaigh sé go dtí thart ar a cúig agus sin an uair deireanach go rabhas i gcomhluadar Dhiarmuidín, agus cailleadh ansan é. Méala ollmhór mór a bháis.

“Ní raibh ach fíorbheagán amhránaíochta ar feadh achar maith ama ina dhiaidh sin. Ní ró-éasca in aon chor a bhí sé teacht as an tubaist.” Tugann go leor de na fuaimrianta ar dhlúthdhiosca ‘An Crúiscín Lán’ léargas ar chaidreamh amhránaíochta Sheáin le Diarmuidín, mar aon le roinnt nasc pearsanta agus muinteartha eile le clois go soiléir sna hamhráin, idir Ghaeilge agus Béarla, a tugadh anuas chuige óna uncail John Thaidhg Pheig agus gaolta eile leis.

Tá an t-albam tiomnaithe do dheartháir agus comhpháirtí gnó Sheáin atá imithe ar shlí na fírinne, a “chara fadsaoil” Dónal a cailleadh i mí na Bealtaine anuraidh, duine a deir sé nach raibh focal crosta aige leis riamh. Raghaidh an t-airgead ó dhíolachán an dlúthdhiosca go Ospidéal Mhaigh Chromtha agus gabhann Seán buíochas ó chroí lena chairde agus a chomharsana, a bhean chéile Nóirín, a iníon Eibhlín, mac céile Aidan, agus a gharchlann Aaron, Dara, Danny, agus Annalise.

Cé go bhfuil go leor cuimhní deacra ach deasa nasctha go dlúth sa léargas pearsanta seo ar a shaol agus a chailliúintí, tá achoimre cruinn ar an albam san fhuaimrian teidil ‘An Cruiscín Lán, amhrán a samhlaítear le fada an lá mar ‘party piece’ Sheáin.

“Bainim sult as an ól agus bainim sult as an amhránaíocht,” a deir sé, “an dá cheann acu i mbun na measarthachta!” Ceann de go leor amhrán óil ar an albam, ardaíonn sé seo gloine go saol caite go barr a chumais, ar bhonn proifisiúnta agus ceoil araon.

* Beidh ‘An Cruiscín Lán’ á sheoladh ag ceolchoirm á chur i láthair ag Peadar Ó Riada san Ionad Cultúrtha, Baile Mhúirne, an Aoine seo, 26ú Bealtaine ar a 8.30in. Ticéid ar fáil ag 026 45733.

More in this section

Sponsored Content