portal_normal EE STRUCTURE orgcat: /PUBLICATIONS/EE-ECHO/LIFE

portal_normal PUBLICATION STRUCTURE cat: /publications/ee-echo/life

portal_normal CATEGORY STRUCTURE category: /PUBLICATIONS/EE-ECHO/LIFE

portal_normal STRUCTURE section: life

portal_normal getURLCurrent: /web/eveningecho/life/detailedstory?p_p_id=DetailedStory_WAR_portalsuite&p_p_lifecycle=0&_DetailedStory_WAR_portalsuite_arg_detailstory_uuid=1d8233c0-06f6-4ed0-8d4b-9b200383f15d

portal_normal getPortalURL getURLCurrent: http://www.echolive.ie./web/eveningecho/life/detailedstory?p_p_id=DetailedStory_WAR_portalsuite&p_p_lifecycle=0&_DetailedStory_WAR_portalsuite_arg_detailstory_uuid=1d8233c0-06f6-4ed0-8d4b-9b200383f15d

portal_normal getPortalURL: http://www.echolive.ie

portal_normal domain: http://www.echolive.ie

STRUCTURE EE_062016_general_layout.tpl - url: /life/Iarracht-iar-dhaltai-a-aimsiu-le-haghaidh-teacht-le-cheile-Cholaiste-Iosagain-1d8233c0-06f6-4ed0-8d4b-9b200383f15d-ds

STRUCTURE EE_062016_general_layout.tpl - section: life

STRUCTURE EE_062016_general_layout.tpl - orgcat: orgcat = /PUBLICATIONS/EE-ECHO/LIFE

Cork Lives
SOCIAL BOOKMARKS

Iarracht iar-dhaltaí a aimsiú le haghaidh teacht le chéile Choláiste Íosagáin

NÍL dabht ach go mbeidh trácht ar chuimhní peile, bia agus cairdeas saoil ag teacht le chéile na n-iar-dhaltaí ó scoil chónaithe Gaeilge níos déanaí i mbliana.

Foirgneamh ársa ó aimsir na 1930aidí ar an bpríomhbhóthar ó Chorcaigh go Cill Airne i mBaile Mhúirne, tá Coláiste Íosagáin a dhún sa bhliain 1989 agus atá suite díomhaoin le blianta fada in ainneoin go leor pleananna athghiniúna a thit le fána ceann ar cheann. Ach le linn tréimhse na mbráithre De La Salle choimeádtaí daltaí ann ó cheann ceann na tíre, ó Chiarraí go Dún na nGall, mar aon le daltaí lae áitiúla chomh maith.

Anois, tá cuid de na hiar-dhaltaí sin sa tóir ar a gcuid comhaltaí ranga sula reáchtáiltear teacht le chéile atá beartaithe do mhí Dheireadh Fómhair na bliana seo.

Reáchtáladh dhá theacht le chéile de dhaltaí a d’fhreastail ar an scoil sna 1960aidí déanacha le blianta beaga anuas, le daoine ag taisteal ó Shasana agus ó gCeanada le bheith i láthair ann, ach tá sé ceaptha go mheallfaidh teacht le chéile na bliana seo i gCill Airne níos mó daoine fós le cuireadh á thabhairt do gach rang ó na blianta roimh 1971.

Cosúil le go leor scoileanna dá leithéid le linn na hama úd, leagtaí síos disciplín dian i gColáiste Íosagáin, ach anuas air sin soláthraíodh ardchaighdeán oideachais ann, de réir an méid a bhí le rá ag duine de lucht eagraithe an teacht le chéile agus iar-Chomhairleoir Contae Chiarraí Seán Ó Conchúir.

Chomh tábhachtach céanna, bhíodh neart bia i gcónaí le fáil ag dhaltaí cónaithe na scoile, ar feadh formhór a laethanta scoile ar aon chuma, a dúirt sé. “Bheifeá sa leaba breá luath gach oíche ar a 9:30 agus éirithe faoina seacht gach maidin, ach bhíodh an bia go maith. Bhíodh roinnt daoine ag gearán faoin mbia cinnte, ach bhí an áit i bhfad chun tosaigh ar scoileanna eile. Bhíodh neart aráin agus tae ar fáil i gcónaí agus dinnéar maith chomh maith.” Cuimhníonn sé siar go ceanúil ar an mbéile seachtainiúil a mbainfeadh na buachaillí, agus iad ag suí ag boird deichniúr, an-taitneamh as i seomra bia an choláiste.

“Bhíodh sceallóga prátaí agus ispíní againn gach Céadaoin agus bhíodh córas iomlán ann, rud ar a nglaoití an rogha, agus bhíodh an rogha agat inniu, ansan bhíodh an chéad rogha ag an leaid taobh leat an lá dar gcionn, agus théadh sé ar fad timpeall arís.

