Tugann Cumann Beachairí Mhúscraí cuireadh don phobal

Tugann Cumann Beachairí Mhúscraí cuireadh don phobal

Baill de Chumann Bheachairí Mhúscraí, atá ag reáchtáil cúrsa beachadóireachta do thosaitheoirí faoi láthair.

I bhfianaise an dlúthnasc le Naomh Gobnait, naomh patrún na mbeachairí, níor cheart go mbeadh aon ionadh ann go bhfuil spéis láidir i mBaile Mhúirne i gcoirceoga, mil, agus gach ní a bhaineann le beacha.

Is mór an ionadh dá réir gur thóg sé chomh fada seo ar an bpobal áitiúil cumann beachairí dá chuid féin a chur ar bun sa sráidbhaile, rud atá déanta i mbliana.

Dé réir na scéalta áitiúla, scaoil Naomh Gobnait a cuid beacha meala chun comhraic i gcoinne ionsaí namhaid sa 6ú haois, á scaoileadh chomh maith de réir dealraimh ar ghrúpa robálaithe a bhí ag iarraidh a tréad ba a ghoid.

Níl úsáid beacha mar fhórsa slándála príobháideach i measc na n-ábhar díospóireachta ag cruinnithe choiste nuabhunaithe Cumann Bheachairí Mhúscraí. Ar an gclár oibre in ionad bíonn ábhair imní praiticiúla na beachadóireachta nua-aimseartha agus soláthar timpeallachta oiriúnach do speicis phailnithe.

Tá a chéad choiste curtha le chéile ag an ngrúpa, agus é déanta suas de Rosaí Ní Chárthaigh, Cathal Ó Riada, Seamus Ó Súilleabháin agus Tomás Ó hÉalaithe, agus táthar ag leathnú amach i measc an phobail anois le bunchúrsa beachadóireachta á chur ar siúl acu.

Tá an chéad chúig seachtaine den chúrsa á chaitheamh ag foghlaim faoin teoiric laistiar den bheachadóireacht, sula mbeidh deis ag rannpháirtithe na cultacha cosanta a chur orthu agus tosnú ag obair leis na beacha féin.

Tá seisear déag i mbun an chúrsa, le rannpháirtithe á rollú mar bhaill de Chónaidhm Chumann Bheachairí na hÉireann.

I measc na n-ábhar a chlúdaítear sna léachtaí mar chuid den chúrsa tosaitheoirí tá stair nádúrtha den bheach mheala, beachadóireacht, fómhar, ionramháil chóilíneachta, trealamh, bliain i saol an bheachaire, agus galair agus nimhiú na mbeach.

D’eascair an smaoineamh le haghaidh Cumann Bheachairí Mhúscraí ó bhunú coiste eile, Dúlra agus Dúchas Bhaile Mhúirne, grúpa fiontar sóisialta a bunaíodh i 2016 agus atá ag forbairt tograí a bhaineann le cothú na timpeallachta.

Ar Choiste Dúlra agus Dúchas Bhaile Mhúirne tá Con Ó Céilleachair, Rosaí Ní Chárthaigh, Rachel Ní Riada, Peadar Ó Líonáird, Máirín Uí Lionáird, Micheál Ó Scanaill, Seamus Ó Súilleabháin agus an Dr Pádraig Whelan.

Mhínigh ball den Choiste Dúlra agus Dúchas, Rosaí Ní Chárthaigh go bhfuil an grúpa “ag féachaint ar thograí chun an timpeallacht i mBaile Mhúirne agus sa cheantar máguaird a fhorbairt agus a chosaint”.

Le daonra na mbeach agus na bpailneoirí eile faoi bhagairt ó chúinsí éagsúla, lena n-áirítear ceimicí, galar, agus easpa gnáthóg, tá súil ag an ngrúpa ról a bheith acu i bhfeabhsú na timpeallachta áitiúla le haghaidh speiceas pailnithe.

“An sprioc atá againn ná Baile Mhúirne a fhorbairt mar an timpeallacht is oiriúnaí do phailneoirí in Éirinn,” a dúirt Rosaí.

Tá sé i gceist ag an ngrúpa, a bhfuil sé ar intinn acu roinnt slite fiadhúlra a fhorbairt go háitiúil, dul i muinín an phobail níos leithne, agus feirmeoirí ach go háirithe, chun plandáil fásra oiriúnach do phailneoirí a spreagadh.

“Táimid ag súil go mbeidh plandaí á gcur ag daoine do na pailneoirí,” a dúirt Rosaí.

As Dúlra agus Dúchas Bhaile Mhúirne a d’eascair an smaoineamh do Chumann Bheachairí Mhúscraí, agus tá spéis ag an ngrúpa an pobal i gcoitinne a mhealladh le bheith páirteach, fiú mura mhothaíonn siad ullamh le bheith ina mbeachairí iad féin go fóill.

“Is féidir leat bheith mar chuid den chumann fiú mura bhfuil beacha agat; ní gá ach go mbeadh plandaí á gcur agat atá oiriúnach do phailneoirí,” a dúirt Rosaí.

Tá sé ar intinn ag an grúpa chomh maith beachlann bheag a bhunú, le dhá choirceog á gcur ar fáil chun deis a thabhairt do dhaoine taithí phraiticiúil a fháil, agus chun críocha oideachasúla na scoileanna áitiúla.

Reáchtáltar na léachtaí beachadóireachta i Scoil Náisiúnta Chúil Aodha agus tá tuilleadh eolais ar fáil ina leith ó 087 668 8209.

More in this section

My Weekend: ‘Friday evenings are for family’ My Weekend: ‘Friday evenings are for family’
Trip down memory lane: Book recalls the heritage of Gortroe Trip down memory lane: Book recalls the heritage of Gortroe
Service with a smile: 100 years of Clonakilty Post Office Service with a smile: 100 years of Clonakilty Post Office

Sponsored Content

Dell Technologies Forum to empower Irish organisations harness AI innovation this September Dell Technologies Forum to empower Irish organisations harness AI innovation this September
The New Levl Fitness Studio - Now open at Douglas Court The New Levl Fitness Studio - Now open at Douglas Court
World-class fertility care is available in Cork at the Sims IVF World-class fertility care is available in Cork at the Sims IVF
Contact Us Cookie Policy Privacy Policy Terms and Conditions

© Examiner Echo Group Limited

Add Echolive.ie to your home screen - easy access to Cork news, views, sport and more