portal_normal EE STRUCTURE orgcat: /PUBLICATIONS/EE-ECHO/LIFE

portal_normal PUBLICATION STRUCTURE cat: /publications/ee-echo/life

portal_normal CATEGORY STRUCTURE category: /PUBLICATIONS/EE-ECHO/LIFE

portal_normal STRUCTURE section: life

portal_normal getURLCurrent: /web/eveningecho/life/detailedstory?p_p_id=DetailedStory_WAR_portalsuite&p_p_lifecycle=0&_DetailedStory_WAR_portalsuite_arg_detailstory_uuid=06f2320b-e776-419e-8d87-8d9bff5d0a9e

portal_normal getPortalURL getURLCurrent: http://www.echolive.ie./web/eveningecho/life/detailedstory?p_p_id=DetailedStory_WAR_portalsuite&p_p_lifecycle=0&_DetailedStory_WAR_portalsuite_arg_detailstory_uuid=06f2320b-e776-419e-8d87-8d9bff5d0a9e

portal_normal getPortalURL: http://www.echolive.ie

portal_normal domain: http://www.echolive.ie

STRUCTURE EE_062016_general_layout.tpl - url: /life/O-Riordain-duine-de-shmaointeoiri-is-tabhachtai-na-linne-seo-06f2320b-e776-419e-8d87-8d9bff5d0a9e-ds

STRUCTURE EE_062016_general_layout.tpl - section: life

STRUCTURE EE_062016_general_layout.tpl - orgcat: orgcat = /PUBLICATIONS/EE-ECHO/LIFE

Cork Lives
Ag Comóradh an Ríordánaigh 2016 bhí an Dr Tadhg Ó Dúshlaine, an Dr Pádraigín Riggs, Bríd Cranitch, Liam Ó Muirthile, an Dr Tríona Ní Shíochain, agus an Dr Ríona Ní Churtáin. Grianghrafadóir: Denis Minihane 
Ag Comóradh an Ríordánaigh 2016 bhí an Dr Tadhg Ó Dúshlaine, an Dr Pádraigín Riggs, Bríd Cranitch, Liam Ó Muirthile, an Dr Tríona Ní Shíochain, agus an Dr Ríona Ní Churtáin. Grianghrafadóir: Denis Minihane 
SOCIAL BOOKMARKS

Ó Ríordáin ‘duine de shmaointeoirí is tábhachtaí na linne seo’

Bhí file Bhaile Mhúirne, Seán Ó Ríordáin “ar dhuine de shmaointeoirí is tábhachtaí na linne seo” a raibh a chuid fealsúnachtaí eisíocha ar chomhchéim lena leithéidí Jean-Paul Sartre agus Friedrich Nietzsche.

De réir a chomh-eagarthóir, tá cnuasach aistí a sheolfar i mBaile Mhúirne an Déardaoin beag seo ar an gcéad leabhar a fhéachann go domhain ar shuntasacht Uí Ríordáin mar shmaointeoir, agus d’fhéadfadh go gcabhródh sé chun cur le haitheantas idirnáisiúnta an scríbhneora Gaoluinne.

Deir léachtóir Choláiste na hOllscoile, Corcaigh an Dr Tríona Ní Shíocháin, a dhein eagarthóireacht ar an leabhar ‘Ní Insint Dán ach Bheith: Aistí ar Smaointeoireacht an Ríordánaigh’ i dteannta leis an Dr Ríona Ní Churtáin ó Ollscoil Luimnigh, nach bhfuil ach tús á chur anois le fairsinge oidhreacht Uí Ríordáin a thuiscint, 42 bliain tar éis a bháis.

Tá cáil nach féidir a shárú ar Ó Ríordáin, a bhfuil ‘Fill Arís’ agus ‘Cúl an Tí’ i measc a chuid saothar, mar fhile ina thír féin, a deir sí.

“Níl ceist ar bith ann gur é Seán Ó Ríordáin an file Gaoluinne is fearr ón 20ú haois,” a dhearbhaíonn an Dr Ní Shíocháin. “Níl sárú ar an aitheantas atá tugtha dó mar fhile i measc pobal labhartha na Gaoluinne agus i measc lucht léinn na Gaoluinne. Tá sé curtha in airde go hiomlán.” Thug an Ghaoluinn meon nó dearcadh eile don Ríordánach lasmuigh den méid a bhí ag scríbhneoirí ar mhór-roinn na hEorpa, ach d’fhéadfadh chomh maith go raibh sí ina factóir san easpa aitheantais idirnáisiúnta ar a chuid saothar.

“Ní bheadh an oiread céanna cáil air go hidirnáisiúnta agus is le gairid anuas atá a chuid saothar aistrithe ionas gur féidir le daoine iad a léamh i mBéarla,” a deir sí.

“Toisc gur cainteoir teanga mionlaigh ba ea é is smaointeoir thar a bheith tábhachtach é ar bhonn coincheapúil, ach níl sé chomh cáiliúil agus ar cheart dó a bheith ar fud an domhain. Tá súil againn leis an leabhar seo, ina n-aibhsítear a thábhacht mar shmaointeoir, go dtabharfar inspioráid do thuilleadh scoláireachtaí, agus b’fhéidir go mbeidh toradh idirnáisiúnta air, go bhféachfaidh daoine faoi dheireadh ar Sheán Ó Ríordáin sa tslí ina fhéachann siad ar a leithéidí Jean Paul Sartre agus Nietzsche.

