Scéalta Chorcaí: Oíche cheiliúrtha chun buíochas a ghabháil leo san a bheathaionn Múscraí

Scéalta Chorcaí: Oíche cheiliúrtha chun buíochas a ghabháil leo san a bheathaionn Múscraí

Tá obair thábhachtach ar bun ag an Scéim Soisíalta Tuaithe i Múscraí.  Seo roinnt den mheitheal a d'fhreastail ar an ócáid ag an deireadh seachtaine.

Bhí ceiliúradh ana shásúil sa Mhuileann i mBaile Mhúirne ag an deireadh seachtaine nuair a bhailigh slua ann le h-aghaidh béile agus cibeal.

Dea smaoineamh Chomharchumann Forbartha Mhúscraí a raibh ann agus an eagras pobail ag iarraidh aitheantas a thabhairt do agus buíochas a ghabháil le na h-oibrithe sa dhá ionad lae áitiúil, d’oibrithe ós sna scéimeanna sóisialta tuaithe agus do bhaill ar choistí éagsúla a bhíonn ag tacú leis na fiontair éagsúla a bhíonn ar bun ag an Comharchumann.

Ullmhaíonn na h-oibrithe ag an Ionad Lae i mBaile Mhúirne agus Cuan Barra i mBéal Áthán Ghaorthaidh na céadta béilí gach seachtain agus bíonn siad á ndáileadh ar fud na Gaeltachta.

Bail de na coistí forbartha éagsúla a bhíonn ag obair ar son an phobail sna sráid bhailte éagsúla.
Bail de na coistí forbartha éagsúla a bhíonn ag obair ar son an phobail sna sráid bhailte éagsúla.

Tá obair thábhachtach ar bun ag na scéimeanna sóisialta tuaithe sa thrí pharóiste agus anuas ar sin tá an meitheal orgánach is an meitheal turasóireachta ag déanamh sár obair freisin.

Thosnaigh an Meitheal Orgánach ar thogra chun uaineoil orgánach atá á thógaint i Múscraí a dháileadh ar bhialanna is siopaí sa cheantar agus níos faide i gcéin is tá ag éirí go h-iontach leo.

Tá an obair ar siúl freisin ag an Meitheal Turasóireachta agus oifigeach nua fostaithe le déanaí chun bheith ag mealladh na sluaite chun na Gaeltachta anseo i gCorcaigh.

Oibrithe ón Ionad Lae i mBaile Mhúirne agus Cuan Barra i mBéal Átha'n Ghaorthaidh a d'fhreastail ar an ocáid sa Mhuileann.  Ullmhaíonn siad na céadta béilí gach seachtain le dáileadh ar aosaigh agus daoine eile sa cheantar. Griangrafanna: Mairéad Ní Thuama
Oibrithe ón Ionad Lae i mBaile Mhúirne agus Cuan Barra i mBéal Átha'n Ghaorthaidh a d'fhreastail ar an ocáid sa Mhuileann.  Ullmhaíonn siad na céadta béilí gach seachtain le dáileadh ar aosaigh agus daoine eile sa cheantar. Griangrafanna: Mairéad Ní Thuama

D’itheadh béile gleoite, canadh amhráin, bronnadh duaiseanna agus bhí féirín, deoch Kom Barra ata á ghrúdú i mBéal Áthá’n Ghaorthaidh.

Tá obair riachtanach ar bun freisin ag an Meitheal Pleanála Teanga agus iad ag obair leis an Oifigeach Pleanála Teanga, Eibhlín Ní Lionáird, ag spreagadh agus ag cothrú na Gaeilge ar fuaid Mhúscraí.

Maith sibh go léir.

Tá buíochas an phobail tuillte agaibh.

Bua mór don nGaeltacht i bPáirc an Chrócaigh

Bhí lár ag An Ghaeltacht i bPáirc an Chrócaigh ag an deireadh seachtaine agus cé gur cumann Ciarraíoch é An Ghaeltacht, cónaidhm de sheacht pharóiste in iarthar Dhuibhneach, is cuid de Gaeltacht amháin sinn go léir.

