SCÉALTA CHORCAÍ: Fógraí fánacha agus scéalta eile

Ceoltóirí Chualann agus scéal a mbunaithe, Naomh Gobnait agus a ceol dráma agus laethannta geala an Aire ar Chléire
SCÉALTA CHORCAÍ: Fógraí fánacha agus scéalta eile

Seán Ó Riada agus Ceoltóirí Chualann. Griangraf ó Mercier Press 

Leabhar Uí Riada le seoladh go ceolmhar ar Shráid an Chapaill Bhuí

IS É Martin Hayes, an cheoltóir iomráiteach ó Chontae an Chláir, agus cara móra an údair, a sheolfaidh leabhar nua Pheadair Uí Riada - Ceoltóirí Chualann - the band that changed the course of Irish Music - i Leabharlann na Cathrach ar Shráid an Chapaill Bhuí Dé hAoine.

Is ceoltóir réabhlóideach Martin gan aon amhras a sheineann le The Gloaming agus a sheineann le Peadar agus Caoimhín Ó Raghallaigh sa bhanna, Triúr, a sheol roinnt ceirníní den scoth de cheol an Riadaigh roinnt blianta siar.

Agus is é an duine cuí chun an leabhar seo faoin mbanna ceoil traidisiúnta a tháinig roimh The Bothy Band, Altan, Lankum agus go leor eile a deirtear gur athraigh siad cúrsa an cheoil traidisiúnta.

Ní bhainfear tada ó bhanna ceoil ar bith má deirtear ós ard gurb iad Ceoltóirí Chualann a tháinig rompu ar fad.

Ós rud é go bhfuil 400 cóiriú ceoil agus ar a laghad beirt ceoltóir den scoth chun a bheith ag an Leabharlann Dé hAoine ag 6.30in, chuirfeadh sé iontas an domhan ar an dtuairisceoir seo mura mbristear an riail faoi thost sa leabharlann agus go gcloisfear ceol ann ar an Aoine!

Gobnait - an ceoldráma chughainn

Baill de chliar an Tuairín Dubh in éineacht le Seán Óg Ó Duinnín, duine de na leiritheoirí ar an gceoldráma rathúil agus a bheidh ar an stiúr arís le h-aghaid 'Gobnait'.
Baill de chliar an Tuairín Dubh in éineacht le Seán Óg Ó Duinnín, duine de na leiritheoirí ar an gceoldráma rathúil agus a bheidh ar an stiúr arís le h-aghaid 'Gobnait'.

TÁ an fear a thug ‘Tuairín Dubh’, ceoldráma spreagúil timpeall ar na h-eachtraí a tharla nuair a maraíodh fear óg ó Óglaigh na hÉireann - an sean dream - le linn Cogadh na Saoirse breis is 100 bliain ó shin, i mbun oibre arís agus saothar nua óna pheann le cuir ar ardán.

An uair seo beidh Seán Óg Ó Duinnín, príomhoide Scoil Mhuire i mBéal Átha’n Ghaorthaidh agus fear ildánach, ag ínsint an scéal faoi Ghobnait ársa Bhaile Mhúirne, naomh phatrún ár bparóiste.

Ar ndóigh tá scéal iontach ag Gobnait, an bean a d’fhag a teaghlach saibhir mar thoradh ar aisling a chonaic sí de naoi gcinn d’fhianna bána. Tháinig sí go Baile Mhúirne mar a chonaic sí na fianna sin ag luí cois abhainn maidin druchtach.

Chuir sí ruaig ar phlaig is anachain agus lena bolla aosta chuir sí ár namhaid chun fáin….sin roinnt línte ón dán omóisa scrígh Siobhán Ní Cheallaigh agus a chuir Peadar Ó Riada ceol leis.

Beidh sin, agus beidh tuilleadh dá réir, sa saothar nua ardáin a bheidh le feiscint den chéad uair I mBéal Átha’n Ghaorthaidh le teacht an Earraigh an bhliain seo chughainn.

Beidh a thuilleadh eolais faoi sna seachtainí romhainn.

Laethannta órga an Aire nua ar Oileán Cléire

Thomas Byrne, Aire Stáit nua na Gaeltachta
Thomas Byrne, Aire Stáit nua na Gaeltachta

Agus é ag freastal ar a chéad babhta Ceisteanna Dála i dTeach Laighean an tseachtain seo cháite, thug Aire Stáit nua na Gaeltachta a laethannta ar Oileán Cléire chun cuimhne.

Is ar na cúrsaí Samhraidh ar an oilean a d’fhreastail Thomas Byrne agus é ina dhéagóir ó Chontae na Mí agus is dócha go bhfuil dea chuimhní aige ón dtréimhse sin.

Nara fada go raibh sé ar ais ar Chléire agus i nGaeltacht Mhúscraí.

Fáilte roimh scéalta, griangrafanna agus fógraí

Tá plean speisíalta agam le h-aghaidh an leathnach seo an seachtain seo chughainn ach ba mhaith liom sibh a chuir ar an airdeall go mbeidh gnó mar is gnath ag filleadh an tseachtain ina dhiaidh sin - sin eagrán Aibreán 30.

Mar sin, más libh scéalta nó pictiúirí bheith ar an leathnach seo an tseachtain sin, bíodh siad istigh roimh Dé Máirt seo chughainn, Aibreán 23. Beidh fáilte roimh gach ábhar….

More in this section

Volkswagen issues EV vehicle recall over battery issues 'which could lead to fire' Volkswagen issues EV vehicle recall over battery issues 'which could lead to fire'
judgement of judge about legislation, authority, crime, government, justice, punishment, verdict at court decision by gavel. ham Shirtless man on Patrick Street warned passers-by he would 'f*** them up'
EPA carried out 50 inspections at creamery in North Cork last year EPA carried out 50 inspections at creamery in North Cork last year

Sponsored Content

Where tech meets care: At the forefront of IVF Where tech meets care: At the forefront of IVF
10 minutes with Shannon O’Sullivan of Corlann 10 minutes with Shannon O’Sullivan of Corlann
10 minutes with Jason Cooke of Cheshire Ireland 10 minutes with Jason Cooke of Cheshire Ireland
Contact Us Cookie Policy Privacy Policy Terms and Conditions

© Examiner Echo Group Limited

Add Echolive.ie to your home screen - easy access to Cork news, views, sport and more