“Tá Seán Ó Ríordáin ar dhuine de shmaointeoirí is tábhachtaí na linne seo agus ghabh a chuid filíochta agus próis tuiscint iontach ar an mbail nua-aimseartha,” a deir an Dr Ní Shíocháin. “Ach bhí sé sách difriúil ó shmaointeoirí eisíocha na mór-roinne, daoine cosúil le Sartre, toisc gur tháinig sé ó phobal thar a bheith difriúil. Ábhar iarchoilíneach ba ea é; cainteoir dúchais de theanga mionlaigh, agus chiallaigh sé sin go raibh meon nó dearcadh uathúil aige.

“Bhí a léargas ar an domhan sainmhínithe ag an taithí a bhí aige ar bheith i gcónaí idir eatarthu, gan é anseo ná ansiúd. Tá sé sin coitianta go maith i roinnt mhaith tíortha iarchoilíneacha, go bhfuil an bhraistint sin ann de thráma ollmhór ón am coilíneach a bhíodh, agus fiú tar éis an neamhspleáchais, tá an cuma ar an scéal nach féidir filleadh ar an slí ina rabhamar roimh ré.” Tá na scríbhneoirí aistí sa chnuasach tarraingthe ó na cainteoirí ag comhdháil 2016, ‘Comóradh an Ríordánaigh’, a bhí ar siúl i mBaile Mhúirne céad bliain óna bhreith. Ina measc tá Gearóid Denvir, Seán Ó Briain, Tadhg Ó Dúshláine, agus Máire Ní Annracháin, le filí Colm Breathnach, Dairena Ní Chinnéide, agus Caitríona Ní Chléirchín ag féachaint in aistí ar an tionchar a bhí ag Ó Ríordáin ar a gcuid saothar siúd.

Féachann beathaisnéisí an Ríordánaigh, Seán Ó Coileáin, ar chaidreamh casta an fhile le Baile Mhúirne, an sráidbhaile a d’fhág sé tar éis a cailleadh a athair, cainteoir dúchais Gaoluinne, de bharr galar na heitinne.

Chuir an eitinn isteach ar shaol Uí Ríordáin féin, agus bhí tionchar ollmhór ar a chuid smaointeoireachta ag an stiogma mar thoradh ar an ngalar agus an deighilt ó Ghaoluinn a óige.

“Bhí braistint ollmhór bheith idir eatarthu ina chuid dánta. Ní raibh a fhios aige riamh ar bhain a chuid fhilíochta le cultúr an Bhéarla nó cultúr na Gaoluinne – bhíodh teannas ann,” a deir an Dr Ní Shíocháin.

“Ach mar bhonn lena ghléas coincheapúil tá an chanúint agus na slite a labhraítear i nGaeltacht Chorcaí, agus tá a oidhreacht mar fhile Mhúscraíoch thar cuimse.” Mar dhuine a mhair ar an tairseach, bhí Ó Ríordáin i bhfad chun cinn ar a linne i measc smaointeoirí na hEorpa, a deir sí: “Tá lucht teoirice sóisialta tosaithe ag tabhairt míniú ar an mbail nua-aimseartha i dtéarmaí an rud ar a d’fhéadfaí tairseachúlacht bhuan a thabhairt air, nó a bheith i gcónaí suite idir eatarthu, ach bhí Seán Ó Ríordáin sna 1950aidí i mbun cumarsáide ar an méid a thosaigh lucht teoirice sóisialta ag trácht air sna 1990aidí.” Tá ‘Ní Insint Dán ach Bheith’ foilsithe ag An Sagart, ar fáil ar chostas €25, agus é tiomnaithe don file Liam Ó Muirthile, a raibh ar dhuine de na cainteoirí ag Comóradh an Ríordánaigh agus a d’imigh ar shlí na fírinne anuraidh.

Beidh an leabhar á sheoladh ar an Déardaoin, 21ú Feabhra ar a 7in in Ionad Cultúrtha an Dochtúir Ó Loingsigh, Baile Mhúirne, ag an Dr Seán Ua Súilleabháin ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh. I ndiaidh an tseoladh ar a 8in beidh ceolchoirm, ‘Oíche Mhór Cheoil’ á chur i láthair ag teagascóirí agus mic léinn ó roinn an cheoil i UCC. Ina measc beidh an ceoltóir cónaitheach traidisiúnta Jack Talty, Mary Mitchell- Ingoldsby, Tríona Ní Shíocháin, Bobby Gardiner, Conal Ó Gráda, Niall Vallely, Oisín Morrison, teagascóir rince seit nuacheaptha na hollscoile John (the Lepper) Lynch, agus beirt bhuaiteoirí Oireachtas na Gaeilge, amhránaí Máire Ní Chéileachair agus rinceoir sean-nóis agus mac léinn Nada Ní Chuirrín. Ticéid: 026 45733.