Dhá uair roimhe seo, chuaigh An Ghaeltacht go dtí Páirc an Chrócaigh chun imirt I gCluiche Ceannais na hÉireann agus buadh orthu ach, ar an Domhnach, bhí bua ceannasach acu i gcluiche ceannais Craobh Idirmheánach na hÉireann nuair a bhuaigh siad ar Ghleann an Iolair ó Dhoire chun an corn a thabhairt leo abhaile faoi dheireadh thiar.

Agus, mar a dúirt mé thuas, is cuid sinn den nGaeltacht amháin agus mar sin, nuair a bhuann Gaeltacht Chiarraí Craobh na hÉireann, buaimid go léir.

Go deimhin bhí beirt le ceangal láidir le Gort Uí Rathaille i Múscraí ag imirt do An Ghaeltacht, Cathal agus Éanna Ó Beaglaoich. Is í Mairéad Ní Shuibhne a máthar.

Aodán Breathnach of An Ghaeltacht and his son Macdara celebrate after An Ghaeltacht won the
Aodán Breathnach of An Ghaeltacht and his son Macdara celebrate after An Ghaeltacht won the

Thug foireann Chiarraí thiar ana thaispeántas leo ag ceanncheathrú Chumann Lúthchleas Gael agus bhíodar go maith chun tosaigh ar a gcéilí comhraic don gcluiche ar fad cé gur léirigh na hUltaigh roinnt teacht aniar sa dara leath.

Ní ró fhada ó shin ó bhí Cill na Martra i bPáirc an Chrócaigh agus foireann Mhúscraí ag imirt sa chluiche ceannais uile Éireann ag an grád idirmheánach. Níor éirigh le foireann Mhúscraí ar an lá ach tá siad ag imirt leo go rathúil i gcraobh sinsir Chorcaí. B’fhéidir go mbeidh siad ar ais lá geal éigean sa todhchaí.

Is fiú a thabhairt chun cuimhne, áfach, go bhfuil sé pharóiste san áireamh ag An Ghaeltacht - Fionn Trá, Dún Chaoin, Paróiste an Fheirtéaraigh, Paróiste Múrach, Paróiste Mhárthain agus Paróiste na Cille.

Anois tá Craobh Idirmheánach na hÉireann bainte amach acu agus tá boinn Uile Éireann ag breis is leath chéad ón gcumann mar gur imir siad le Ciarraí.

Samhlaigh chomh láidir is a bheadh foireann amháin faoi bhrat Mhúscraí ina mbeadh imreoirí ó thrí pharóiste, Baile Mhúirne, Cill na Martra agus Béal Áthán Ghaorthaidh, ag imirt i gCraobh Sinsir Chorcaí, mar a imríonn foirne ó Dhúiche Ealla, Cairbre, Uídh Mochoille? Leanfadh na cumainn a bheadh ionadaíocht orthu san fhoireann i gcomórtais eile.

An fiú meabhrú air mar thuairim?

more #Cork - News articles

Ger Nash at the full time whistle 9/11/2025 Former Cork City manager Ger Nash remanded on bail after drink driving charge
Relief as missing cat found alive inside wall of Cork city house Relief as missing cat found alive inside wall of Cork city house
Schools' jersey day to support fundraiser for Cork teen Schools' jersey day to support fundraiser for Cork teen

More in this section

Video clip of Cork man teaching US rapper Snoop Dogg Chinese goes viral  Video clip of Cork man teaching US rapper Snoop Dogg Chinese goes viral 
Plans for Cork prison extension on site of former jail still 'at a very early stage' Plans for Cork prison extension on site of former jail still 'at a very early stage'
Cork parents fear future for adults with intellectual disabilities Cork parents fear future for adults with intellectual disabilities

Sponsored Content

The power of the G licence The power of the G licence
Happy couple receiving new house keys from real estate agent Time to get to grips with changes in rental laws
Boatbuilder turned engineer proves alternative paths can lead to success Boatbuilder turned engineer proves alternative paths can lead to success
Contact Us Cookie Policy Privacy Policy Terms and Conditions

© Examiner Echo Group Limited

Add Echolive.ie to your home screen - easy access to Cork news, views, sport and more