“Rud mór ba ea na sceallóga ag an am sin agus bhíodh bord ar leith agus oíche Chéadaoin amháin bheadh cúigear ar thaobh amháin den bhord, agus an Chéadaoin dar gcionn bheadh an cúigear eile, agus na buachaillí ar thaobh amháin, d’íosfaidís an rud ar fad agus ní thabharfaidís ach b’fhéidir 10 sceallóga don taobh eile.

“Bhíodh córas níos cothromaí againn ag ár mbord áit ina mbeadh an cúram ar pé duine a raibh an bata acu an bia a roinnt amach agus an rogha a thabhairt don taobh eile – bhíodh ganntanas agus flúirse,” a deir sé.

Ó Chill Orglan, Co Chiarraí, ní raibh Gaeilge ó dhúchas ag Seán agus é ag fás aníos, ach de sé gur de bharr a chuid oideachais i mBaile Mhúirne go bhfuil an oiread sin cion aige ar an teanga. “Ní labhraítí riamh aon Ghaeilge sa tigh againn, ach tá sí agam,” a deir sé.  Tar éis a dhún Coláiste Íosagáin, a bhfuil an tráchtaire spóirt Mícheál Ó Muircheartaigh, amhránaí Seán Ó Sé, iar-pheileadóir Chiarraí Mickey Ned O’Sullivan, agus iar-Aire Gaeltachta Dinny McGinley i measc na n-iardhaltaí, úsáideadh an scoil mar an láthair le haghaidh scannán na bliana 2003 ‘Song for a Raggy Boy’.

I measc na mbuachaillí áitiúla a d’fhreastail ar an scoil is cuimhin le Seán go raibh Seán Ó Muimhneacháin agus Jerry O’Connell ó Chill na Martra, Risteard Ó Lionáird, Seán Ó Liatháin, agus gan dabht Diarmuid Ó Súilleabháin ó Chúil Aodha atá imithe ar shlí na fírinne.

“Bhíodh slua buachaillí lae ann - Jerry ‘Free’ Ó Loingsigh, muintir Scanaill, muintir Chárthaigh, Dónal Ó hIarlaithe....” leanann sé air.

“Bhís breá sásta ann. Ach an t-aon rud mar gheall air – mhothaíomar ar fad go mbíodh níos mó báistí ann ná in aon áit eile in Éirinn!

 “Bhí múinteoir thar a bheith suntasach ann – ba cheart go mbeadh sé ag múineadh in ollscoil – Barney Flanagan, agus bhíodh siopa aige trasna ón Muileann. Shíl sé siúd mar gheall ar na crainn mórthimpeall [an choláiste] agus na coillte ann, gur mheall an áit an bháisteach.” Thóg an Stát an foirgneamh in dhá chéim, sa bhliain 1933 agus 1939, agus d’úsáidtí é mar choláiste ullmhúcháin do mhúinteoirí. Ghnóthaigh ord De La Salle an foirgneamh sna 1960aidí sular cheannaigh Údarás na Gaeltachta é sa bhliain 1998.

Níor tháinig aon rud as na pleananna éagsúla chun é a athchóiriú mar lárionad oideachais Gaeilge agus lárionad oiliúna le haghaidh oibrithe idirnáisiúnta agus cuireadh an foirgneamh ar an margadh athuair sa bhliain 2013, tar éis a díoladh cuid den talamh le Cumann Peile Naomh Abán agus codanna eile forbartha le haghaidh úsáid tráchtála.

 “Is mór an trua go bhfuil sé [an firgneamh] fós ann, agus nach bhfuil sé oscailte,” a deir Seán. “Féachann sé chomh maorga agus chomh iontach.” Mar sin féin baineann an teacht le chéile níos mó leis na daltaí a d’fhreastal ar an gcoláiste ná ábhar tógála an fhoirgnimh.

“Ní bhaineann sé leis an scoil féin. Baineann sé leis na daoine – bhíomar ar fad mar dheartháireacha, clann mór amháin,” a deir Seán.

 “Thaitin an pheil go mór liom, thaitin an Ghaoluinn liom chomh maith, agus b’fhéidir gur tugadh batráil dom anois is arís, ach bhíos breá ábalta dó. Bhí an-chion agam ar an áit, thaitin an chomrádaíocht agus an cairdeas ar fad go mór liom.” Tá súil aige filleadh ar an gcairdeas sin ag an teacht le chéile a bheidh ar siúl in Óstán Scotts, Cill Airne, ar an 14ú agus 15ú Deireadh Fómhair. Más spéis le haon iar-dhaltaí ó ranganna roimh 1971 freastal ar an ócáid ba cheart dóibh dul i dteagmháil le [email protected][email protected]